‘Sé do ḃeaṫa, a ḃean ba léanṁar:
Do b’é ar gcreaċ do ḃeiṫ i ngéiḃeann,
Do ḋúṫaiġ ḃreaġ i seilḃ méirleaċ,
‘S tú díolta leis na Gallaiḃ
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Anois ar ṫeaċt an tsaṁraiḋ.

A ḃuiḋe le Dia na ḃfeart go ḃfeiceam,
Muna mbímíd beo ‘na ḋiaiḋ aċt seaċtṁain,
Gráinne Ṁaol is míle gaisgiḋeaċ
Ag fógairt fáin ar Ġallaiḃ.
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Anois ar ṫeaċt an tsaṁraiḋ.

Tá Gráinne Ṁaol ag teaċt ṫar sáile,
‘S Fianna Fáil ‘na mbuiḋin ġárda,
Gaeḋil fein ‘s ní Franncaiġ ná Spáinniġ,
Is ruagairt ar na Gallaiḃ!
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Óró, ‘sé do ḃeaṫa a ḃaile,
Anois ar ṫeaċt an tsaṁraiḋ.