A sgéal féin sgéal gaċ éinne, agus sgéal Uí Raṫġaille an t-airgead. Ní hé go ḃfuil dúil san airgead aige. Níl. Do b’ḟearr le hUa Raṫġaille i gcoṁnaiḋe ḃeiṫ ag taḃairt uaiḋ ioná ḃeiṫ ag bailiuġaḋ ċuige isteaċ. Is é atá ag baint codalta na hoiḋċe ḋe fá laṫair gunnaí do ḃeiṫ le faġáil aige agus gan glaoḋaċ orṫa ag ógláċaiḃ. Mar a duḃras, tá seaċtṁain ó ṡoin ann, is féidir gunnaí do ċeannaċ anois aċt an t-airgead do ċur sios roiṁ-ré. Aon ḃuiḋean ógláċ a ḃfuil leaṫ-ċéad púnt nó fiċe púnt nó deiċ bpúint féin i dtaisge aca, tarraingidís as an stoca an tsuim airgid sin agus seolaidís ċum Uí Raṫġaille í. Cuirfear luaċ an airgid de ġunnaiḃ ṫar n-ais ċuca gan ró-ṁoill.
Anois an t-am. Ní hé lá na gaoiṫe lá na sgolb. Muna ḃfaġtar na gunnaí anois béimid gan gunnaiḃ lá an ċoṁraic. Is fearr go mall ioná go ró-ṁall. Is mall an tosnuġaḋ againn é aċt do b’ḟéidir le Dia na ḃfeart naċ ḃfuil sé ró-ṁall fós.
Tá ina ċogaḋ ċraorag ar fud na hEorpa indiu. Tá na céadta de ṁíltiḃ i dtreasaiḃ na gcaṫ. Níor séideaḋ an buaḋḃall i nÉirinn go fóill. Aċt cá ḃfios dúinn naċ i gcionn bliaḋna nó leaṫ-ḃliaḋna do séidfiḋe é? Is mairg sinn má-ḃimíḋ gan armaiḃ an lá sin. Má ḃímíd, is orainn féin ḃéas a ṁilleán. Is fíor go ḃfuil a seaċt ndíċill dá ndéanaṁ ag Gallaiḃ ċum airm do ċosg orainn. Is fior go ḃfuil a lán de Ġaeḋealaiḃ meaṫta ag cuidiuġaḋ leo san iarraċt sin. Is cuma sin. Níor ṫeip ar ḟear an ṁisnig riaṁ. Ní ṫeipfiḋ orainne. Níl ag teipeaḋ orainn anois féin. Tá ag éirġe linn. Tuilleaḋ misniġ, tuilleaḋ saoṫair, tuilleaḋ foiġde—sin a ḃfuil uainn. Oibriġimís linn agus ar ndóċas as Día.
Tá an sgéal dona go leor ag Gaeḋealaiḃ anois. A ḃfurṁór ceannsuiġṫe nó ceannuiġte, agus ríġḃeagán díoḃ ag seasaṁ amaċ san mbearmain ḃaoġail. Aċt béiḋ an ais-éiriġe ann, mar a duḃairt an file trát. Ní heaḋ, aċt tá an ais-éiriġe ann ċeana féin. Tuigimís é sin go beaċt. Tuigimís go ḃfuil tosnuiġṫe ar saoraḋ Gaeḋeal. Tá cuid againn agus muna ḃfuilmíd saor ċeana tá rás ar saorṫa againn, a airm agus sinn ag dul ina dtaiṫiġe. Bail Dé ar an obair!
PÁDRAIC MAC PIARAIS.