I
Ní raiḃ Bairbre ró-ṡlaċtṁar an lá a b’ḟearr a ḃí sí. D’adṁóċaḋ éinne an méid sin. An ċéad ċás de, ḃí sí geam-ċaoċ. Déarfá, le breaṫnuġaḋ uirṫi, go raiḃ sí ar leaṫ-ṡúil. Níor ġéill Bríġidín riaṁ go raiḃ, áṁṫaċ. Uair aṁáin dá nduḃairt cailín beag eile, le corp uilc ar an mbeirt aca, naċ raiḃ ag Bairbre aċt ‘leaṫ-ṡúilín caoċ ar nós cuit an táilliúra,’ duḃairt Bríġidín go feargaċ go raiḃ a ḋá súil ag Bairbre ċoṁ maiṫ le duine, aċt gurab aṁlaiḋ ḃíoḋ leaṫ-ṡúil dúnta aici, mar go mbaḋ leor léiṫi an t-aon ċeann (bíoḋ is go mba ceann caoċ í) le haġaiḋ a cuid gnóṫa a ḋéanaṁ. Bíoḋ sin mar atá, ní féidir a ċeilt go raiḃ plaitín innti; agus fágaim lem’ ais naċ deas an rud plaitín i n-óg-ṁnaoi. Rud eile, ḃí sí ina balḃán; nó baḋ cirte ḋom a ráḋ nár laḃair sí le héinne riaṁ aċt le Bríġidín aṁáin. Má b’ḟíor do Ḃríġidín, ḃí teanga ḃlasta Ġaeḋilge aici agus ḃí a cuid smaointe ar áilneaċt an doṁain. Ní go maiṫ ḃí sí i n-ann siuḃal, ṫar é ḃí sí ar leaṫ-ċois agus ḃí an leaṫ-ċos sin féin briste. Ḃí ḋá ċois aici tráṫ, aċt d’iṫ an gaḋar ceann aca, agus briseaḋ an ceann eile san áit ar ṫuit sí de ḃarr an drisiúir.
Aċt cia hí Bairbre, arsa tusa, nó cia hí Bríġidín? ’Sí Bríġidín an ġirrseaċ ḃeag nó, mar adéarfaḋ sí féin, an gasúirín beag mná, atá ina coṁnaiḋe sa teaċ is goire do ṫeaċ an ṁáiġistir,―ar ṫaoiḃ na ciotóige ar ndóiġ, ag dul soir an bóṫar ḋuit. Is cosṁail go n-aiṫniġeann tú anois í? Muna n-aiṫniġir, níl neart agam-sa ort. Níor ċualas riaṁ cia ḋár ḋíoḃ í, agus duḃairt sí féin liom naċ ḃfuil d’ainm ar a haṫair aċt ‘Ḋeaide.’ Maidir le Bairbre,―seaḋ, tá sé ċoṁ maiṫ agam eaċtra agus imṫeaċta Ḃairbre innseaċt duit ṫríd síos.
EAĊTRA ḂAIRBRE ANNSO
Lá dár éiriġ máṫair Ḃríġidín, ṫug sí a mbricfasta do Ḃríġidín agus dá haṫair, do’n ġaḋar, do’n ċuitín, do na gaṁnaiḃ, do na cearcaiḃ, do na géaḋaíḃ, do na laċain, agus do’n spideoigín a ṫagaḋ do dtí an doras am bricfasta gaċ uile ṁaidin. Nuair a ḃí an méid sin déanta aici d’iṫ sí a bricfasta féin. Annsin ṫosuiġ sí ’gá gléasaḋ féin le haġaiḋ an ḃóṫair.
Ḃí Bríġidín ina suiḋe ar a stóilín féin gan smid aisti, aċt í ag cur na súl trí n-a máṫair. Sa deireaḋ ṫiar ṫall laḃairt sí:―
‘Ḃfuil Mama ag imṫeaċt ó Ḃríġidín?’
‘Níl, a stóir. Tiocfaiḋ Mama arís tráṫnóna. Tá sí ag dul go Gailliṁ.’
‘Ḃfuil Bríġidín ag dul ann freisin?’
‘Níl, a ċuid. Tá an bealaċ ró-ḟada agus ḃeaḋ mo ċailín beag tuirseaċ. Fanfaiḋ sí sa mbaile ag déanaṁ spraoiḋ di féin, mar a ḋéanfaḋ cailín maiṫ. Naċ ḃfanfaiḋ?’
‘Fanfaiḋ.’
‘Ní raċaiḋ sí amaċ ar an tsráid?’
‘Ní raċaiḋ.’
‘Tiocfaiḋ Ḋeaide isteaċ am dinnéir agus béiḋ béile agaiḃ le ċeile. Taḃair póg do Ṁama anois.’
Tugaḋ an ṗóg agus ḃí an ṁáṫair ag imṫeaċt. Ṗreab Bríġidín ina seasaṁ.
‘A Ṁama!’
‘Céard é héin, a rúin?’
‘Naċ dtiuḃraiḋ tú féirín a ḃaile ċuig Bríġidín?’
‘Tiuḃrad, a ċuid. Féirín deas.’
D’imṫiġ an ṁáṫair agus d’ḟan Bríġidín go sásta sa mbaile. Ṡuiḋ sí fúiṫi ar a stóilín. Ḃí an gaḋar ina lúib os coṁair na teineaḋ agus é ag srannaḋ. Ḋúisiġ Bríġidín é agus ċuir cogar ina ċluais―
‘Tiuḃraiḋ Mama féirín a ḃaile ċuig Bríġidín?’
