Táim tar éis cuairt do ṫaḃairt ar ḋosaon éigin de Ḃuiḋniḃ Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Níor ċaiṫeas aċt tamall gearr i ḃfoċair gaċ buiḋne ḋíoḃ, óir do ḃí orm dá ḃuiḋin d’ḟéaċain gaċ oiḋċe. Aċt ní gáḃaḋ tamall an-ḟada do ṫaḃairt i ḃfoċair buiḋne óglaċ ċum spioraid agus bríġ agus clisteaċt na buiḋne sin do ṁeas. Má’s buiḋean ṁaiṫ í agus oifigiġ ṁaiṫe ina ceannus, bíonn a rian sin ar gaċ obair dá ndéanann sí. Tagann na fir i n-am; tosnuiġṫear ar ġnó na h-oiḋċe ar an uair do ceapaḋ roiṁ-ré; leantar de’n ġnó sin gan staonaḋ go beiṫ caiṫte do’n aimsir do ceapaḋ ḋó; bíonn na fir cruinn beaċt; bíonn slaċt éigin ar a n-imṫeaċtaiḃ ó ṫús go deireaḋ.
Do ḃí saġas eagla orm i dtosaċ na seaċtṁaine naċ mbeaḋ tosnuiġṫe i gceart ag na buiḋniḃ ar obair an tseiseoin. Ní mar sin do ḃí. Do ḃí an obair fá lánréim siuḃail aca. Do ṡíleas go mbeaḋ orm a lán aca do ġríosaḋ agus d’imḋeargaḋ. Ní raiḃ gáḃaḋ le n-a leiṫéid. Do bíodar ar fad ag luiġe isteaċ leis an obair go díċeallaċ. Níl sos ná suaiṁneas ag baint d’ogláċaiḃ Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Táid ina lándúiseaċt agus fonn oibre orṫa.
Tá gunnaí ag a leaṫ. Ní beag le ráḋ an méid sin. Is fada ó ḃí an oiread sin gunnaí i láṁaiḃ Gaeḋeal Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Ná staontar anois go mbíḋ gunnaí ag an leaṫ eile. Is féidir na gunnaí d’ḟaġáil aċt an t-airgead do ċur síos. Deireaḋ gaċ siosgéil an t-airgead. Is é an t-airgead tús agus deireaḋ an tsoisgéil so. Bailiġṫear an t-ór agus an t-airgead agus déanfaimidne iarann de. Dá uaisle an t-ór is uaisle fá ḋó an t-iarann. Baḋ ṁaiṫ liom Aois an Iarainn d’ḟilleaḋ ar Éirinn. Ró-ḃog atáimíd le fada.
Tá aimsiuġaḋ agus rgaoileaḋ urċar dá gcleaċtaḋ ag furṁór na mbuiḋean. Níor ṁór a ṫuilleaḋ ḋe sin. Ní maraiḋe go stiúrṫóir agus ní saiġdiúir go gunnadóir. Ceannuiġeaḋ gaċ buiḋean mion-ġunna, cuirtear suas coṁarṫa i ngaċ halla, agus caiṫeaḋ an ḃuiḋean leaṫ-uair ag sgaoileaḋ leis gaċ seaċtṁain. As an taiṫiġe do-ġeiḃtear an t-eolas.
PÁDRAIC MAC PIARAIS.
