Nuair do ċuireamar an obair so na nÓgláċ ar bun, tá tuilleaḋ agus bliaḋain ó ṡoin ann, is dóċa go raḃamar dairíriḃ. Muna mbeimis dairíriḃ ní ċaiṫfimis an oiread de ḋúṫraċt agus de ḋian-saoṫar leis an obair is do ċaiṫeamar. Do ṫuigeamar go maiṫ cad do ḃí uainn. Do ṫuigeamar naċ ḃfuiġfiḋe an ní sin gan duaḋ. Do ṫuigeamar naċ i gcaiṫeaṁ lae aṁáin ná seaċtṁaine aṁáin ná bliaḋna aṁáin d’ḟéadfaiḋe an obair do ġaḃamar le n-ar n-ais do ṫaḃairt ċum críċe. Do ṫuigeamar, má ḃí aon tuigsint ionnainn i n-aon ċor, go raiḃ obair deiċ mbliaḋan roṁainn.
Níl caiṫte aċt bliaḋain, nó beagán os a cionn, agus tá cuid againn agus sinn ag éirġe tuirseaċ ċeana féin. Tá cuid eile againn agus sinn ag cailleaṁain ar misniġ. Tá cuid eile againn agus sinn ag éirġe mí-ḟoiġdeaċ. “Is cruaiḋ liom mar obair í,” arsa duine. “Is baoġal dom mo ṡliġe ḃeaṫa do ċailleaṁain dá barr,” arsa duine eile. “Is mall liom mar atáimíd ag bogaḋ ċum cinn,” ars’ an treas duine. Is dóċa go mbíonn fuar, fuar-ṫe, agus ró-ṫe i ngaċ aon obair. Ní fearrde an obair aon de’n triúr sin.
An té naċ ḃfuil sé de ṁisneaċ ann leanṁain do’n arm nuair do-ċí sé an t-arm i nguais, ní treiside an t-arm an té sin. Ní féidir misneaċ do ċur i gclaḋaire. Ní féidir an claḋaire do ġríosaḋ, óir níl an splannc beo ann. Fanaḋ na claḋairí amaċ uainn. Ar an taoḃ amuiġ ’seaḋ is fearr iad.
An drong atá ag éiriġe tuirseaċ agus an drong atá ag éirġe mí-ḟoiġdeaċ, tuigidís ar aon naċ beag an obair arm do ċur ar bun i dtír ina ḃfuil furṁór na ndaoine meaṫta de ḃarr léirsgriosta agus ansmaċta a naṁad. An ḟaid do sílṫeas naċ raiḃ uainn aċt arm bréige do ḃí na mílte ag bailiuġaḋ ċugainn isteaċ gaċ lá. Nuair do connaċtas go raḃamar dairíriḃ do tosnuiġeaḋ ar imṫeaċt uainn. Fillfiḋ a lán dár imṫiġ fós, má leanaimid-ne de’n obair. Ní claḋairí a ḃfurṁór, aċt is aṁlaiḋ naċ dtuigid go ḃfuil gáḃaḋ le gníoṁarṫaiḃ indiu, ó’s ní é nár ċleaċtadar féin riaṁ aċt caint. Nuair ċífeas siad go ḃfuil teipṫe ar an gcainnt, luiġfid isteaċ linne agus déanfaimíd gníoṁ le ċéile. Bímís-ne ’gar n-ullṁuġaḋ féin i gcoṁair an lae úd.
PÁDRAIC MAC PIARAIS.