‘Ḃuf!’ ars’ an gaḋar agus ċuaiḋ a ċodlaḋ dó féin arís. Ḃí a ḟios ag Bríġidín gurḃ’ ionann ‘Ḃuf!’ agus ‘Maiṫ an sgéal!’
Ḃí an cuitín ina ṡuiḋe ar an teallaċ. Tóg Bríġidín ina ḋá láiṁ é, ċuimil a ċealltar dá leiceann, agus ċuir cogar ina ċluais―
‘Tiuḃraiḋ Mama féirín a ḃaile ċuig Bríġidín!’
‘Mí―aṁa!’ ars’ an cuitín. Ḃí a ḟios ag Bríġidín gurḃ’ ionann ‘Mí―aṁa!’ agus ‘Maiṫ an sgéal!’
Leag sí an cuitín uaiṫi agus d’imṫiġ ar fud an tiġe ag gaḃáil ḟuinn di féin. Rinne sí aṁrán beag mar leanas:―
‘A ġaḋairín ó ’s a ġaḋairín ó!
Codail go fóill go dtigiḋ mo Ṁama!
A ċuitín ó ’s a ċuitín ó!
Bí ag crónán go dtigiḋ sí a ḃaile!
A ġaḋairín ó ’s a ċuitín ó!
Ar an aonaċ ó! atá mo Ṁama,
Aċt tiocfaiḋ sí arís tráṫnóinín ó!
Is tiuḃraiḋ sí féirín léiṫi a ḃaile!’
Ṫug sí iarraċt fá’n aṁrán so a ṁúineaḋ do’n ġaḋar, aċt is mó an dúil a ḃí ag an ngaḋar i gcodlaḋ ’ná i gceol. Ṫug sí iarraċt fá n-a ṁúineaḋ do’n ċuitín, aċt ba ḃinne leis an gcuitín a ċrónán féin. Nuair ṫáinig a haṫair isteaċ fá ṁeaḋon lae ní ḋéanfaḋ tada cúis di aċt an t-aṁrán a ráḋ ḋó agus a ċur d’iallaċ air é ḟoġlaim de ġlan-ṁeaḃair.
D’ḟill an ṁáṫair a ḃaile roiṁ ṫráṫnóna. B’é an ċéad ḟocal aduḃairt Bríġidín―
‘Ar ṫug tú an féirín leat, a Ṁama?’
‘Ṫugas, a ċuisle.’
‘Céard a ṫug tú leat?’
‘Toṁais!’ Ḃí an ṁáṫair ina seasaṁ i lár an urláir. Ḃí a mála leagṫa ar an urlár aici agus a láṁa taoḃ ṫiar ḋi.
‘Sweets?’
‘Ní heaḋ!’
‘Cáca milis?’
‘Ní heaḋ, muis’! Tá cáca milis i mo ṁála agam aċt ní hé sin an féirín.’
‘Péire stocaí!’ Níor ċaiṫ Bríġidín bróga ná stocaí riaṁ agus b’ḟada ḋi ag tnúṫán leo.
‘Ní heaḋ, go deiṁin! Tá tú ró-óg le haġaiḋ stocaí go fóillín.’
‘Leaḃar urnaiġṫe!’ Ní gáḃaḋ ḋom a ráḋ naċ raiḃ Bríġidín i n-ann léiġeaḋ (ṫar é níor ċuir sí lá isteaċ ar sgoil ina saoġal), aċt ċeap sí go raiḃ. ‘Leaḃar urnaiġṫe!’ ar sise.
‘Ní heaḋ, ċor ar biṫ!’
‘Céard é héin, ’d eile?’
‘Breaṫnuiġ!’
Leaṫ an ṁáṫair a ḋá láiṁ, agus céard a noċtfaḋ sí aċt bábóigín! Bábóigín ḃeag áḋmaid a raiḃ plaitín innti, agus í geam-ċaoċ; aċt ḃí a ḋá gruaiḋ ċoṁ dearg le caor agus ḃí smigeaḋ gáire ar a béal. Éinne a mbeaḋ cion aige do ḃábógaiḃ, ṫiuḃraḋ sé gean agus gráḋ ḋi. Las súile Ḃríġidín le háṫas.
‘Óra, naċ deas í! Ara, a Ṁama, a ċroiḋe, cé ḃfuair tú í? Óra ó! Béiḋ páiste agam dem’ ċuid héin anois―páiste dem’ ċuid héinín héin! Béiḋ páiste ag Bríġdín!’
Rug sí ar an mbábóigín agus d’ḟáisg le n-a croiḋe í. Ṗóg sí a plaitín beag maol is a ḋá gruaiḋ ḋearga. Ṗóg sí a béilín is a sróinín ġeanncaċ. Annsin ċuiṁniġ sí uirṫi féin, ċroċ a ceann, agus ar sise le n-a máṫair―
‘Póċ!’ (mar sin adeireaḋ Bríġidín ‘póg’).
D’ísliġ an ṁáṫair nó gur ṗóg an cailín beag í. Annsin b’éigin di an ḃábóigín a ṗógaḋ. Ṫáinig an t-aṫair isteaċ ar an bpuinnte sin agus cuireaḋ fá ndeara dó-san an cleas céadna a ḋéanaṁ.
