Tamall an-fada ó ṡoin fuair Gaeḋil i gcoitċinne eolas an ḟír-Ḋé ḟorórda, do ḃí fear agus bean ina gcomnaiḋe ar ḃruaċ na Sean-Ċoille i ḃfoiṫrib Connaċt. Moġa dob’ eaḋ an fear de ḋaor-ċlannaiḃ an ċúige, agus muiciḋe dob’ eaḋé do ríg an triúċa-ċéid. Daol a ainm, agus Deargnait ainm na bainċéile do ḃí aige; agus is maiṫ do ċuaiḋ na hainmneaċa sin dóiḃ, óir do ḃí an fear duḃ dúr agus do ḃí an ḃean luaimneaċ lán-niṁneaċ. Ní raiḃ aon clann aca, agus dob’ amlaiḋ do b’ḟearr, óir ní clann fóganta d’oilfeaḋ an lánaman úd. Ní raiḃ de ḋídean os a gcionn aċt boṫ feaḋa do rinne an fear le ċéile d’úr-aḋmad na Coille, ar n-a ḋaingniuġaḋ le buillíḃ tuaiġe agus ar n-a ḋlúṫ-ċeangal le slataiḃ cruaiḋe riġne sailige.

‘Is dearóil an baile comnaiḋṫe é so,’ ar an ḃean an lá do críoċnuigeaḋ an boṫ.

‘Cosnóċaiḋ sé ar ṫeas gréine agus ar ḟuaċt gaoiṫe tú,’ ar an fear. ‘Ní beag an méid sin duit-se ná dod’ saṁail.’

D’éiriġeaḋ Daol i moċ gaċa maidne agus do ṫiomáineaḋ roiṁe muc-ṫréad an ríoġ d’inġeilt measraiḋe agus lusraiḋe na Coille. D’fanad Deargnait sa mbaile ag freastal ar na muicíníḃ maota agus ar na banḃaiḃ beaga óga agus ag cóiriuġaḋ proinne roiṁ a fear. Do ṫiomáineaḋ an fear an muic-ṫréad a ḃaile le coinfeasgar gaċa hoiḋċe, agus do ċaiṫeaḋ an dís a bproinn, agus do ṫéiġeaḋ do ċodlaḋ. Cúig bliaḋna ar fiċid dóiḃ aṁlaiḋ sin gan duine muinntearḋa ag teaċt do ḃeannuġaḋ ḋóiḃ ná éinne ag gaḃáil na sliġe do laḃróċaḋ focal faoiliḋ leo. Ní raiḃ caidreaṁ aca le daoiniḃ ná eolas aca ar ḋéiṫiḃ aċt go lingeaḋ a gcroiḋṫe gaċ maidin nuair do-ċídís an ġrian ḃán-tsoluis ag gealuġaḋ maoileann na mBeann, agus go gcriṫidís le heagla nuair do-ċluinnidís Cláirseaċ na Coille ag seinnm a ċeoil ṡíréaċtaiġ ṡár-ḃrónaiġ i lár gaċa hoiḋċe. Ní raiḃ de ṗaidir ná d’altuġaḋ aċa aċt, ‘Is maiṫ í an Ġrian. Is uaṫṁar í an Oiḋċe.’

Lá dár éiriġ an muiciḋe, ar ndul ċum an ṁuclaiġ ḋó, ṫug sé dá uiḋe go raiḃ banḃ dá ḃanḃaiḃ ar iarraiḋ.

‘Uċ,’ ar sé, ‘is mairg mar ṫarla.’

‘Céard tá ort?’ ar a ḃean.

‘Banḃ dár mbanḃaiḃ d’imṫiġ uainn oiḋċe,’ ar sé.

‘Gluais roṁat ar a ṫóir,’ ar sí, ‘agus ná déan bean ċaointe díot féin.’

