I

Coṁráḋ a ṫárla idir Eoġainín na nÉan agus a ṁáṫair tráṫnóna earraiġ roiṁ ḋul faoi do’n ġréin. An ċéirseaċ agus an gealḃan buiḋe a ċuala é agus (de réir mar ṁeasaim) a d’innis dom’ ċáirdiḃ, na fáinleoga, é. Na fáinleoga a d’innis an sgéal dom-sa.

‘Teara uait isteaċ, a ṗeata. Tá sé ag éirġe fuar.’

‘Ní ḟéadaim corruiġe go fóill beag, a ṁáiṫrín. Tá mé ag fanaċt leis na fáinleogaiḃ.’

‘Cia leis, a ṁaicín.’

‘Leis na fáinleogaiḃ. Tá mé ’ceapaḋ go mbéiḋ siad annso anoċt.’      

Ḃí Eoġainín i n-áirde ar an aill ṁóir a ḃí láiṁ le binn an tiġe, é socruiġṫe go deas ar a mullaċ agus cúl bán a ċinn le bun na fuinnseoige a ḃí ’gá fásgaḋ. Ḃí a ċeann croċta aige, agus é ag breaṫnuġaḋ uaiḋ ó ḋeas. D’ḟéaċ a ṁáṫair suas air. B’ḟacṫas di go raiḃ a ċuid gruaige ina hór ḃuiḋe san áit a raiḃ an ġrian ag sgallaḋ ar a ċloigeann.

‘Agus cé as a ḃfuil siad ag teaċt, a leinḃ?’

‘Ó’n Doṁan Ṫeas―an áit a mbíonn sé ina ṡaṁraḋ i gcoṁnaiḋe. Tá mé ag fanaċt leo le seaċtṁain.’

‘Aċt cá ḃfios duit gur anoċt a ṫiocfas siad?’

‘Níl a ḟios agam, aċt mé ’ġá ċeapaḋ. Baḋ ṁiṫid dóiḃ ḃeiṫ annso lá ar biṫ feasta. Is cuiṁneaċ liom gur coṫrom an lae indiu go díreaċ ṫáinig siad anuraiḋ. Ḃí mé ag teaċt aníos ó’n tobar nuair a ċuala mé a gceileaḃar―ceileaḃar binn meiḋreaċ mar ḃeidís ag ráḋ: ‘Támuid ċugat arís, a Eoġainín! Sgéala ċugat ó’n Doṁan Ṫeas!’―agus annsin d’eiteall ceann aca ṫarm―ċuimil a sgiaṫán dem’ leiceann.’

Ní cúram a ráḋ gur ċuir an ċainnt seo an-iongnaḋ ar an máṫair. Níor laḃair Eoġainín mar sin léiṫi riaṁ roiṁe. B’ḟeasaċ di gur ċuir sé an-tsuim ins na héanlaiṫ agus gur iomḋa uair a ċaiṫeaḋ sé ins an sgoill nó cois tráġa ‘ag cainnt leo’ mar adeireaḋ sé. Aċt níor ṫuig sí cia an fáṫ a mbeaḋ fonn ċoṁ mór sin air na fáinleoga ḟeiceál ċuige arís. D’aiṫniġ sí ar a aġaiḋ, ċoṁ maiṫ le n-a ġlórṫaiḃ béil, go raiḃ sé ag síor-smaoineaḋ ar rud éigin a ḃí ag déanaṁ imniḋe ḋó. Agus ṫáinig roinnt mí-ṡuaiṁnis ar an mnaoi ċroiḋe í féin, níḋ naċ iongnaḋ. ‘Dar ndóiġ, is aisteaċ an ċainnt ó ṗáiste í,’ ar sise ina hintinn féin. Níor laḃair sí smid ós árd, áṁṫaċ, aċt í ag éisteaċt le gaċ focal dá dtáinig amaċ as a ḃéal.