Ní raiḃ tada ag déanaṁ imniḋe do Ḃríġidín ar feaḋ an tráṫnóna sin aċt cia an t-ainm a ḃaistfeaḋ sí ar an mbábóig. Ṁol a máṫair ‘Malaí’ ḋi agus ċeap a haṫair go mbaḋ feileaṁnaċ an t-ainm ‘Peigí.’ Aċt ní raiḃ ceaċtar aca so sáṫaċ galánta, dar le Bríġidín.
‘Tuige ar tugaḋ “Bríġidín” orm-sa, a Ḋeaide?’ ar sise tar eis suipéir.
‘Duḃairt na sean-ṁná gur cosṁail led’ Oncail Pádraic ṫú, agus ó ṫarla nárḃ’ féidir ‘Pádraic’ a ḃaisteaḋ ort, baisteaḋ ‘Bríġid’ ort, mar b’ḟacṫar dúinn gurḃ’ é an rud ba ġoire ḋó é.’
‘Meas tú an cosṁail í seo (an ḃábóg) lem’ Oncail Pádraic, a Ḋeaide?’
‘Ó, ní cosṁail ċor ar biṫ. Tá t’Oncail Pádraic bán―agus creidim go ḃfuil féasóg anois air.’
‘Cia leis is cosṁail í, ’d eile?’
‘Muise, baḋ deacair a ráḋ, a ċailín ó!―baḋ deacair sin.’
Rinne Bríġidín maċtnaṁ ar feaḋ tamaill. Ḃí a haṫair ag baint a cuid éadaiġ ḋi os coṁair na teineaḋ ar feaḋ an ama so, mar ḃí sé i n-am aici ḃeiṫ ag dul a ċodlaḋ. Nuair a ḃí bainte ḋi a ċuaiḋ sí ar a glúiniḃ, ċuir a ḋá láiṁín le ċéile, agus ṫosuiġ uirṫi mar so:―
‘A Íosa Críosta, go mbeannuiġiḋ tú agus go sáḃálaiḋ tú sinn! A Íosa Críosta, go mbeannuiġiḋ tú Ḋeaide agus Mama agus Bríġidín, agus go gcuiriḋ tú slán sáḃáilte ó ṫubaiste agus ó anaċain na bliaḋna sinn, má’s é toil mo Ṡlánuiġṫeora é. A Ḋia, go mbeannuiġiḋ tú m’Oncail Pádraic, atá anois i ’Meiriocá, agus m’Aint Bairbre―.’ Stad sí go hobann agus ċuir gáir áṫais aisti.
‘Tá sé agam! Tá sé agam, a Ḋeaide!’ ar sise.
‘Céard tá agat, a ġráḋ? Fan go gcríoċnuiġiḋ tú do ċuid paidreaċa.’
‘M’Aint Bairbre! Is cosṁail lem’ Aint Bairbre í!’
‘Cia is cosṁail led’ Aint Bairbre?’
‘An ḃábóigín! Sin é an t-ainm a ṫiuḃras mé uirṫi! Bairbre!’
Leig an t-aṫair a ṡean-sgairt ġáire sul ar ċuiṁniġ sé naċ raiḃ na paidreaċa críoċnuiġṫe. Ní ḋearna Bríġidín gáire ar biṫ, aċt lean uirṫi mar so:―
‘Ó! a Ḋia! go mbeannuiġiḋ tú m’Oncail Pádraic, atá anois i ’Meiriocá, agus m’Aint Bairbre, agus’ (seo aguisín a ċuir sí féin leis) ‘agus go mbeannuiġiḋ tú mo Ḃairbre ḃeag héin agus go gcoingḃiġiḋ tú ó ṗeacaḋ marḃṫa í! Ámén, a Ṫiġearna!’
Sgairt an t-aṫair ag gáiriḋe arís. D’ḟéaċ Bríġidín air agus iongnaḋ uirṫi.
‘Sguab leat siar anois agus isteaċ in do leabaiḋ leat go beo!’ ar seisean ċoṁ luaṫ is d’ḟéad sé laḃairt le gáire. ‘Agus ná déan dearmad ar Ḃairbre!’ ar seisean.
‘Is beag an baoġal!’ Siar léiṫi sa seomra agus isteaċ sa leabaiḋ léiṫi de léim. Bí cinnte nár ḋearmaid sí Bairbre.
Ó’n oiḋċe sin amaċ ní raċaḋ Bríġidín a ċoḋlaḋ ar ór ná ar airgead gan Bairbre a ḃeiṫ sa leabaiḋ aici. Ní ṡuiḋfeaḋ sí ċum biaḋ a ċaiṫeaṁ gan Bairbre a ḃeiṫ ina suiḋe le n-a hais. Ní ġaḃfaḋ sí amaċ ag déanaṁ grinn di féin gan Bairbre a ḃeiṫ ina foċair. Doṁnaċ aṁáin a dtug a máṫair léiṫi ċuig an Aifreann í, ní raiḃ Bríġidín sásta gan Bairbre a ṫaḃairt ann freisin. Ní ṫagaḋ bean ċoṁursan isteaċ ag cuairtéireaċt naċ gcuirfiḋe Bairbre i n-aiṫne di. Lá dár ḃuail an sagart isteaċ ċuca d’iarr Bríġidín air a ḃeannaċt do Ḃríġidín féin. Ṡíl sise gur do’n ḃábóig a ṫug sé í, agus ḃí sí lán-tsásta.