Do ġluais sé roiṁe agus do ġaḃ an casán caol cloċaċ ag dul ó ḋoras a ḃoṫa go dtí an Ċoill. Do ġaḃ fá’n gCoill annsin agus do ṫriall ar a aġaiḋ go deaġ-ṫapaiḋ ag gaḃáil tré aimréiḋ gaċa comgair agus tré ḋoirċe gaċa diamraiġe ar lorg an ḃainḃ. Ní cian do ċuaiḋ nuair do ċonnaic sé ag bun crainn cuill do ḃí ag fás i ngaorṫaḋ an rud geal ar an talaṁ. Do ġluais go lán-easgaiḋ fá ḋéin an roda, agus ar dteaċt ina fogus dó ṫug fá ndeara gurḃ’ é do ḃí ann leanḃ mic agus é tárnoċt. Do ḃí an leanḃ ina ċodlaḋ.

‘Is olc mar ṫarla,’ ar an fear. ‘Do síleas gurḃ’ é mo ḃanḃ do ḃí ann.’ Agus do ṫriall roiṁe.

Ní cian do ċuaiḋ sé de’n stáir sin go ḃfaca sé an dara rud geal fá ḃun mór-ċloiċe san ngaorṫaḋ. Do ġluais go deaġ-ṫapaiḋ fá ḋéin an roda agus ar dteaċt ina ġoireaċt dó do ṫuig gurḃ’ é do ḃí ann cnáṁa a ḃainḃ iar n-a gcreinnt le faol-ċoin.

‘Truaġ,’ ar sé, ‘naċ é an leanḃ úd d’ḟágas im’ ḋiaiḋ do ṁarḃ an faol-ċú i n-áit an ḃainḃ so. Agus do-ḃeirim mo ḃriaṫar,’ ar sé, ‘go dtiuḃraḋ bás do’n mac i n-éiric mo ḃainḃ.’

Ar n-a ráḋ sin dó do ġluais tar a ais mar a raiḃ an leanḃ, agus do rug ar leaṫ-ċois air agus do ṫóg ina láiṁ é agus do luasg ina ṫimċeall e aṁail do luasgfaḋ fear súiste nó camán agus do ḃí ar tí a ċeann do bualaḋ i n-aġaiḋ buin an ċrainn agus a inċinn do leigean amaċ ar an gcuma grinn leis do ḃí an muiciḋe, agus do maoiḋ a gean gáire air agus do ġáir os árd ionnus gur líonaḋ an gaorṫaḋ de ċeol an gáire sin. Nuair do ċuala sé an mac beag ag gáire níor féad an fear a marḃaḋ.

‘Fágfad im’ ḋiaiḋ annso é,’ ar sé, ‘go ḃfuiġid bás de’n ocras agus de’n tart; óir is measa bás mall ioná bás obann.’ Agus d’ḟág an leanḃ ina ḋiaiḋ agus do ḃí ag imṫeaċt.

Le halt na huaire sin do riṫ iara ruaiḋ anuas de’n ċrann cuill agus do riṫ suas crann eile do ḃí i ḃfogus dó. Ar ḃfeicsin an aiṫid big ruaiḋ do’n leanḃ do ḃuail sé a ḋá ḃois le ċéile. Ar n-a ċlos sin do’n ḃfear d’ḟill se ṫar a ais go dtáinig mar a raiḃ an leanḃ, agus do ġáir an leanḃ leis arís. Do ġaḃ truaiġe an fear annsin agus do ṫóg sé an leanḃ ina ḃaclain agus ṫug cúl ar an ngaortaḋ agus d’imṫiġ roiṁe agus níor stadaḋ leis go ráinig an baile.

‘An dtugais an banḃ leat?’ ar a ḃean.

‘Ní ṫugas,’ ar sé.

‘Céard d’éiriġ dó?’ ar sí.

‘Faol-ċú do ṁarḃ é,’ ar sé.

‘Céard tá agat id’ ḃaclain?’ ar sí.

‘Leanḃ mic do fuaras sa gCoill,’ ar sé.

‘Sin toraḋ nár fríoṫ i gcoill riaṁ,’ ar an bean.

‘Do-ġeiḃtear gaċ toraḋ i gcoill,’ ar sé, ‘aċt a ċuardaċ san mball a mbíonn.’

‘Céard é an ball ina ḃfuarais é so?’

