Is insa teaċ beag úd d’ḟeicfeá sa ngleann síos uait, agus tú ag dul siar an bóṫar ó’n nGort Mór go hInḃear, atá coṁnaiḋe ar mo Ṡagart. É féin is a ṁáṫair is a ḋeirḃṡiúr ḃeag is a ḋearḃráiṫrín beag bídeaċ, sin a ḃfuil de ċoṁluadar ann. Cailleaḋ an t-aṫair sul a rugaḋ Taimín, an leanḃ is óige aca. Níl aon am dá mbím i Ros na gCaoraċ naċ gcaiṫim tráṫnóna nó ḋó ina ḃfoċair, mar tá an Sagart agus Máirín (an deirḃṡiúr ḃeag) agus Taimín ar na cáirdiḃ is dílse dá ḃfuil agam. Bean óigeanta aclaiḋe ’seaḋ máṫair an tSagairt; tá sí roinnt taodaċ, b’ḟéidir, aċt má tá féin tá sí ina mnaoi ċoṁ carṫannaċ is atá beo ina ḋiaiḋ sin. Is í a d’innis an sgéal so ḋom traṫnóna dá raḃas ar ċuairt aici. Ḃí sí ag niġeaċán an tSagairt os coṁair na teineaḋ ar feaḋ na haimsire: daḃaċ ṁór uisge leagṫa ar an urlár aici, an Sagart agus a ċuid éadaiġ bainte ḋe, agus í ag sgiúraḋ is ag cárdáil gaċ orlaċ dá ċorp. Tá aiṁreas orm nár ṫaiṫniġ an obair seo go ró-ṁaiṫ leis an Sagart, mar anois is arís ċuireaḋ sé béic as. Le gaċ béic ṫugaḋ a ṁáṫair bosóg ḃeag ḋó agus tar ’eise sin ṗógaḋ sí é. Is deacair do ṁáṫair a láṁ a ċoisgeaḋ ó ṗáiste nuair a ḃíos sé noċtuiġṫe aici; agus baḋ deacra ’ná sin do ṁáṫair ċoṁ gráḋṁar leis an máṫair seo a béal a ċoisgeaḋ ó ḃéilín beag dearg ċoṁ milis le béilín Ṗáraic (Páraic ainm mo Ṡagairt tá a ḟios agat). Baḋ ceart dam a ráḋ naċ raiḃ an Sagart aċt oċt mbliaḋna fós. Ba deas an t-áilleán é ina ṡeasaṁ annsin agus solus na teineaḋ ag sgairteaḋ ar a ċolainn ċoṁ-ḋéanta is ar a ċloigeann cataċ, agus ag rinnce ina ṡúiliḃ glasa gáireata. Nuair a smaoiniġim ar Ṗáraic, is mar sin a ḟeicim os mo ċoṁair é, ina ṡeasaṁ ar an urlár i lóċrann na teineaḋ.
Aċt i dtaoiḃ an sgéil. Tuairim is bliaḋain roiṁe seo ’seaḋ ṫuit sé amaċ. Ḃí Nóra (an ṁáṫair) ag obair ar fud an tiġe. Ḃí Máirín is Taimín ag súgraḋ dóiḃ féin ar an urlár. ‘Fromsó Framsó’ a ḃí ar siuḃal aca. Ḃí Máirín a d’iarraiḋ na focla a ṁúineaḋ do Ṫaimín, rud a ḃí ag cliseaḋ uirṫi, ṫar é ní raiḃ aon ċainnt ag Taimín go fóill. Tá a ḟios agat na focla, is dóiġ?―is fiú iad ḟoġlaim mar tá fíor-ḟiliḋeaċt ionnta:―
‘Fromsó Framsó,
Bean a ḋaiṁseoċaḋ,
A ḋéanfaḋ greann,
A d’ólfaḋ leann,
A ḃeaḋ i n-am
Annso ar maidin!’
Ṫeastuiġ canna uisge ó Nóra le haġaiḋ tae a ḋéanaṁ. Ḃí sé i n-am suipéir.
‘Cá ḃfuil Paraic, a Ṁáirín?’ ar sise. ‘Tá sé ar iarraiḋ le leaṫ-uair.’
‘Ċuaiḋ sé siar sa seomra, a Ṁaimín.’
‘A Ṗáraic!’ adeir an ṁáṫair ag glaoḋaċ go hárd.
Níor laḃruiġeaḋ istiġ.
‘’gCluin tú, a Ṗáraic!’
Níor laḃruiġeaḋ.