‘Tá mé an-uaigneaċ ó d’ḟáguiġ siad mé san ḃfóġṁar,’ adeir an gasúr beag arís, mar ḋuine a ḃeaḋ ag cainnt leis féin. ‘Bíonn an oiread sin aca le ráḋ liom. Ní hionann iad agus an ċéirseaċ nó an gealḃan buiḋe a ċaiṫeas bunáite a saoġail cois an ċlaiḋe san ngarrḋa. Bíonn sgéalta iongantaċa le n-aiṫris aca i dtaoiḃ na gcríoċ a mbíonn sé ina ṡaṁraḋ i gcoṁnaiḋe ionnta, agus i dtaoiḃ na ḃfairrgí ḃfiaḋáin san áit a mbáiṫtear na luingis, agus i dtaoiḃ na gcaṫraċ n-aol-ġeal a mbíonn na ríġṫe ’na gcoṁnaiḋe ionnta. Is fada fada an bealaċ é ó’n Doṁan Ṫeas go dtí an tír seo: feiceann siad ’ċ uile rud ag teaċt dóiḃ is ní ḋéanann siad dearmad ar ṫada. Is fada liom uaim iad.’

‘Tar isteaċ, a ġráḋ ġil, is téiḋir a ċodlaḋ. Préaċfar leis an ḃfuaċt ṫú má ḟanair amuiġ i ḃfad eile.’

‘Gaḃfaiḋ mé isteaċ ar ball beag, a ṁáiṫrín. Níor ṁaiṫ liom iad a ṫeaċt agus gan mé annso le fáilte a ċur rómpa. Ḃeaḋ iongnaḋ orṫa.’

Ċonnaic an ṁáṫair naċ raiḃ aon ṁaiṫ a ḃeiṫ leis. Ċuaiḋ sí isteaċ go bauiḋearṫa. Ġlan sí an bord is na caṫaoireaċa. Niġ sí na sgálaí is na miasa. Rug sí ar an sguaib agus sguab sí an t-urlár. Sgól sí an túlán is na corcáin. Ḋeasuiġ sí an lampa agus ċroċ ar an mballa é. Ċuir sí tuilleaḋ móna ar an teiniḋ. Rinne sí céad rud eile nár ġáḃaḋ ḋi a ḋéanaṁ. Annsin ṡuiḋ sí os coṁair na teineaḋ ag smaoineaḋ di féin.

Ṫáinig píobaire na gríosaiġe amaċ agus ṫosuiġ ar a ṗort croiḋeaṁail. D’ḟan am ṁáṫair cois teallaiġ ag smaoineaḋ. D’ḟan an gasúr beag ar a ṡuiḋeaċán aeraċ ag faireaḋ. Ṫáinig na ba a ḃaile ó’n gcimín. Ġlaoiḋ an ċearc ċuici ar a héiníníḃ. Ċuaiḋ an lon duḃ is an dreoilín is mion-daoine eile na coille do ċodlaḋ. Coisgeaḋ ar ḋordán na gcuileog is ar ṁéidliġ na n-uan. D’ísliġ an ġrian go mall go raiḃ sí i n-aice le bun na spéire, go raiḃ sí go díreaċ ar ḃun na spéire, go raiḃ sí fá ḃun na spéire. Ṡéid gála fuar anoir. Leaṫ an dorċadas ar an talaṁ. Fá ḋeireaḋ ṫáinig Eoġainín isteaċ.

‘Is baoġlaċ naċ dtiocfaiḋ siad anoċt,’ ar seisean. ‘B’ḟéidir le Dia go dtiocfaidís i mbáraċ.’


Ṫáinig an ṁaidin lá ar n-a ḃáraċ. Ḃí Eoġainín ina ṡuiḋe go moċ agus é ag faireaḋ amaċ ó ṁullaċ na haille. Ṫáinig an meaḋon lae. Ṫáinig an deireaḋ lae. Ṫáinig an oiḋċe. Aċt, mo léan! níor ṫáinig na fáinleoga.

‘B’ḟéidir go ḃfeicimís ċugainn i mbáraċ iad,’ arsa Eoġainín agus é ag teaċt isteaċ go brónaċ an oiḋċe sin.