Ṡocruiġ Bríġidín párlús beag deas do Ḃairbre ar ḃarr an drisiúir. Ċuala sí go raiḃ párlús ag a hAint Bairbre (i nUaċtar Árd a ḃí sise ina coṁnaiḋe) agus ċeap sí nár ṁór dá Bairbre-se párlús a ḃeiṫ aici ċoṁ maiṫ le duine. Ṫuit mo Ḃairbre ḃoċt de ḃarr an drisiúir lá, mar d’innsiġeas ċeana, agus briseaḋ leaṫ-ċos léiṫi. Is iomḋa timpiste ṫairis sin d’éiriġ di. Lá eile rug an gaḋar uirṫi agus ḃí ’gá stróiceaḋ ó ċéile do dtáinig máṫair Ḃríġidín do ċaḃair uirṫi. D’ḟan an leaṫ-ċos ṡlán ag an ngaḋar. Ṫuit sí isteaċ san aḃainn uair eile agus hóbair go mbáiṫfiḋe í. ’Sé aṫair Ḃríġidín a ṫáinig go ċongnaṁ uirṫi an turas so. Is beag nár báiṫeaḋ Bríġidín féin agus í a d’iarraiḋ í ṫárrṫáil ó ṗort go haḃann.
Má ḃí Bairbre gan a ḃeiṫ ró-ḋaṫaṁail an ċéad lá a dtáinig sí, luiġeann sé le nádúr naċ fearr an slaċt a ḃí uirṫi ṫar éis bliaḋain a ċur ḋi. Aċt ba ċuma le Bríġidín daṫaṁail nó mí-ḋaṫaṁail í. Ṫug sí gráḋ a croiḋe di ó’n gcéad nóiméad ar leag sí súil uirṫi, agus is ag méaduġaḋ a ḃí an gráḋ sin ó lá go lá. Naċ ag an mbeirt aca a ḃíoḋ an greann nuair a d’ḟágaḋ an ṁáṫair an teaċ fá n-a gcúram tráṫ a mbíoḋ sí ar cuairt tiġ ċoṁursan! Ḃíoḋ an t-urlár sguabṫa agus na plátaí niġte aca roimpi nuair a d’ḟilleaḋ sí. Agus naċ ar an máṫair a ḃíoḋ an t-iongnaḋ, mar ’ḋeaḋ!
‘An í Bríġidín a ġlan an t-urlár dá Mama?’ adeireaḋ sí.
‘Bríġidín agus Bairbre,’ adeireaḋ an cailín beag.
‘Muise, ní’ mé beo céard a ḋéanfainn muna mbeaḋ an ḃeirt agaiḃ!’ adeireaḋ an ṁáṫair. Agus naċ ar Ḃríġidín a ḃíoḋ an ríméad agus an bród!
Agus na laeṫeannta fada saṁraiḋ a ċuiridís ḋíoḃ ar ṫaoiḃ an ċnuic, i measg na raiṫniġe agus na mbláṫ!―Bríġidín ag bailiuġaḋ nóiníní is méiríní is bainne bó blioċtáin agus Bairbre ’gá gcoṁaireaṁ di (mar deireaḋ sí); Bríġidín ag síor-ċainnt agus ag innseaċt sgéalta naċ gcuala duine ná daonnaiḋe (ní áirṁiġim bábóigín) a leiṫéid riaṁ roiṁe ná ó ṡoin, agus Bairbre ag éisteaċt léiṫi;―caiṫfiḋ sé go mbíoḋ sí ag éisteaċt go haireaċ, mar ní ṫagaḋ focal as a béal.
’Sé mo ḃaraṁail naċ raiḃ gearrċaile i gConnacṫaiḃ ná, dá n-abróċainn é, san Roinn Eorpa, ba ṡásta ṡonasaiġe ’na Bríġidín na laeṫeannta úd; agus fágaim le huḋaċt naċ raiḃ bábóigín fá luiġe na gréine ba ṡásta ṡonasaiġe ’ná Bairbre.
Sin mar ḃí go dtáinig Niaṁ Ċinn Óir.
II
B’as Baile Áṫa Cliaṫ do Niaṁ Ċinn Óir. Bean uasal a ṫáinig do’n Ġort Ṁór ag foġlaim Gaeḋilge, ġeall sí roiṁ imṫeaċt di go gcuirfeaḋ sí seod éigin ċuig Bríġidín. Agus, ar ndóiġ, ċuir. Lá áṁáin, tuairim is seaċtṁain tar éis imṫeaċt di, ṡiuḃail Beartlí an Ṗosta isteaċ i lár na cisteanaiġe agus leag bosga mór ar an urlár.
‘Duit-se, a ḃean óg,’ ar seisean le Bríġidín.
‘Ara, céard tá ann, a Ḃeartlí?’
‘Cá ḃfios dom? Siḋeog, b’ḟéidir.’
‘Ó ḃó! Cé ḃfuair tú é?’
‘Ó ḟirín beag glas, a raiḃ féasóg ḟada ġorm air, caipín dearg ar a ṁullaċ, agus é ar marcaiḋeaċt ar ġiorrḟiaḋ.’
‘Óra, ’ḋeaide! Agus céard duḃairt sé leat, a Ḃeartlí?’
‘Ḋeaṁan ceo aduḃairt sé aċt “Taḃair é seo do Ḃríġidín, is mo ḃeannaċt,” agus as go bráṫaċ leis le sméideaḋ do ṡúl.’