‘Céard tá ar an ngasúr? A Ṗáraic, adeirim!’ ar sise ċoṁ hárd is ḃí ina ceann.
‘Béiḋ mé soir ar ball, a Ṁama,’ ars’ an guṫ ó’n seomra.
‘Corruiġ leat, a ṁaicín. Tá sé i n-am tae, agus ḋeaṁan deor uisge sa teaċ agam.’
Ṫáinig Páraic aniar as an seomra.
‘Tá tú ar fáġáil sa deireaḋ. Gread leat síos―aċt céard é seo? Cé ḃfuair tú an léine sin, nó ’tuige a ḃfuil sí ort? Céard ḃí tú a ḋéanaṁ?’
Ḃí Páraic ina ṡeasaṁ sa doras ina staic. Ḃí léine feistiġṫe air os cionn a ċóitín ḃig amuiġ. Ḃreaṫnuiġ sé síos air féin. Ḃí a aġaiḋ ar dearglasaḋ go cluasaiḃ.
‘Rinne mé dearmad í ḃaint díom, a Ṁama,’ ar seisean.
‘’Tuige a ḃfuil sí ort ċor ar biṫ?’
‘Spraoiḋ a ḃí ar bun agam.’
‘Bain díot ar an bpuinnte í! An tslat atá uait, tú héin agus do spraoiḋ!’
Ḃain Páraic an léine ḋe gan focal, agus d’ḟág siar sa seomra í.
‘Sguab leat síos go dtí an tobar anoir agus fáġ canna uisge ḋom, mar a ḋéanfaḋ peata.’ Ḃí aiṫṁéala ar Nóra ċeana féin gur laḃair sí ċoṁ garḃ sin leis. Is bean í naċ buan a cuid feirge.
Rug Páraic ar an gcanna agus lasg leis. Ṫáinig Micilín Éanna, buaċaill coṁursan, isteaċ ḟaid is ḃí sé amuiġ.
‘Tá sé ag cinnt orm-sa, a Ṁicilín,’ arsa Nóra tar éis sgaṫaiṁ, ‘a ḋéanaṁ amaċ céard a ḃíos Páraic a ḋéanaṁ sa seomra sin ar feaḋ an tráṫnóna. Ní túisge a ḋinnéar caiṫte aige gaċ lá ’ná ġlanas sé leis isteaċ annsin agus bíonn sé ar iarraiḋ go ham suipéir.’
‘Spraoiḋ eicínt a ḃíos ar bun aige,’ arsa Micilín.
‘Sin é adeir sé héin. Aċt ní sa teaċ baḋ ceart do ṁalraċ mar é a ḃeiṫ sáiṫte tráṫnóna breaġ, aċt amuiġ fá’n aer, ag ropaḋ leis.’
‘“Aoiḃneas duine a ṫoil,”’ arsa Micilín, ag deargaḋ a ṗíopa.
‘Duine ann héin ’seaḋ Páraic, ar ċuma ar biṫ,’ adeir Nóra. ‘’Sé an mac is contráilte ċonnaic tú riaṁ é. Amannta ní ṫiuḃraḋ triúr aire ḋó, agus amannta eile ní aireoċṫá sa teaċ é.’
Ṫáinig Páraic isteaċ faoi seo, agus níor cainntiġeaḋ a ṫuilleaḋ ar an gceist. Níor éaluiġ sé siar an turas so, aċt ina leabaiḋ sin ṡuiḋ sé faoi ar an urlár, ag imirt ‘Fromsó Framsó’ le Máirín is le Taimín.
Ḃí an dinnéar ar an mbord nuair a ṫáinig Páraic a ḃaile ó’n sgoil tráṫnóna lá ar n-a ḃaraċ. D’iṫ sé a ċuid leite agus d’ól sé a naigín bainne go buiḋeaċ beannaċtaċ. Ċoṁ luaṫ is ḃí iṫte agus ólta aige, ċroċ sé leis a ṁáilín leaḃar, agus siar leis sa seomra mar ba ġnáṫaċ.
Níor leig an ṁáṫair uirṫi go raiḃ sí ag cur aon truim ann. Aċt, tar éis cupla nóiméad, d’osgail sí doras an tseomra go ciúin, agus ṡáiṫ barr a sróine isteaċ. Ní ṫug Páraic fá deara í, aċt ḃí aṁarc aici-si ar gaċ a raiḃ ar siuḃal sa seomra.