Aċt ní ḟacadar. Ná ní ḟacadar ċuca iad an lá ina ḋiaiḋ sin ná an lá ina ḋiaiḋ sin arís. Agus ’sér’d deireaḋ Eoġainín gaċ oiḋċe ag teaċt isteaċ ḋó:

‘B’ḟéidir go mbeaḋ siad ċugainn i mbáraċ.’

II

Ṫáinig tráṫnóna aoiḃinn i ndeireaḋ an Aibreáin. Ḃí an t-aer glan fionnḟuar tar éis múir ḃáistiġe. Ḃí solus iongantaċ san doṁan ṫiar. Ḃí séis ċeoil ag na héanlaiṫ san sgoill. Ḃí duan dá canaḋ ag na tonntraċaiḃ ar an tráiġ. Aċt ḃí uaigneas ar ċroiḋe an ṁalraiġ agus é ag fanaċt leis na fáinleogaiḃ.

Cluineaḋ go hobann glór nár cluineaḋ san áit sin le tuilleaḋ agus leiṫ-ḃliaḋain. Glór beag bídeaċ. Glór fann fíor-ḃinn. Ceileaḃar mear meiḋreaċ, agus é neaṁ-ċosṁail le haon ċeileaḃar eile dá dtagann ó ġob éin. Le luas lasraċ ṫiomáin toirt ḃeag ḋuḃ andeas. Í ag eiteall go hárd san aer. Ḋá sgiaṫán leaṫna láidre uirṫi. Déanaṁ gaḃláin ar a hiorball. Í ag gearraḋ na sliġeaḋ roimpi mar ṡaiġid a caiṫfiḋe as boġa. D’ísliġ sí go hobann, d’ionntuiġ sí, d’éiriġ arís, d’ísliġ is d’ionntuiġ arís. Annsin rinne sí caol díreaċ ar Eoġainín, í ag laḃairt i n-árd a goṫa, gur luiġ is gur neaduiġ sí i mbrollaċ an ġasúirín tar éis a taistil ḟada ó’n Doṁan Ṫeas.

‘Ó! mo ġráḋ ṫú, mo ġráḋ ṫú!’ arsa Eoġainín, ’gá tógáil ina ḋá láiṁ is ’gá pógaḋ ar an gcloiginín duḃ.  ‘’Sé do ḃeaṫa ċugam ó na críoċaiḃ coiṁiġṫeaċa! Ḃfuil tú tuirseaċ tar éis t’aistir uaigniġ ṫar taltaiḃ agus ṫar fairrgíḃ? Óra, mo ṁíle ṁíle gráḋ ṫú, a ṫeaċtaire ḃig áluinn ó’n tír ina mbíonn sé ina ṡaṁraḋ i gcoṁnaiḋe! Cá ḃfuil do ċompánaiġ uait? Nó céard d’éiriġ ḋíḃ ar an mbóṫar nó te naċ dtáinig siḃ roiṁe seo?’

An ḟaid is ḃí sé ag laḃairt mar so leis an ḃfáinleoig, ’gá pógaḋ arís is arís eile agus ag cuimilt a láiṁe go gráḋṁar dá sgiaṫánaiḃ duḃġorma, dá sgórnaċ beag dearg, agus dá brollaċ geal cluṫṁar, ṡeol éinín eile andeas agus ṫuirling ina n-aice. D’éiriġ an dá éan san aer annsin, agus ’sé an ċéad áit eile ar luiġ siad ina neid ḃig féin a ḃí foluiġṫe san eiḋean a ḃí ag fás go tiuġ ar ḃallaíḃ an tiġe.

‘Tá siad ar fáġáil sa deireaḋ, a ṁáiṫrín!’ arsa Eoġainín, agus é ag riṫ isteaċ go lúṫġáireaċ. ‘Tá na fáinleoga ar fáġáil sa deireaḋ! Ṫáinig peire anoċt―an péire a ḃfuil a nead os cionn m’ḟuinneoige-se. Beiḋ an ċuid eile ċugainn i mbáraċ.’