Táim i n-aiṁreas nárḃ’ ḟíor do Ḃeartlí an tuairisg seo ar fad, aċt ċreid Bríġidín gaċ focal di. Ġlaoiḋ sí ar a máṫair, san áit a raiḃ sí istiġ sa seomra ag tógáil na háite tar éis an ḃricfasta.
‘A Ṁama, a Ṁama, bosga mór do Ḃríġidín! Firín beag glas a raiḃ féasóg ḟada ġorm air a ṫug do Ḃearltí an Ṗosta é!’
Ṫáinig an ṁáṫair amaċ agus ḃailiġ Beartlí leis.
‘A Ṁaimín, a Ṁaimín, osgail an bosga go tapaiḋ! Ceapann Beartlí go mb’ḟéidir gur siḋeog atá ann! Corruiġ leat, a Ṁaimín, nó cá ḃfios dúinn naċ múċfaiḋe istiġ sa mbosga í?’
Ġearr an ṁáṫair an téad. Ḃain sí an páipéar de’n ḃosga. Ṫóg sí an clár. Céard a ḃeaḋ ann, ina luiġe go deas cluṫṁar sa mbosga mar a ḃeaḋ páiste i gcliaḃán, aċt an ḃábóg is áilne ’s is gleoite dá ḃfaca súil riaṁ! Ḃí folt ór-ḃuiḋe uirṫi agus é ag tuitim ina ḃúċlaíḃ triopallaċa ṫar a bráġaid is ṫar a guailniḃ. Ḃí luisne an róis ina leiceann. ’Sí an tsaṁail ḃéarfainn dá béilín ḋá ċaor ċaorṫainn, agus ba geall le péarlaíḃ a déad. Ḃí a súile dúnta. Ḃí culaiḋ ġeal ṡíoda ag cuṁdaċ a cuirp, agus brat dearg sróil os a cionn sin amuiġ. Ḃí muinċe maṁraċ de ċloċaiḃ uaisle fá n-a píb, agus mar ḃarr ar na hiongantasaiḃ ar fad ḃí mionn ríoġḋa ar a ceann.
‘Bainríoġan!’ arsa Bríġidín de ġuṫ íseal, mar ḃí sórt sgáṫa uirṫi roiṁ an tsiḋeoig ġlórṁair seo.
‘Bainríoġan ó Ṫír na nÓg! Féaċ, a Ṁama, tá sí ina codlaḋ. Meas tú an ndúiseoċaiḋ sí?’
‘Tóig i do láiṁ í,’ adeir an ṁáṫair.
Ṡín an cailín beag a ḋá láiṁ amaċ go faitċeaċ, leag go hurramaċ ar an mbábóig iongantaiġ iad, agus fá ḋeireaḋ ṫóg as an mbosga í. Ní túisge rug sí uirṫi ’ná d’osgail an ḃábóg a súile agus aduḃairt de ġlór caoin binn:―
‘Mam-a!’
‘Dia dar mbeannaċaḋ,’ ars’ an ṁáṫair ag gearraḋ coṁarṫa na croise uirṫi féin, ‘tá urlaḃra aici!’
Ḃí faoḃar neaṁ-ġnáṫaċ i súiliḃ Ḃríġidín agus ḃí lasaḋ neaṁ-ġnáṫaċ ina ceann-aġaiḋ. Aċt ní dóiġ liom go raiḃ sí leaṫ ċoṁ sgannruiġṫe is ḃí an ṁáṫair. Bíonn páistí ag súil le hiongantasaiḃ i gcoṁnaiḋe, agus nuair ṫuiteas rud iongantaċ amaċ ní ċuireann sé an oiread uaṫḃáis orṫa is ċuireas ar ḋaoiniḃ fásta.
‘Tuige naċ mbeaḋ urlaḃra aici?’ arsa Bríġidín. ‘Naċ ḃfuil urlaḃra ag Bairbre? Aċt is binne i ḃfad a guṫ ’ná guṫ Ḃairbre.’
Mo léan ṫú, a Ḃairbre! Cá raiḃ tú ar feaḋ na haimsire seo? In do luiġe ar an urlár san áit ar ṫuit tú ar láiṁ Ḃríġidín nuair ṫáinig Beartlí isteaċ. Ní feasaċ mé an gcuala tú na briaṫra so ó ḃéal do ċarad. Má ċualas, is dearḃṫa go mb’arraing ṫrí do ċroiḋe iad.
Lean Bríġidín uirṫi ag laḃairt. Laḃair sí go sgiobṫa, a ḋá súil ar lasaḋ ina ceann:―
‘Bainríoġan í seo,’ ar sise. ‘Bainríoġan siḋe! Féaċ an ċulaiḋ ḃreaġ atá uirṫi! Féaċ an brat sróil atá uirṫi! Féaċ an mionn áluinn atá uirṫi! Is cosṁail í leis an mbainríoġan údan a raiḃ Stioṗán na Sgéalta ag tráċt uirṫi an oiḋċe ċeana,―an ḃainríoġan a ṫáinig ṫar fairrge ó Ṫír na nÓg ar marcaiḋeaċt ar an eaċ bán. Cia an t-ainm a ḃí ar an mbainríoġain sin, a Ṁama?’
‘Niaṁ Ċinn Óir.’
