Tá Coill i n-iarṫar Ċonnaċt dá ngoirṫear an Ċoill Ṁór. Ainm eile atá uirṫi, an tSean-Ċoill. Ní gan fáṫ do gairmeaḋ an t-ainm sin di, óir is í an Ċoill is sine i nÉirinn í. Níl ní i gcríoċaiḃ Fáil, agus beo agus marḃ d’áireaṁ, is sin ioná an Ċoill sin aċt cloċa glasa na gcnoc agus osnaḋ éagcaointeaċ na sean-ṁara. Má tá meaḃair agus cuiṁne ag Beannaiḃ Beola is ar éigin is cuiṁin leo saoġal naċ raiḃ an Ċoill sin ann. Do ḃí sí ann sul fuair na Beanna a n-ainm féin. Do ḃí sí ann, ina fioḋḃaiḋ ḟíor-ḋoṁin ḟíor-ḋiaṁair, nuair do ġaḃ Beola conair Ċonnaċt anoir ag druidim ḋó le fód a ḃáis. Má ḃí ainm ar biṫ ag Beola uirṫi, ní dóiċiġe ainm do ḃeiṫ aige ioná an tSean-Ċoill.

Do ḃí tráṫ ann agus ní raiḃ na Beanna féin ann. Do ḃí Beann Ḃán ina maċaire, do ḃí Beann Ċorr ina clár coṫroṁ coṁ-réiḋ, agus dob’ ḟéidir gurḃ’ ina gleann do Ḋuḃ-Ċruaiċ; nó dob’ ḟéidir gur grinneall agus geal-ġaineaṁ do ḃí i n-áit na mBeann n-áluinn agus osnaḋ éagcaointeaċ na mara go síorraiḋe os a gcionn. ‘Árduiġṫear na Beanna,’ ar Ceard an Doṁain, agus ar an ḃfocal sin do ḃrúċt teinnte ó ḃruinn na talṁan agus do hárduiġeaḋ cloigeann ceann-ġarḃ na Duḃ-Ċruaiċe, agus maol-ċliaṫáin Ailt na gCaoraċ, agus moṫar mór-áḋḃal na mBeann mbuan, leiṫ ar leiṫ. Ba lom iad na leacraċa liaṫa i dtús aimsire agus ba ġarḃ ġáiḃṫeaċ guailne na gcnoc, aċt níorḃ’ ḟada gur clúduiġeaḋ a sleasraċa le brat fioḋḃaiḋe na foraiġise fionnḟuaise. Cad as ar ġluaiseaḃar, a ṡíolta bunuḋais na Sean-Ċoille, nó ca raon nó conair do gaḃaḋ liḃ? An iad éanlaiṫ an aeir d’iomċuir ina mbronnaiḃ siḃ, nó an iad na gaoṫa glóraċa gáireaċa do sgaip annso siḃ le n-a láṁaiḃ do-ḟeicseana? Cia ċeap ḋíḃ an fásaċ so mar ionad coinne agus coṁḋála? Mo ċion do’n Té sin, agus mo ċion díḃ-se, a ṡíolta ór ḟás an Ċoill do ċaras!

Anoir agus aniar agus adtuaiḋ agus andeas, ó gaċ áird as a séideann gaoṫ, ar gaċ raon aerḋa dá leanann éan, ṫángadar ag freagairt na coinne: síol daraċ, síol beiṫe, síol iuḃair, síol sailiġe, síol caorṫainn, síol cuilinn, síol an ġiúis ġairḃ Ġaeḋealaiġ. Agus d’ḟás gaċ síol díoḃ ina ċrann, agus do ġein gaċ crann de réir a ċinéil, gur éiriġ na homnaí ur-árda an-troma agus na beiṫe breaġṫa breac-ṡolusṁara agus gur ḟoirḃiġ cruaiḋ-ċuileann agus giús Gaeḋealaċ agus gaċ crann de ċrannaiḃ na Coille de réir a aimsire. Ba ċlos annsin i n-uagneas an ḟásaiġ ceol ur-nuaḋ ag freagairt sean-ċeoil na fairrge, .i. Cláirseaċ na Coille ag seinnm go fíor-ḃinn fíor-ċuṁaċ ar mbaint a dtéad do ṁéaraiḃ do-ḟeicseana na gaoiṫe.