‘Fá ḃun cuill i ngaorṫaḋ.’

‘Cia d’ḟág annsin é?’

‘Is é is dúiċiġe a ṫuitim de’n ċrann,’ ar sé.

‘Taḃair ḋom an leanḃ.’

Do leag sé an leanḃ ina huċt.

‘Is fada ód’ ċonnacas leanḃ,’ ar sí.

Do ġaḃ sí ag inḟiúċaḋ agus ag breaṫnuġaḋ agus ag meas colna an mic. Do ḃí an mac ag gáire léiṫi agus ag cuimilt a láiṁe dá leacain agus dá folt.

‘Is maiṫ do fuineaḋ an leanḃ so,’ ar sí.

‘Cad is aois dó?’ ar an fear.

‘Tá se i n-aois a ḋá ḃliaḋan,’ ar sí.

‘Do ḃreiṫ,’ ar sé, ‘cia aca is córa bás do ṫaḃairt dó i n-éiric ar mbainḃ nó a ḋíol leis an ríġ?’

‘Is é is cóir dúinn a oileaṁain inar dtiġ féin mar ḋalta,’ ar sí.

‘Do ḃíos ar tí a ṁarḃṫa,’ ar an fear.

‘Is aoiḃinn duit nár marḃ,’ ar an bean. ‘Ḃus mór an ní leanḃ do ḃeiṫ againn inar dteaċ.’

‘Beir buaiḋ, a ḃean,’ ar sé. ‘Ó do ġáir se liom san gCoill ní ḟéadfainn a marḃaḋ, aċt níorḃ’ eol doṁ arḃ’ áil leat-sa mac naċ leat-sa ná liom-sa.’

‘Béiḋ sé ina ċoinnill ar an dteallaċ,’ ar sí.

‘Béiḋ sé ina áilleán ar do ḃrollaċ,’ ar sé.

‘Béiḋ sé ina ḋorn ḋuit id’ ṡean-aois,’ ar sí.

‘Béiḋ sé ina ċreann fosgṫa ḋuit nuair éagfas mise,’ ar sé.

‘Cá hainm do-ḃéaras sinn air?’ ar sí.

‘Cá hainm do-ḃéaraiḋe air,’ ar sé, ‘aċt Mac an Ċuill, ó’s fa ċrann cuill do fríoṫ é?’

‘Ḃus ionṁuin le héanlaiṫ an aeir agus le míoltaiḃ na muiġe an t-ainm sin,’ ar sí, ‘óir is bráṫair bunaiḋ dóiḃ an mac so.’

Do hoileaḋ an leanḃ i mboṫ an ṁuicide agus dob’ áḋḃar grinn agus meiḋir meanman do’n ḃfear agus do’n mnaoi ḃeiṫ ag féaċain air. Agus do neartuġeaḋ é agus d’ḟás ina macaoṁ mánla go raiḃ deiċ mbliaḋna slán aige. Agus dob’ annsa le Daol agus le Deargnait é ioná a mbeaṫa féin, agus ba minic do líonaḋ an boṫ de ċeol a ġáire. Agus adeireaḋ Deargnait le Daol: ‘Moċean an lá do fuarais sa gCoill é.’

Níorḃ’ ḟada gur ṫosnuiġ an mac ag imṫeaċt roiṁe ċum na Coille agus ag cur eolais ar luċt a sealḃuiġṫe. Ba ṁinic d’éiriġeaḋ sé i moċ-dáil na maidne agus gluaiseaċt roiṁe gan cead gan ceileaḃraḋ, gan biaḋ gan toṁaltas, fá ḋéin na Coille, agus do-ḃeireaḋ an lá ag féaċain na n-iara ruaḋ agus na n-easóg nó ag éisteaċt le glórṫaiḃ cág agus cuaċ. Agus d’éiriġeaḋ caoineas comráiḋ agus iom-agallṁa idir é féin agus na haitidí éigciallda, óir iar mbeiṫ ina dtaiṫiġe ḋó ó do ḃí ina naoiḋeanán do ṫuig roinn dá gcainnt. Biolar agus mónadáin agus cnósaċ coille do ċaiṫeaḋ sé mar lón lae, agus ní filleaḋ ċum boṫa an muiciḋe go fuinneaḋ gréine.