‘Seo í Niaṁ Ċinn Óir!’ ars’ an cailín beag. ‘Taisbeánfaiḋ mé do Stioṗán í an ċéad uair eile ṫiocfas sé! Naċ air a ḃéas an t-áṫas í ḟeiceál, a Ṁama? Ḃí fearg air an oiḋċe fá ḋeireaḋ nuair aduḃairt mo Ḋeaide naċ ḃfuil siḋeoga ar biṫ ann. Ḃí a ḟios agam-sa naċ raiḃ mo Ḋeaide aċt ag magaḋ.’
Níor ṁaiṫ liom a ráḋ gur siḋeog Niaṁ Ċinn Óir, mar ṡíl Bríġidín, aċt is dóiġ liom go raiḃ draoiḋeaċt éigin ag baint léiṫi; agus táim lán-ċinnte go raiḃ Bríġidín féin fá ḋraoiḋeaċt ó’n nóiméad a dtáinig sí isteaċ sa teaċ. Muna mbeaḋ go raiḃ, ní ḟágfaḋ sí Bairbre ina luiġe léiṫi féin ar an urlár ar feaḋ an tráṫnóna gan focal a ráḋ léiṫi ná fiú aṁáin cuiṁniuġaḋ uirṫi go ham codlata; ná ní ġaḃfaḋ sí a ċoḋlaḋ gan Bairbre a ṫaḃairt isteaċ sa leabaiḋ léiṫi mar ba ġnáṫaċ. Is ar éigin a ċreidfeá é, aċt ’sí an ḃainríoġan óg a ċodail i ḃfoċair Ḃríġidín an oiḋċe sin i n-ionad an ċompánaiġ ḃig ḋílis a ċodluiġeaḋ ina foċair gaċ oiḋċe la bliaḋain.
D’ḟan Bairbre ina luiġe ar an urlár go ḃfuair máṫair Ḃríġidín í, is gur ṫóg is gur ċuir suas ar ḃarr an drisiúir í san áit a raiḃ a párlús beag féin. Ċaiṫ Bairbre an oiḋċe sin ar ḃarr an drisiúir. Níor ċualas gur airiġ Bríġidín ná a máṫair ná a haṫair aon ċaoineaċán ó’n gcisteanaiġ i lár na hoiḋċe, agus leis an ḟírinne a ráḋ ní ṁeasaim gur ṡil Bairbre deor. Aċt is cinnte go raiḃ sí brónaċ go leor, ina luiġe i n-áirde annsúd léiṫi féin, gan láṁ a carad ina timċeall, gan teas colna a carad ’gá téiṫeaḋ, gan duine ná deoraiḋe ina haice, gan fuaim ar biṫ a ċloisteáil, aċt aṁáin na fuamanna fanna fíor-uaigneaċa a ḃíos le cloisteáil i dteaċ i n-am marḃṫa na hoiḋċe.
III
Is ina suiḋe nó ina luiġe ar ḃarr an drisiúir a ċaiṫ Bairbre bunáite na ráiṫe dar gcionn. B’annaṁ a laḃruiġeaḋ Bríġidín léiṫi; agus nuair a laḃruiġeaḋ, ní ḋeireaḋ sí aċt, ‘Bí i do ċailín maiṫ, a Ḃairbre. Feiceann tú go ḃfuilim cruaḋógaċ. Caiṫfiḋ mé aire a ṫaḃairt do Niaṁ Ċinn Óir. Bainríoġan í sin, tá’s agat, agus caiṫfear aire ṁaiṫ a ṫaḃairt di.’ Ḃí Bríġidín ag dul i n-aois anois (creidim go raiḃ sí cúig bliaḋna caiṫte nó b’ḟéidir cúig bliaḋna go leiṫ), agus ḃí sí ag éirġe as cuid de na nósaiḃ a ċleaċtuiġeaḋ sí i dtús a hóige. Ní ‘Bríġidín’ a ṫugaḋ sí uirṫi féin anois, mar ḃí a ḟios aici an ḃríġ atá leis an ḃfocailín ‘mé,’ agus leis an earbaillín ‘-im’ nuair a cuirtear i ndiaiḋ ‘tá’ agus ‘níl’ é. Ḃí a ḟios aici freisin gur mór an meas agus an onóir atá ag dul do ḃainríoġain ṫar mar atá ag dul do ċréatúirín beag boċt mar Ḃairbre.
Is baoġlaċ liom nár ṫuig Bairbre an sgéal so ’ċor ar biṫ. Ní raiḃ innti aċt bábóigín maide, agus, ar ndóiġ, ba deacair dá leiṫéid croiḋe cailín a ṫuigsint. Ba léir di go raiḃ sí caiṫte do leaṫ-taoiḃ. ’Sí Niaṁ Ċinn Óir a ċodluiġeaḋ i ḃfoċair Ḃríġidín anois; ’sí Niaṁ Ċinn Óir a ṡuiḋeaḋ le n-a hais am béile; ’sí Niaṁ Ċinn Óir a ġaḃaḋ amaċ ar an gcnoc le n-a cois, a luiġeaḋ léiṫi i measg na raiṫniġe, is a ṫéiḋeaḋ léiṫi ag bailiuġaḋ nóiníní is méiríní. ’Sí Niaṁ Ċinn Óir a ṫeannaḋ sí le n-a huċt. ’Sí Niaṁ Ċinn Óir a ṗógaḋ sí. Duine eile a ḃeiṫ san áit ba ġnáṫaċ leat-sa a ḃeiṫ, duine eile a ḃeiṫ ag siuḃal le cois an té ar ġnáṫaċ leat-sa siuḃal le n-a ċois, duine eile ḃeiṫ ag pógaḋ an ḃéil ba ḋual duit-se a ṗógaḋ,―sin í an ṗian is mó dá ḃfulaingtear ar an saoġal so; agus sin í an ṗian a ḃí i lár Ḃairbre anois, ’gá céasaḋ ó ṁaidin go hoiḋċe is ’gá cráḋ ó oiḋċe go maidin.