Ċrom an ṁáṫair agus ṫeann sí léiṫi é. Annsin ċuir sí paidir ċum Dé ós íseal, ag gaḃáil ḃuiḋeaċais leis as uċt na fáinleoga a ṡeolaḋ ċuca. An lasair a ḃí i súiliḃ an ṁalraiġ, ċuirfeaḋ sí aoiḃneas ar ċroiḋe máṫar ar biṫ.

Ba ṡáṁ é codlaḋ Eoġainín an oiḋċe sin.


Ṫáinig na fáinleoga i ndiaiḋ a ċéile anois―ina gceann is ina gceann ar dtús, ina bpéire is ina bpéire annsin, agus fá ḋeireaḋ ina sgataíḃ beaga. Naċ orṫa a ḃí an t-áṫas nuair a ċonnaic siad an tsean-áit arís! An ċoill ḃeag agus an sruiṫleán ag gluaiseaċt tríṫi; an tráiġ ġeal ġainṁeaċ; na fuinnseoga a ḃí i n-aice an tiġe; an teaċ féin agus na sean-neadraċa go díreaċ mar d’ḟágadar iad leiṫ-ḃliaḋain roiṁe sin. Ní raiḃ aṫruġaḋ ar ṫada aċt aṁáin ar an mbuaċaill beag. Ḃí seisean níos ciúine agus níos míne ná ḃíoḋ Ba ṁinice ina ṡuiḋe é ’ná ag riṫ leis féin ar fud na ngarranta mar ba ġnáṫaċ leis roiṁe sin. Níor cluineaḋ ag gáiriḋe ná ag gaḃáil ḟuinn é ċoṁ minic is cluintí. Má ṫug na fáinleoga an méid seo fá deara, agus ní abróċainn nár ṫug, is cinnte go raiḃ brón orṫa faoi.

Ċuaiḋ an saṁraḋ ṫart. B’annaṁ a ċorruiġeaḋ Eoġainín amaċ ar an tsráid, aċt é ina ṡuiḋe go sásta ar ṁullaċ na haille ag féaċaint ar na fáinleogaiḃ agus ag éisteaċt le n-a gceileaḃar. Ċaiṫeaḋ sé na huaireannta mar so. Ba ṁinic ann é ó ṁoċ na maidne gur ṫáinig an ‘tráṫnóna gréine buiḋe’; agus ag dul isteaċ ḋó gaċ oiḋċe ḃíoḋ an-ċuimse sgéalta―sgéalta áilne iongantaċa―aige le n-innseaċt dá ṁáṫair. Nuair a ċeistniġeaḋ sise é fá na sgéaltaiḃ seo, deireaḋ sé i gcoṁnaiḋe léiṫi gurab ó na fáinleogaiḃ d’ḟágaḋ sé iad.

III

Ḃeannuiġ an sagart isteaċ tráṫnóna.

‘Cia ċaoi ḃfuil Eoġainín na nÉan an aimsir seo, a Eiḃlín?’ ar seisean. (‘Eoġainín na nÉan’ a ḃí mar ainm ag na malraċaiḃ eile air i ngeall ar an gcion a ḃí aige do na héanlaiṫ).

‘Muise, a Aṫair, ní raiḃ sé ċoṁ maiṫ le fada an lá is atá sé ó ṫainig an saṁraḋ. Tá luisne ina leiceann naċ ḃfaca mé ann riaṁ roiṁe.’

Ḃreaṫnuiġ an sagart go géar uirṫi. Ṫug seisean an luisne sin fá deara le tamall, aċt má ṫug, níor ṁeall sí é. Ṫug daoine eile fá deara freisin í agus, má ṫug, níor ṁeall sí iad. Aċt ba léir gur ṁeall sí an ṁáṫair. Ḃí deora i súiliḃ an tsagairt, aċt ḃí Éiḃlín ag faduġaḋ na teineaḋ is ní ḟaca sí iad. Ḃí toċt ina ġlór nuair a laḃair sé arís, aċt níor ṫug an ṁáṫair fá deara é.

‘Cá ḃfuil Eoġainín anois, a Éiḃlín?’

‘Tá sé ina ṡuiḋe ar an aill amuiġ “ag cainnt leis na fáinleogaiḃ,” mar deireann sé héin. Is iongantaċ an cion atá aige do na héiníníḃ sin. Ḃfuil a ḟios agat, a Aṫair, céard duḃairt sé liom an lá ċeana?’    