‘Cá raḃais?’ adeireaḋ Deargnait leis.

‘Sa gCoill,’ adeireaḋ an mac.

‘Céard bís do ḋéanaṁ?’

‘Ag freasgnaḋ crann agus ag snáṁ ar uisgíḃ agus ag imṫeaċt roṁam tré réim gaċa diaṁraċ.’

‘Créad fá naċ ḃfanair sa mbaile inar ḃfoċair?’

‘Cumann bráiṫreaċais atá agam le míoltaiḃ na Coille agus caiṫfeaḋ dul dá ḃfios.’

Is annsin do ċuiṁniġeaḋ Deargnait ar an ní aduḃairt an lá ṫug Daol an mac ċum an ḃoṫa, .i. ‘is bráṫair bunaiḋ dóiḃ an mac so,’ agus ba ṁéala léi a ráḋ.

Agus do ṫuig an ḃean go fiosraċ go meallfaḋ éanlaiṫ an aeir agus ainṁiḋṫe an fásaiġ an mac beag uaiṫi lá éigin, agus co ċuaiḋ dógaḋ éada innti, agus ní leigeaḋ do’n mac dul as a raḋarc féin nó as raḋarc a fir, aċt do ċuir d’ḟiaċaiḃ air fanṁain cois ḃaile i gcoṁnaiḋe. Aċt ba ṁinic d’éaluiġeaḋ an mac uaṫa agus imṫeaċt roiṁe fá’n gCoill aṁail ba ġnáṫ leis roiṁe sin; agus ar dteaċt a ḃaile ḋó do ġaḃaidís de slataiḃ air agus do ċuiridís do ċodlaḋ gan cuid na hoiḋċe é. Agus ċoṁ luaṫ agus do-ġeiḃeaḋ faill nó fíor-uaigneas d’imṫiġeaḋ uaṫa arís agus do ṫiġead a ḃaiel le fuinneaḋ gréine agus d’ḟuilingeaḋ go huṁal gaċ píonós dá gcuiridís air.

Do ġaḃ imeagla mór Deagnait, agus dá gcluineaḋ sí fead iolair nó búitreaḋ féiḋ do measaḋ gurab ag glaoḋaċ ċuige ar an mac do ḃíoḋ an aiṫid allta, agus d’ḟáisgeaḋ sí an mac le n-a huċt agus do-ḃeireaḋ póg dó. Agus ḋá uaṫmaire léi go nuige sin Cláirseaċ na Coille agus í ag seinnm a ceoil ṡíréaċtaiġ ṡár-brónaiġ i lár na hoiḋċe, dob’ uaṫmaire go mór léi ó soin amaċ í, óir do measaḋ gurab ag bréagaḋ an mic ḃig uaiṫi do ḃíoḋ.

Oiḋċe dá raiḃ an fear agus an ḃean ina suiḋe sa mboṫ, agus an mac sínte ar a ḃéalaiḃ i lóċrann na teine, iar gcaiṫeaṁ a bproinne ḋóiḃ, ṫug an fear da—iḋe a ḋíriġe is do ḃí géaga an ṁic, agus a ṫanaiḋe is do ḃí a ṫaoḃa, agus a ḟuinte is do ḃí a ċolainn, agus a maisiġe is do ḃí a ċeann, go nduḃairt leis an mnaoi:

‘Dá gcuirfimís léine coċollaċ le cneas an ṁic so agus cuaróga ar a ċosaiḃ, ní ḃeaḋ san doṁan ṫoir ná san doṁan ṫiar mac ríoġ ba ṁaisiġe dealḃ agus déanaṁ ioná é.’ Óir tuigtear naċ ndeaáciḋ aon ḃall éadaiġ ar an mac go nuige sin, aċt é ag imṫeaċt roiṁe tárnoċt.