Is dóiġ go ndéarfar liom nárḃ’ ḟéidir na smaointe seo ná smaointe ar biṫ eile a ḃeiṫ i gcroiḋe Ḃairbre, mar naċ raiḃ innti aċt bréagán maide gan moṫuġaḋ, gan meaḃair, gan tuigsint, gan treoir. M’ḟreagra ar éinne laḃróċas mar so liom: CÁ ḃFIOS DÚINN? Cá ḃfios duit-se nó dom-sa naċ ḃfuil a moṫuġaḋ is a meaḃair féin, a dtuigsint is a dtreoir féin, ag bábógaiḃ is ag bréagánaiḃ maide, ag an gcrann is ag an gcnoc, ag an aḃainn is ag an eas, ag mion-sgoṫaiḃ na páirce is ag mion-ċloċaiḃ na tráġa?―’seaḋ agus ag na céadtaiḃ rudaí eile ḟeicimid ’n-ar dtimċeall? Ní abraim go ḃfuil; aċt baḋ dána an ṁaise ḋom-sa nó d’éinne eile a ráḋ naċ ḃfuil. Is dóiġ leis na páistíḃ go ḃfuil; agus ’sé mo ḃaraṁail gur tuigseanaiġe na páistí i neiṫiḃ de’n tsórt so ’ná tusa is mise.
Lá aṁáin dá raiḃ Bairbre ina suiḋe go huaigneaċ léiṫi féin ina párlús, ḃí Bríġidín agus Niaṁ Ċinn Óir i séis ċoṁráiḋ cois na teineaḋ; nó b’ḟearr liom a ráḋ go raiḃ Bríġidín i séis ċoṁráiḋ léiṫi féin, agus Niaṁ ag éisteaċt léiṫi; mar níor ċuala éinne focal as béal na Bainríoġna riaṁ aċt aṁáin ‘Mam-a.’ Ḃí máṫair Ḃríġidín taoḃ amuiġ de’n doras ag niġeaċán. Ḃí an t-aṫair ag cur ḟataí san ngarrḋa. Níor ḟan sa teaċ aċt Bríġidín agus an dá ḃábóig.
Is dóiġ go raiḃ an cailín beag tuirseaċ, mar ċaiṫ sí an ṁaidin ag niġeaċán (niġeaḋ sí bráiṫlín agus pluid na Bainríoġna gaċ seaċtṁain). Ba gearr go dtáinig codlaḋ uirṫi. Ba gearr ina ḋiaiḋ sin gur leig sí a ceann ar a brollaċ is go raiḃ sí ina toirċim suain. Ní ṫuigim i gceart céard d’éiriġ tar ’éise sin, aċt de réir ċosaṁlaċta ḃí Bríġidín ag tuitim le fánaiḋ, nó gur síneaḋ ar leic an teallaiġ í i ḃfoigseaċt orlaiġ do’n teiniḋ. Níor ḋúisiġ sí, mar ḃí sí ina cnap codlata. Is cosṁail go raiḃ Niaṁ Ċinn Óir ina codlaḋ freisin, aċt cia ar biṫ cia sgéal é níor ċorruiġ sí. Ní raiḃ éinne sa teaċ leis an bpáiste beag gráḋṁar a ċosaint ar an mbás a ḃí ag triall uirṫi. Níorḃ’ eol d’éinne í ḃeiṫ i gconntaḃairt aċt aṁáin do Ḋia agus do―Ḃairbre.
Ḃí an ṁáṫair ag oibriuġaḋ léiṫi taoḃ amuiġ agus gan aon ċuiṁneaṁ aici go raiḃ an bás ċoṁ gar sin do leanḃ a croiḋe. Ḃí sí ag casaḋ puirt di féin, agus ’ġá ċroċaḋ go breaġ, nuair a ċuala sí an tuairt―tuairt mar ḃeaḋ rud éigin ag tuitim ar an urlár.
‘Céard é sin anois?’ ar sise léiṫi féin. ‘Rud éigin a ṫuit de’n ḃalla, tá seans. Ní féidir gurab í Bríġidín a ḃain leis?’
Isteaċ léiṫi go deifreaċ. Is ar éigin nár ṫuit an t-anam aisti le neart uaṫḃáis. Agus ciarḃ’ iongnaḋ é? Ḃí a leanḃ múirneaċ sínte ar an teallaċ agus a cóitín beag ar dearg-lasaḋ sa teiniḋ!
Ṗreab an ṁáṫair ċuici treasna na cisteanaiġe, ṫóg ina baclainn í, is ḃain di an cóta. Ní raiḃ ann aċt gur ṫárrṫuiġ sí í. Dá ḃfanfaḋ sí leaṫ-nóiméidín eile, ḃí sí ró-ṁall.