‘Níl a ḟios, a Eiḃlín.’

‘Ḃí sé ’ġá ráḋ gur gearr anois go mbéiḋ na fáinleoga ag imṫeaċt uainn arís, agus ar seisean liom go toibeann, “Céard a ḋéanfá, a ṁáiṫrín,” ar seisean, “dá n-éalóċainn-se uait leis na fáinleogaiḃ?”’

‘Agus céard duḃairt tusa, a Eiḃlín?’

‘Duḃairt mé leis sguabaḋ leis amaċ agus gan a ḃeiṫ ’gam’ ḃoḋruġaḋ. Aċt táim ag cuiṁniuġaḋ riaṁ ó ṡoin ar an rud aduḃairt sé agus tá sé ag déanaṁ buaiḋearṫa ḋom. Nárḃ’ aisteaċ an samoineaḋ ḋó é, a Aṫair,―, é imṫeaċt leis na fáinleogaiḃ?’

‘Is iomḋa smaoineaḋ aisteaċ ṫagas isteaċ i gcroiḋe páiste,’ ars’ an sagart. Agus ṫug sé an doras amaċ air féin gan focal eile a ráḋ.


‘Ag brionglóidiġ mar is gnáṫaċ leat, a Eoġainín?’

‘Ní heaḋ, a Aṫair. Tá mé ag cainnt leis na fáinleogaiḃ.’

‘Ag cainnt leo?’

‘’Seaḋ, a Aṫair. Bímid ag cainnt le ċéile i gcoṁnaiḋe.’

‘Agus cogar. Céard a ḃíos siḃ a ráḋ le ċéile?’

‘Bímid ag cainnt ar na críoċaiḃ i ḃfad uainn a mbíonn sé ina ṡaṁraḋ i gcoṁnaiḋe ionnta, agus ar na fairrgíḃ fiaḋáine san áit a mbáiṫtear na luingis, agus ar na caṫraċaiḃ aol-ġeala a gcoṁnuiġeann na ríġṫe ionnta.’

Ṫáinig iongnaḋ a ċroiḋe ar an sagart mar ṫáinig ar an máṫair roiṁe sin.

‘Tusa a ḃíos ag cur síos ar na neiṫiḃ seo agus iad-san ag éisteaċt leat, is cosṁail?’

‘Ní mé, a Aṫair. Iad-san is mó a ḃíos ag cainnt agus mise ag éisteaċt leo.’

‘Agus an dtuigeann tú a gcuid cainnte, a Eoġainín?’

‘Tuigim, a Aṫair. Naċ dtuigeann tusa í?’

‘Ní go ró-ṁaiṫ a ṫuigim í. Déan áit dom ar an aill annsin agus suiḋfiḋ mé tamall go míniġiḋ tú ḋom céard ḃíos siad a ráḋ.’

Suas leis an sagart ar an aill agus ṡuiḋ le hais an ġasúirín. Ċuir sé a láṁ fá n-a ṁuineál is ṫosuiġ ag baint ċainnte as.

‘Míniġ ḋom céard a ḃíos na fáinleoga a ráḋ leat, a Eoġainín.’

‘Is iomḋa rud a ḃíos siad a ráḋ liom. Is iomḋa sgéal breaġ innsiġeas siad dom. An ḃfaca tú an t-éinín sin a ċuaiḋ ṫart anois díreaċ, a Aṫair?’

‘Ċonnaiceas.’

‘Sin í an sgéalaiḋe is cliste orṫa ar fad. Tá a nead sin fá’n eiḋean atá ag fás os cionn fuinneoige mo ṡeomra-sa. Agus tá nead eile aici san Doṁan Ṫeas―aici féin is ag a céile.’

‘A’ ḃfuil, a Eoġainín?’

‘Tá―nead ḃeag áluinn eile na mílte is na mílte míle as so. Naċ aisteaċ an sgéal é, a Aṫair?―a ráḋ go ḃfuil ḋá ṫeaċ ag an ḃfáinleoigín agus gan againn aċt aon teaċ aṁáin?’