B’aisteaċ an t-aṁarc é. Ḃí Páraic ina ṡeasaṁ i n-aice an ḃuird, agus é gléasta san léine arís. Os a ċionn so amuiġ, siar ṫar a ġuailniḃ, ḃí sé ag feistiuġaḋ cóta deirg le n-a ṁáṫair, a ḃíoḋ ar croċaḋ ar an mballa aici. Nuair a ḃí sé seo cóiriġṫe i gceart air, ṫoġ sé amaċ an leaḃar ba ṁó dá raiḃ aige ina ṁáilín―‘An Dara Leaḃar’ a ḃí ann, creidim―d’osgail é, agus leaṫ os a ċoṁair ar an mbord é, ina leaṫ-luiġe leis an sgáṫán.
Annsin a ṫosuiġ na goiṫí dá ríriḃ. Ṡeas Páraic ar aġaiḋ an ḃuird amaċ, d’ḟeac a ġlún, ċoisrig é féin, agus ṫosuiġ air ag paidreoireaċt ós árd. Ní go maiṫ ḃí Nóra i n-ann é ṫuigsint, aċt, de réir mar ċeap sí, ḃí Laidin agus Gaeḋilg measgṫa trí n-a ċéile aige, agus ḃí corr-ḟocal aige nár ċosṁail le Laidin ná le Gaeḋilg. Boḃta aṁáin b’ḟacṫas di go gcuala sí na focla ‘Fromsó, Framsó,’ aċt ní raiḃ sí cinnte. Dá ṁéid iongnaḋ dá raiḃ ar Nóra fá’n obair seo, ba seaċt mó an t-iongnaḋ a ḃí uirṫi nuair a ċonnaic sí Páraic ag uṁluġaḋ, ag bualaḋ a uċta, ag pógaḋ an ḃuird, ag leigint air go raiḃ sé ag léiġeaḋ urnaiġṫe Laidne as ‘An Dara Leaḃar,’ agus ag imirt gaċ cleas a b’aistiġe ’ná a ċéile. Níor ṫuig sí i gceart céard a ḃí ar bun aige gur ionntuiġ sé ṫart agus aduḃairt:―
‘Dominus Vobiscum!’
‘’Sáḃálaiḋ Dia sinn!’ ar sise léiṫi féin nuair a ċonnaic sí é seo. ‘Tá sé ag cur i gcéill go ḃfuil sé ina ṡagart agus é ag léiġeaḋ Aifrinn! Sin í culaiḋ an Aifrinn atá air, agus ’sé an leaḃar beag Gaeḋilge leaḃar an Aifrinn!’
Ní áiḋḃéil a ráḋ go raiḃ Nóra sgannruiġṫe. Ṫáinig sí ar ais do’n ċisteanaiġ agus ṡuiḋ os coṁair na teineaḋ. Ní raiḃ a ḟios aici céard baḋ ceart di a ḋéanaṁ. Ḃí sí idir ḋá ċoṁairle cia aca baḋ córa ḋi Páraic a ċur treasna a glúine agus griosáil ṁaiṫ a ṫaḃairt dó nó dul ar a ḋá glúin roiṁe agus a ḃeannaċt a iarraiḋ!
‘Cá ḃfios dom,’ ar sise léiṫi féin, ‘naċ peacaḋ uaṫḃásaċ ḋom leigean dó aiṫris a ḋéanaṁ ar an sagart mar sin? Aċt cá ḃfios dom, ina ḋiaiḋ sin, naċ naoṁ as na Flaiṫis atá sa teaċ agam? Agus, ar ndóiġ, baḋ ṁillteaċ an peacaḋ é láṁ a leagaint ar naoṁ! Go maiṫiḋ Dia ḋom é, is minic a d’ḟág mé rian mo ṁéar air ċeana! Ní’ mé ar ṗeacaḋ ḋom é? Tá mé i dteannta, go cinnte!’ Níor ċodail Nóra néall an oiḋċe sin, aċt ag cur na ceiste seo trí ċéile.
Maidin lá ar n-a ḃáraċ, ċoṁ túisge is ḃí Páraic glanta leis ċum sgoile, ċuir Nóra an glas ar an doras, d’ḟág an dá ṗáiste óga fá ċúram máṫar Ṁicilín, agus ḃuail an bóṫar go Ros na gCaoraċ. Níor ḃain sí méar dá sróin nó gur ṫug sí teaċ an tsagairt ṗobail di féin agus gur innis a sgéala ó ṫús deireaḋ do’n Aṫair Rónán. Ní ḋearna an sagart aċt meangaḋ gáire, aċt ḃí Nóra leis nó gur ḃain sí geallaḋ de go ngaḃfaḋ sé an bóṫar amaċ ċuici an tráṫnóna sin. Lasg léiṫi a ḃaile annsin go sásta.