‘Baḋ maiṫ an ċoṁairle í,’ ar Deargnait, óir do ṡíl sí go mb’ḟéidir dá gcuirfiḋe éadaċ ar Ṁac an Ċuill go dtiocfaḋ dá ḃarr sin go múċfaiḋe a ró-ṁeanma agus go míneoċaiḋe alltaċt a ċroiḋe, agus go dtuigfeaḋ feasta naċ d’ḟolaiḋ fiaḋáine na Coille é aċt d’ḟuil daonna. ‘Sníoṁaḋ-sa léine lán-áluinn d’olainn uain dó,’ ar sí, ‘agus caoṁ-ċoċall anairte air.’

‘Déanfad-sa cuaróga ḋó d’úr-leaṫar bó,’ ar Daol.

Do ḃí Mac an Ċuill ag éisteaċt leis an agallaṁ sin agus do ṫóg a ċeann agus aduḃairt:

‘Is féidir liḃ léine agus cuaróga do ḋéanaṁ ḋom,’ ar sé, ‘má tá fonn oibre oraiḃ, aċt do-ḃeirim mo ḃriaṫar naċ ḃfuilinġeoċaḋ a gcur orm.’

Dob’ iongnaḋ le Daol agus le Deargnait an t-aiṫeasg sin, agus aduḃairt Daol:

‘Céard fá n-abrair sin, a ṁic? Nó cia an ċiall naċ raċaḋ léine agus cuaróga ort-sa aṁail cáċ?’

‘Ní ḃíonn cuiḃreaċ ar an tuinn uisge, ná ceangal ar an ngaoiṫ, ná cuing ar an míol mong-ruaḋ,’ ar Mac an Ċuill, ‘agus dar déiṫiḃ aḋarṫa mo ṁuinntire,’ ar sé, ‘ní raċaiḋ cuiḃreaċ ná ceangal ná cuing orm-sa.’

Do ġaḃ fearg Daol annsin agus aduḃairt: ‘Cia is muinntir ḋuit, máiseaḋ, nó an dlúiṫe do ṁuinntearḋas le dúiliḃ dalla an doṁain iona leis an ḃfear agus leis an mnaoi d’oil ṫú?’

‘Is muinntir ḋom a ḃfuil beo agus marḃ sa gCoill úd,’ ar an mac.

Níor laḃair Daol ná Deargnait focal eile an oiḋċe sin, aċt ar maidin lá ar n-a ḃáraċ do ġaḃ Deargnait ag sníoṁaḋ agus ag fiġe léine d’olainn uain agus do ġearr Daol stiall úr-leaṫair de ċroiceann bó agus do ġaḃ ag déanaṁ cuaróg; agus do leanadar do’n obair sin gur críoċnuiġeaḋ leo í. Ba ṁinic d’éaluiġeaḋ Mac an Ċuill uaṫa ar feaḋ na haimsire sin, acṫ d’filleaḋ i gcomnaiḋe le hiarnóin agus le deireaḋ lae agus do ḃíoḋ uṁal dóiḃ, agus ní ḃainidís leis.

Nuair do críoċnuiġeaḋ an léine do cuireaḋ ar an mac é agus do cuireaḋ na cuaróga ar a ċosaiḃ; agus d’ḟuiling se go mioċair ar easonóir sin. Agus is aṁlaiḋ do síl an fear agus an ḃean go raiḃ sé ceannsuiġṫe agus ba lúṫġáireaċ leo an lá sin. Aċt ní túisge do ḃí Daol imṫiġṫe i ndiaiḋ an muc-ṫréid agus Deargnait i mbun a cúraim fein ioná d’éiriġ Mac an Ċuill agus do ġluais ṫar doras amaċ. Annsin do ḃain sé na cuaróga dá coasaiḃ agus do ṫeilg uaiḋ iad; agus do ḃain an léine dá ċolainn agus do ṫeilg uaiḋ í. Agus nuair do ḃí sé noċtuiġṫe arís do ċaiṫ trí léim le hurġairdeas croiḋe, agus iar dtaḃairt ċúil ar ḋoras an ḃoṫa ḋó do ġluais go troiġ-éasgaiḋ fá ḋéin na Coille.

(Ní Críoċ.)