‘Is aisteaċ go deiṁin. Agus cia an sórt tír ina ḃfuil an teaċ eile seo aici?’

‘Nuair a ḋúnaim mo ṡúile feicim tír uaigneaċ áiḋḃéil. Feicim anois í, a Aṫair! Tír iongantaċ uaṫṁar. Níl sliaḃ ná cnoc ná gleann innti, aċt í ina macaire ṁór réiḋ ġainṁeaċ. Níl coill ná féar ná fás innti, aċt an talaṁ ċoṁ lom le croiḋe do ḃoise. Gaineaṁ ar fad. Gaineaṁ fá do ċosaiḃ. Gaineaṁ ar gaċ taoiḃ ḋíot. An ġrian ag spalpaḋ os do ċionn. Gan néall ar biṫ le feiceál san spéir. É go han-te. Annso is annsúd tá ball beag féaraċ mar a ḃeaḋ oileáinín i lár fairrge. Cúpla crann árd ag fás ar gaċ ball aca. Fasgaḋ ó ġaoiṫ agus ó ġréin aca. Feicim ar oileán de na hoileánaiḃ seo aill árd. Aill ṁór ṁillteaċ. Tá sgoilteaḋ ins an aill, agus ins an sgoilteaḋ tá nead fáinleoigín. Sin í nead m’ḟáinleoigín-se.’

‘Cia d’innis an méid seo ḋuit, a Eoġainín?’

‘An ḟáinleog. Caiṫeann sí leaṫ a saoġail ins an tír sin, í héin is a céile. Naċ aoiḃinn an saoġal atá aca ar an oileáinín uaigneaċ údan i lár na díṫreiḃe! Ní ḃíonn fuaċt ná fliċe ann, sioc ná sneaċta, aċt é ina ṡaṁraḋ i gcoṁnaiḋe … Agus ina ḋiaiḋ sin, a Aṫair, ní ḋeanann siad dearmad ar a neid ḃig eile annso i nÉirinn, ná ar an gcoill, ná ar an srúṫán, ná ar na fuinnseogaiḃ, ná orm-sa, ná ar mo ṁáṫair. Gaċ bliaḋain san earraċ cloiseann siad mar a ḃeaḋ cogarnaiġil ina gcluais ’gá ráḋ leo go ḃfuil an ġrian ag deallruġaḋ ar na bántaiḃ, is go ḃfuil na huain ag méiḋliġ, is go ḃfuilim-se ag fanaċt leo-san. Agus fágann siad slán ag a n-árus san tír ċoiṁiġṫiġ is imṫiġeann siad rómpa is ní ḋéanann siad stad ná coṁnaiḋe go ḃfeiceann siad barr na ḃfuinnseog uaṫa agus go gcluineann siad glór na haḃann is méiḋleaċ na n-uan.’

Ḃí an sagart ag éisteaċt go haireaċ.

‘Ó!―agus naċ iongantaċ an t-aistear aca é ó’n Doṁan Ṫeas! Fágann siad an maċaire mór gainṁe ina ndiaiḋ agus na sléiḃte árda maola atá ar a imeall agus imṫiġeann siad rómpa go dtagann siad go dtí an ṁuir ṁór. Amaċ leo ṫar ar muir ag eiteall i gcoṁnaiḋe  ’gcoṁnaiḋe gan tuirse gan traoċaḋ. Feiceann siad síos uaṫa na tonntraċa treaṫan-ṁóra, agus na luingis ag treaḃaḋ na díleann, agus na seolta bána, agus faoileáin agus cailleaċa duḃa na fairrge, agus iongantais eile naċ ḃféadfainn cuiṁniuġaḋ orṫa. Agus sgaiṫte éirġeann gaoṫ agus gála is feiceann siad na longa dá mbáṫaḋ is na tonntraċa ag éirġe i mullaċ a ċéile; agus bíonn siad féin, na créatúir, dá dtuargain leis an ngaoiṫ agus dá ndallaḋ leis an mbáistiġ agus leis an sáile nó go mbaineann siad amaċ an tír fá ḋeireaḋ. Tamall dóiḃ annsin ag imṫeaċt rómpa agus iad ag féaċaint ar ṗáirceannaiḃ féarṁara is ar ċoilltiḃ barr-ġlasa is ar ċruaċaiḃ ceann-árda is ar loċaiḃ leaṫna is ar aiḃneaċaiḃ áilne is ar ċaṫraċaiḃ breaġṫa mar ḃeaḋ i bpictiúiríḃ iongantaċa agus iad ag breaṫnuġaḋ orṫa síos uaṫa. Feiceann siad daoine ag obair. Cluineann siad beiṫiḋiġ ag géiṁniġ, agus páistí ag gáiriḋe, agus cloga dá mbualaḋ. Aċt ní stadann siad aċt ag síor-imṫeaċt nó go dtagann siad go bruaċ na mara arís, agus ní sos dóiḃ annsin go mbuaileann siad tír na hÉireann.’

