Níḋ atá go mór i n-easnaṁ ar na nÓgláċaiḃ eolas beaċt ar an dúṫaiġ. Caiṫfear féaċain ċuige sin. Ní ċreidfeá a laiġead eolais is atá ag furṁór Gaeḋeal ar a gcaṫair nó ar a dtaoiḃ tíre nó ar a mbaile coṁnaiḋṫe féin. Tá na mílte d’ḟearaiḃ óga i gcaṫair Ḃaile Áṫa Cliaṫ nár seas riaṁ ar ḃarr an tSléiḃe Ruaiḋ. Tá na céadta i gcaṫair Béal Feirste naċ eol dóiḃ casán ná conaire ar ṫaoiḃ Ḃinne Madagáin. Ní hé sin an ċuid is measa ḋe. Do-ġeoḃṫa fa’n tuaiṫ ḟéin fir agus ógánaiġ, agus ní beag a líon, naċ ḃféadfaḋ duine d’iarrfaḋ eolar an ḃealaiġ orṫa do ċur ar an eolas i gceart go dtí an baile mór báḋ ġoire ḋoiḃ. Agus maidir le haċar nó fad bóṫair do ṫoṁais, do ṡílfea gur buaiḋ é sin do ṡéan Dia ar Ġaeḋealaiḃ. “Cia ṁéad míle go Gailliṁ a ḋuine ċóir?” “M’anam muise go ḃfuil sé píosa maiṫ de ḃóṫar.” Sin i an ḟreagra do geoḃṫá da gcuirfeá a leiṫéid sin de ċeist ar an ngnaċ-Ġaeḋeal.
Ní ṁór dúinne eolas do ċur ar aġaiḋ na hÉireann, agus go ṁór-ṁór ar an mbaile mór agus ar an taoiḃ tíre agus ar an gcontae ina ḃfuil ar gcoṁnaiḋe. Tá a lán de ḃuiḋniḃ óglaċ agus do ṡílfeá orṫa gurab aṁlaiḋ is dóiġ leo gurab istiġ i halla ḟoġluimeaṫas siad céardna Féinne. Ní heaḋ, maiseaḋ. Ní heaḋ, aċt amuiġ fá na cnocaiḃ agus fá na gleanntaiḃ. “Tré ċoṁgar gaċa conaire agus tré aiṁréiḋ gaċa diaṁraiġe,” do b’ í sin sliġe na Féinne. Leanaimís-ne a lorg-san.
Is deas an ruḋ ḃeiṫ ag cumaḋ ceaṫrar go slaċtṁar. Aċt nuair ḃéas an naṁa ar ar dtí, nó sinne ar a ṫí-sean, is mairg sinn má ċuirimid ar muinġin ina leiṫéid sin. Na trí níḋ is mó a mbeiḋ gáḃaḋ leo an lá sin .i. urċur-mait, luas cos, agus eolas an aiṫġiorra.
Cuirimís eolas, mion-eolas, eolas cruinn beaċt, ar ar mbaile féin i dtosaċ. Ná fágaimís bóṫar ná bóiṫrín, sruṫ ná páirce ann gan a ċuartuġaḋ agus a ḟéaċain agus a ṁion-sgrúduġaḋ. Ná bímís sásta go beiṫ dúinn ċoṁ oilte sin go dtiocfaḋ linn ar mbealaċ do ḋéanaṁ ó ċeann ceann an ḃaile i lár oiḋċe agus dalla-ṗúicín orainn. Amaċ linn ansin go dtí an ḃaile is goire dúinn agus eolas do ċur air sin ar an nós céadna. Agus mar sin de ó ḃaile go baile.
Agus cogar, mar a deireaḋ an tseanḃean. Cibé naṁa ṫiocfas in ar gcoinne-ne, béiḋ ḋá ḃuaiḋ aige, i buaiḋ na líonṁaireaċta agus buaiḋ na harmála. Má ḃíonn an buaiḋ so atáim do luaḋ againn, .i. cruinn-eolas ar an tír, b’ḟéidir naċ dúinne báḋ ṁeasa i ndeireaḋ na dtreas. Ní beag nod.
PÁDRAIG MAC PIARIAS.