Ḃí Bríġidín ina dúiseaċt anois agus a ḋá láiṁ fá ṁuineál a máṫar. Ḃí sí ar craiṫeaḋ le teann faitċís agus, ar ndóiġ, ag gol, cé naċ go ró-ṁaiṫ a ṫuig sí an sgéal fós. Ḃí a máṫair ‘’gá múċaḋ le pógaiḃ is ’gá báṫaḋ le deoraiḃ.’
‘Céard d’éiriġ ḋom, a Ṁama? Ḃí mé ag brionglóidiġ. Ṁoṫuiġ mé teas agus ċeap mé go raiḃ mé ag dul suas, suas san spéir, agus go raiḃ an ġrian ’gam’ ḋóġaḋ. Céard d’éiriġ ḋom?’
‘’Sé toil Dé é nár loisgeaḋ mo stóirín,―ní leis an ngréin, aċt leis an teiniḋ. Ó, a Ḃríġidín, a ṗeata ḃig do ṁáṫar, céard a ḋéanfainn dá marḃóċṫaiḋe orm ṫú? Céard a ḋéanfaḋ t’aṫair? ’Sé Dia aduḃairt liom a ṫeaċt isteaċ ar an nóiméad sin!―Ní’ mé céaróċ torann a ċuala mé? Muna mbeaḋ sin ní ṫiocfainn isteaċ ’ċor ar biṫ.’
Ḃreaṫnuiġ sí ṫairsti. Ḃí gaċ rud ina áit féin ar an mbord, agus ar an ballaíḃ, agus ar an drisiúr,―aċt fan! os coṁair an drisiúir ṫug sí fá deara an rud ar an urlár. Céard a ḃí ann? Colann ḃeag gan ceann―colann bábóige.
‘Bairbre a ṫuit de’n drisiúr arís,’ ars’ an ṁáṫair. ‘Mo ċoinsias, ’sí ṡáḃáil t’anam duit, a Ḃríġidín.’
‘Ní tuitim a rinne sí ’ċor ar biṫ!’ ars’ an cailín beag, ‘aċt is aṁlaiḋ ċonnaic sí go raiḃ mé i gconntaḃairt agus ċaiṫ sí léim ó ḃarr an drisiúir le mé ṡáḃáil. A Ḃairbre ḃoċt, ṫug tú t’anam ar mo ṡon!’
Ċuaiḋ sí ar a glúiniḃ, ṫóg corpán beag na bábóige, agus ṗóg go ceannsa ceanaṁail é.
‘A Ṁama,’ ar sise go brónaċ, ‘ó ṫáinig Niaṁ Ċinn Óir, tá faitċíos orm go ndearna mé dearmad ar Ḃairbre ḃoċt, agus gur mó an spéis a ċuir mé i Niaṁ Ċinn Óir ’ná innti-se; agus féaċ gurab í ba ḋílse ḋom ina ḋiaiḋ sin! Agus tá sí marḃ anois orm, agus ní ḃeiḋ mé i n-ann laḃairt léiṫi arís go bráṫaċ, ná a ráḋ léiṫi gur fearr liom míle uair―’seaḋ, céad míle uair―í ’ná Niaṁ.’
‘Ní marḃ atá sí ’ċor ar biṫ,’ adeir an ṁáṫair, ‘aċt gortuiġṫe. Cuirfiḋ t’aṫair an ceann uirṫi arís nuair a ṫiocfas sé isteaċ.’
‘Dá dtuitfinn-se de ḃarr an drisiúir, a Ṁama, is go gcaillfinn mo ċeann, arḃ’ ḟéidir é ċur orm arís?’
‘Níorḃ’ ḟéidir. Aċt ní hionann tusa is Bairbre.’
‘Is ionann. Tá sí marḃ. Naċ ḃfeiceann tú naċ ḃfuil sí ag corruiġe ná ag laḃairt?’
B’éigin do’n ṁáṫair an méid seo adṁáil.
Ní ċuirfeaḋ aon níḋ ina luiġe ar Ḃríġidín naċ raiḃ Bairbre básuiġṫe agus naċ le ise ṡáḃáil a ṫug sí a hanam. Ní abróċainn féin go raiḃ an ceart aici, aċt ní abróċainn naċ raiḃ. Níl le ráḋ agam aċt an méid aduḃras ċeana: Cá ḃfios dom-sa é? Cá ḃfios duit-se é?
Cuireaḋ Bairbre an tráṫnóna sin ar ṫaoiḃ an ċnuic san áit ar ċaiṫ sise agus Bríġidín na laeṫeannta fada saṁraiḋ úd i measg na raiṫniġe is na mbláṫ. Ta méiríní ag fás ag ceann na huaiġe, agus tá nóiníní is bainne bó blioċtáin go fairsing ina timċeall.
Roiṁ ḋul a ċodlaḋ do Ḃríġidín an oiḋċe sin, ġlaoiḋ sí anall ar a máṫair.
‘Meas tú, a Ṁama,’ ar sise, ‘an ḃfeicfiḋ mé Bairbre ar neaṁ?’
‘B’ḟéidir le Ríġ na Glóire go ḃfeicfeá,’ adeir an ṁáṫair.
‘Meas tú an ḃfeicfead, a Ḋeaide?’ ar sise le n-a haṫair.
‘Tá a ḟios agam go binn go ḃfeicfir,’ adeir an t-aṫair.
Gurab é sin Eaċtra agus Oiḋeaḋ Ḃairbre go nuige sin.