Lean Eoġainín air ag laḃairt mar seo ar feaḋ i ḃfad, an sagart ag éisteaċt le gaċ focal dá nduḃairt sé. Ḃíodar ag seanċus nó gur ṫuit an dorċadas agus gur ġlaoiḋ an ṁáṫair isteaċ ar Eoġainín. Ċuaiḋ an sagart a ḃaile ag maċtnaṁ ḋó féin.

IV

D’imṫiġ an Luġnasa agus an Meaḋon Fóġṁair. Ḃí an Deireaḋ Fóġṁair leaṫ-ċaiṫte. De réir mar ḃí na laeṫeannta ag dul i ngiorraċt ḃí Eoġainín ag éirġe ní ba ḃrónaiġe. B’annaṁ a laḃruiġeaḋ sé le n-a ṁáṫair anois, aċt gaċ oiḋċe roiṁ ḋul a ċodlaḋ ḋo ṗógaḋ sé go dil agus go díoċraċ í agus deireaḋ sé―

‘Glaoiḋ orm go moċ ar maidin, a ṁáiṫrín. Is beag an spás atá agam anois. Béiḋ siad ag imṫeaċt gan mórán moille.’

Ġealuiġ lá áluinn i lár na míosa. Go luaṫ ar maidin ṫug Eoġainín fá deara go raiḃ na fáinleoga ag cruinniuġaḋ le ċéile ar ḃarr an tiġe. Níor ċorruiġ sé ó n-a ṡuiḋeaċán ar feaḋ an lae sin. Ag teaċt isteaċ ḋó tráṫnóna, ar seisean le n-a ṁáṫair―

‘Béiḋ siad ag imṫeaċt i mbáraċ.’

‘Cá ḃfios duit, a ġráḋ ġil?’

‘Duḃairt siad liom indiu é … A ṁáiṫrín,’ ar seisean arís, tar éis sgaṫaiṁ ḋó ina ṫost.

‘Céard é héin, a leanḃín?’

‘Ní ḟéadfaiḋ mé fanaċt annso nuair a ḃéas siad imṫiġṫe. Caiṫfiḋ mé imṫeaċt i n-éindiġ leo … go dtí an tír ina mbíonn sé ina ṡaṁraḋ i gcoṁnaiḋe. Ní ḃeiṫeá uaigneaċ dá n-imṫeoċainn?’

‘Ó! a stóir, a ṁíle stór ṫú, ná laḃair mar sin liom!’ ars’ an ṁáṫair ag breiṫ air agus ’ġá ḟásgaḋ le n-a croiḋe. ‘Níl tú le éalóḋ uaim! Ar ndóiġ ní ḟágfá do ṁáiṫrín agus imṫeaċt i ndiaiḋ na ḃfáinleog?’

Ní duḃairt Eoġainín focal aċt í ṗógaḋ arís is arís.


