Urċur maiṫ, luas cos, agus eolas an aiṫġiorra. A duḃras, tá seaċtṁain ó ṡoin ann, gurab iad sin na trí neiṫe is mó a mbéiḋ ġáḃaḋ leo nuair ḃéas Fianna Fáil ag éirġe i gcoinne a naṁad. Tráċtam ar na trí neiṫiḃ sin an tseaċtṁain so.

Níl gunnaí móra ag Gaeḋealaiḃ. Is fada go mbéiḋ. Caiṫfid déanaṁ ina n-éaġmais, máiseaḋ. Ná bíoḋ an iomarca measa againn ar an ngunna mór. Ḋá dtrian dá dtuiteann ar maċaire caṫa, is é an caol-ġunna ḃaineas dá gcois iad. Dá mbéaḋ fiċe míle óglaċ againn ⁊ taiṫiġe ṁaiṫ aca ar an gcaol-ġunna baḋ ḃeag é ar mbeann ar na gunnáiḃ móra.

Is minic rug fiċe fear buaiḋ ar ċéad fear aċt an fiċe fear bo ḃeiṫ san áit ċirt ar an am ceart. Ċum go mbéimís san áit ċirt ar an am ceart caiṫfimíd luas cos agus eolas an aiṫġiorra do ḃeiṫ againn. Ní mór dúinn síor-ṫaiṫiġe na gcnoc agus na mbóṫar do ḋéanaṁ má’s mian linn an dá níḋ sin. An té ḟanfas cois teine i n-aimsir ṡíoṫċána bíoḋ cead aige fanṁain cois teine i n-am cogaiḋ freisin. Ní treiside an t-arm an té sin lá an ċaṫa. Ní fearr ann ioná as é. Sop i n-ionad sguaibe agus cloċ i n-ionad uiḃe is ceaḋ an t-ógláċ naċ ḃfuil luadaireaċt a ċos agus eolas na tíre aige.

Éinne do léiġ riaṁ leaḃar De Ḃet tuigfiḋ fé an méid sin go maiṫ. Nó is féidir a ḃríġ do ṫuigsin as leaḃar Ṁaolṁuire Uí Ḃroin ar éirġe amaċ Gaeḋeal Loċa Garmain sa mbliaḋain Nóċa a hOċt. Má tá óglaċ i nÉirinn nár léiġ an leaḃar sin is í mo ċoṁairle ḋó a ḟaġáil agus a ṁion-léiġeaḋ ó ṫús go deireaḋ. Ríġ-leaḃar is eaḋ é.

PÁDRAIC MAC PIARAIS.