Níor ċlis an sagart uirṫi. Ḃuail sé isteaċ ċuici sa tráṫnóna. Tráṫaṁail go leor, ḃí Páraic sa seomra ag ‘léiġeaḋ Aifrinn.’
‘Ar t’anam is ná laḃair, a Aṫair!’ arsa Nóra. ‘Tá sé istiġ.’
‘Ṫéaluiġ an ḃeirt ar ḃarr a gcos anonn go dtí doras an tseomra. Ḋearcadar isteaċ. Ḃí Páraic gléasta san léine agus san gcóta go díreaċ mar ḃí an lá roiṁe sin, agus é ag guiḋe go deaġṁóideaċ. Ṡeas an sagart sgaṫaṁ ag breaṫnuġaḋ air.
Fá ḋeireaḋ, d’ionntuiġ mo ḋuine ṫart, agus ag taḃairt aiġṫe ar an bpobal, mar ’ḋeaḋ―
‘Orate, fratres,’ ar seisean amaċ ós árd.
Le linn é seo a ráḋ, ċonnaic sé a ṁáṫair agus an sagart sa doras. Ḋearg sé agus ṡeas gan corruiġe.
‘Gaḃ i leiṫ annso ċugam,’ adeir an tAṫair Rónán.
Ṫáinig Páraic anall go faitċeaċ.
‘Céard é seo atá ar bun agat?’ ars’ an sagart.
‘Ḃí mé ag léiġeaḋ Aifrinn, a Aṫair,’ arsa Páraic. Duḃairt sé an méid seo go cúṫail, aċt ba léir nár ċeap sé go raiḃ aon ċeo as an mbealaċ déanta aige―agus ar ndóiġ, ní mó ḃí. Aċt ḃí Nóra ḃoċt ar craiṫeaḋ le faitċíos.
‘Ná bí ró-ċruaiḋ air, a Aṫair,’ ar sise,―‘níl sé aċt óg.’
Leag an sagart a láṁ go héadtrom ar ċeann bán an stóicín, agus laḃair sé go ciúin cneasta leis.
‘Tá tú ró-óg fós, a Ṗaraicín,’ adeir sé, ‘le ḃeiṫ i do ṡagart, agus níl sé geallta d’éinne aċt do ṡagart Dé an tAifreann a ráḋ. Aċt cogar i leiṫ agam. Ar ṁaiṫ leat ḃeiṫ ag frioṫáil an Aifrinn Dia Doṁnaiġ?’
Las súile Ṗáraic agus ḋearg a ġruaḋ arís, ní le cúṫaileaċt an turas so aċt le barr ríméid.
‘Óra, baḋ ṁaiṫ, a Aṫair,’ ar seisean; ‘níl rud ar biṫ a b’ḟearr liom.’
‘Déanfaiḋ sin,’ ars’ an sagart. ‘Feicim go ḃfuil cuid de na paidreaċaiḃ agat ċeana.’
‘Aċt, a Aṫair, a ṁúirnín―,’ arsa Bríġid, agus stop mar sin go hobann.
‘Céard tá anois ort?’ adeir an sagart.
‘Bríste ná bróga níor ċaiṫ sé fós!’ ar sise. ‘Is luaṫ liom bríste a ċuir air go―‘
Sgairt an sagart ag gáiriḋe.
‘Níor ċuala mé riaṁ,’ ar seisean, ‘go raiḃ call le bríste. Cuirfimid casóigín beag os cionn a ċóta amuiġ air, agus mise ’mo ḃannaíḃ go raċaiḋ sé go deas dó. Maidir le brógaiḃ, tá péire againn a d’ḟág Máirtín an Iasgaire ’na ḋiaiḋ nuair a ċuaiḋ sé go dtí an Cloċán. Gléasfamuid i gceart ṫú, a Ṗáraic, níl baoġal,’ ar seisean. Agus mar sin a socruiġeaḋ é.
Nuair a ḃí an sagart imṫiġṫe ċrom an ṁáṫair agus ṗóg a maicín.
‘Mo ġráḋ ṫú!’ ar sise.
Ag dul a ċodlaḋ di an oiḋċe sin, b’iad na focla deiriḋ aduḃairt sí léiṫi féin: ‘Béiḋ mo ṁaicín ina ṡagart! Agus cá ḃfios dom,’ ar sise ag dúnaḋ a súl di, ‘cá ḃfios dom naċ ina easpog a ḃeaḋ sé amaċ annso!’