Ġealuiġ lá eile. Ḃí an buaċaillín beag ina ṡuiḋe go moċ. Ó ṫús lae ḃí na céadta fáinleog bailiġṫe le ċéile ar ṁullaċ an tiġe. Ó am go ham d’iṁṫiġeaḋ ceann nó péire aca agus d’ḟilleaḋ arís, mar ḃeidís ag breaṫnuġaḋ ar an aimsir. Fá ḋeireaḋ d’imṫiġ péire is níor ḟill siad. D’imṫiġ péire eile. D’imṫiġ an tríoṁaḋ péire. Ḃí siad ag imṫeaċt i ndiaḋ a ċéile annsin go dtí nár ḟan aċt aon sgata beag aṁáin ar stuaic an tiġe. Ḃí an péire a ṫáinig ar dtús an tráṫnóna earraiġ úd sé ṁí roiṁe sin ar an sgata beag so. Is cosṁail go raiḃ leisge orṫa an áit a ḟágáil.

Ḃí Eoġainín ’gá ḃfaireaḋ ó’n aill. Ḃí a ṁáṫair ina seasaṁ len’ ais.

D’éiriġ an sgata beag éinín san aer agus ṫugadar aġaiḋ ar an Doṁan Ṫeas. Ag imṫeaċt dóiḃ ṫar ḃarr na coille d’ḟill péire ar ais,―an péire a raiḃ a nead os cionn na fuinneoige. Anuas leo ó’n spéir ag déanaṁ ar Eoġainín. Ṫart leo annsin, iad ag eiteall i n-aice leis an talaṁ. Ċuimil a sgiaṫáin de ġruaiḋ an ġasúirín agus iad ag sguabaḋ leo ṫairis. Suas leo san aer arís, iad ag laḃairt go brónaċ, agus as go bráṫ leo i ndiaiḋ na coda eile.

‘A ṁáṫair,’ arsa Eoġainín, ‘tá siad ag glaoḋaċ orm. “Teara uait go dtí an tír a mbíonn an ġrian ag soillsiuġaḋ i gcoṁnaiḋe ann,―teara uait, a Eoġainín, ṫar na fairrgíḃ fraoċda go dtí tír an tsoluis,―teara uait, a Eoġainín na nÉan!” Ní ḟéadaim iad a eiteaċ. Beannaċt agat, a ṁáiṫrín,―mo ṁíle míle beannaċt agat, a ṁáiṫrín mo ċroiḋe. Táim ag imṫeaċt uait … ṫar na fairrgíḃ fraoċda … go dtí an tír ina mbíonn sé ina ṡaṁraḋ i gcoṁnaiḋe.’

Leig sé a ċeann siar ar ġualainn a ṁáṫar agus ċuir se osnaḋ as. Cluineaḋ gol mná ins an áit uaigniġ úd―gol máṫar ag caoineaḋ a páiste. Ḃí Eoġainín imṫiġṫe i ḃfoċair na ḃfáinleog.


Ċuaiḋ an ḟóġṁar is an geiṁreaḋ ṫart agus ḃí an t-earraċ ar fágáil arís. Ḃí na coillte fá ḋuilleaḃar, is na huain ag méiḋliġ, is an ġrian ag deallruġaḋ ar na bántaiḃ. Tráṫnóna glórṁar san Aibreán ṫáinig na fáinleoga. Ḃí solus iongantaċ ag bun na spéire san iarṫar mar ḃí bliaḋain an taca sin. Ḃí séis ċeoil ag na héanlaiṫ san gcoill. Ḃí duan dá canaḋ ag na tonntraċaiḃ ar an tráiġ. Aċt ní raiḃ aon ġasúirín fionn-ḃán ina ṡuiḋe ar ṁullaċ na haille fá sgáṫ na ḃfuinnseog. Istiġ ins an teaċ ḃí bean aonraic ag caoi cois teineaḋ.

‘… ’S a ṁaicín ṁúirniġ,’ ar sise, ‘feicim na fáinleoga ċugam arís, aċt ní ḟeicfiḋ mé tusa ċugam go deo.’

Ċuala na fáinleoga í agus iad ag dul ṫar an doras. Níl a ḟios agam an gcuala Eoġainín í, mar ḃí sé na mílte míle i gcéin … ins an tír ina mbíonn sé ina ṡaṁraḋ i gcoṁnaiḋe.