Is mór an truaiġ, dar liom, a mbíonn d’aṁránaiḃ Béarla dá gcanaḋ ag na Fiannaiḃ agus iad ag gluaiseaċt rómpa. Iarsma an-smaċta Gall na haṁráin sin, agus baḋ ṁiṫid deireaḋ do ċur leo. Canam Gaeḋealg nó fanam balḃ.
I nGailliṁ ḋúinn, tá tuilleaḋ ⁊ bliaḋain ó ṡoin ann, tar éis an ṁór-ċruinniġṫe ar ar ġríosamar Gaeḋil na caṫraċ sin ċum dul san ḃFéinn, aduḃairt Sir Ruaiḋrí Mac Easmuinn liom-sa agus le hEóin Mac Néill gurḃ’ é a ḃaraṁail naċ ḃféadfaiḋe “Séarlus Óg” do ṡáruġaḋ mar aṁrán máirseála do’n ḃFéinn. D’aontuiġeamar leis. Do ċuireamar fios ar ċeoltóir agus ṫáinig sé agus do ṡeinn Sir Ruaiḋrí an ceol dó go raiḃ se de ṁeaḃair ċinn aige. Do ḃí buiḋean ag gluaiseaċt ṫar an teaċ ar an tsráid amuiġ le n-a linn sin, agus do ċuamar amaċ, agus do ġaḃ Sir Ruaiḋrí an t-aṁrán dóiḃ, agus nuair do ġluaiseadar rómpa arís do ḃí “óro, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile” mar aṁrán agus mar ḋord Féinne aca ba léir gur ṫaiṫniġ sé le muinntir ne Gailliṁe.
Ar dteaċt a ḃaile dom-sa, do ċuireas aṫruġaḋ beag ar ḟoclaiḃ an aṁráin ionnus go n-oirfeaḋ sé do na Fiannaiḃ, agus do ċuireas cló air sa gcéad uiṁir de’n ṗáipéar so. B’ḟéidir nár ṁiste cló do ċur air arís. Is áluinn an fonn atá leis. Tá na focla simpliḋe so-ṫuigṫe. Nár ḃ’ḟearr d’aṁrán é ag na Fiannaiḃ ioná aṁrán Béarla dá ḟeaḃas? So síos é.
An Dord Féinne.
’Sé do ḃeaṫa, a ḃean ba léanṁar:
Dob’ é ar gcreaċ do ḃeiṫ i ngéiḃeann,
Do ḋúṫaiġ ḃreaġ i seilḃ méirleaċ,
’S tú díolta leis na Gallaiḃ.
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Anois ar ṫeaċt an tsaṁraiḋ!
A ḃuiḋe le Dia na ḃfeart go ḃfeiceam,
Muna mbímíd beo ’na ḋiaiḋ aċt seaċtṁain,
Gráinne Ṁaol is míle gaisgiḋeaċ
Ag fógairt fáin ar Ġallaiḃ!
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Anois ar ṫeaċt an tsaṁraiḋ!
Tá Gráinne Ṁaol ag teaċt ṫar sáile,
’S Fianna Fáil ’na mbuiḋin ġárda,
Gaeḋil féin ’s ní Franncaiġ ná Spáinniġ,
Is ruagairt ar na Gallaiḃ!
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ’sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Anois ar ṫeaċt an tsaṁraiḋ!
PÁDRAIC MAC PIARAIS.