Ba ċlos an ceol sin ar fud na díṫreiḃe ḋá ḟuagairt d’il-ċiniḋeaċaiḃ an aeir agus na talṁan go raiḃ port dídin agus árus coṁnaiḋṫe ḋóiḃ fá sgáṫ duilleaḃair na hóg-Ċoille. D’ḟreagradar an ċoṁġairm. Ṫáinig an broc liaṫ agus an doḃar-ċú donn déid-ġeal, an sionnaċ ruaḋ agus an faol-ċú riaḃaċ, an cat crainn agus an madaḋ crainn agus an t-iara beag ruaḋ, an fiaḋ ruaḋ agus an ḟearbóg, an girrḟiaḋ agus an easóg agus an ġrainneog ḋeilgneaċ, an tsean-luċ ḋuḃ agus an luiċín liaṫ, maille le gaċ aiṫid ḟaitiġ ḟiaḋáin dá gcarann coill; ṫáinig an torc mór agus d’ḟuagair cogaḋ ar ṫreaḃaiḃ na Coille gur uṁluiġeadar ḋó agus gur ġairmeadar rí ḋe; ṫáinig ealta éagsaṁla iongantaċa éan, agus dronga do-áirṁiġṫe piast, agus sgaoṫa líonṁara beaċ agus seangán agus ciaróg agus cuileog, ionnus naċ raiḃ i ndeireaḋ aimsire poll ná cuas ná uaċais, port aḃann ná bruaċ loċa, tonn uisge ná tulaċ talṁan, crann ná dos ná tom, gas ná duille ná caol-ribe féir ar fud na Coille naċ raiḃ ina ḋún-ḃaile agus ina ḋaingean-ṗort d’aiṫid éigin d’aiṫidíḃ na Coille.

Do ġluais aimsir imċian. Do ċuir Éire a céad maol di. D’ḟan an tSean-Ċoill ina Coill. Do ġluais aimsir eile, aimsir an-ḟada. Do ċuir Éire a dara maol di. D’ḟan an tSean-Ċoill ina Coill. Do ġluais an treas suim aimsire. Lá dá dtáinig do cluineaḋ fuaim ur-nuaḋ uaṫṁar sa gCoill. Buillí toṁaiste troma tuaiġe. Do cluineaḋ na buillí sin ar feaḋ na mbliaḋanta. Do gearraḋ a lán d’aḋmad na Sean-Ċoille. Do fágaḋ lom arís guailne na mBeann agus cúim na ngleann. Aċt níor gearraḋ na crainn ar fad. D’ḟan Duḃ-Ċruaċ ina Coill. Tá Éire ag cur a treas ṁaoil di, aċt tá an méid sin de’n tSean-Ċoill ina Coill i gcoṁnaiḋe. Duḃ-Ċruaċ agus an gleann atá fúiṫi agus imeall-ḃuird an loċa atá i lár an ġleanna: tá an méid sin ina Coill fós agus béiḋ ina Coill go lá an Luain. Giḋ beag í indiu, tá an tSean-Ċoill ann i ndeireaḋ na saoġal, í féin agus a ḃfuil innit de ḋúiliḃ beoḋa aṁail doṁan beag innti féin. Mo cíon díḃ, a ṡíolta buana biṫ-ḃeoḋa na Sean-Ċoill!


Céard fáṫ ar ċaras an Ċoill sin ṫar coilltiḃ na hÉireann? Tá, do ċaiṫeas seal dem’ óige im’ ċoṁnaiḋe i mboṫán sléiḃe ar a himeall. Ba le mnaoi dem’ ṁuinntir an boṫán sléiḃe sin, agus ba mise an giolla beag do ḃí aici ag beaṫuġaḋ a héanlaiṫe agus ag fosaiḋeaċt a bó. Nuair naċ mbíoḋ aon ġnó aici ḋíom, dob’ é mo ċaiṫeaṁ aimsire imṫeaċt im’ ċaḋan aonraic ar fud an ḟásaiġ nó síneaḋ siar fá sgáṫ crainn ag éisteaċt le Cláirsiġ na Coille agus le hil-ġlórṫaiḃ mion-daoine na foraiġise. Is mar sin do ċuireas aiṫne ar a raiḃ de ḋúiliḃ beoḋa fá ḟosgaḋ na Coille, idir éan agus oll-ṗiast agus eile ḋíoḃ. D’ḟoġluimeas a raiḃ de ṡeanċus agus de ḃéal-oideas ag riṫ leo le sinnsearaċt. Do ṁeaḃruiġeas a raiḃ d’annálaiḃ agus d’irsiḃ ag seanóiríḃ na dtreaḃ n-éigciallda.

Is dóċa go ḃfuil rúindiaṁra i gcroiḋe gaċ Coille, aċt ní i gcoṁnaiḋe is féidir a ḃfaġáil ná a ḃfuasgailt; óir is i gcogar fíor-íseal laḃartar i gcluais an duine iad, agus má’s ag éisteaċt le n-a ċroiḋe féin nó ag smuaineaḋ ar a ġnóṫaiḃ féin nó ar ġnóṫaiḃ an tsaoġail ḃíos an duine ní ṫig leis an cogar úd do ċlos. Nó má cluineann sé é, dob’ ḟéidir ḋó gan a ṫuigsint aċt crónán na ngéag ar n-a luasgaḋ le gaoiṫ agus glórṫa baoṫa balḃa eile naċ dtuigfinn. Aċt do ḃí tuigsint agus creideaṁ augs croiḋe leinḃ agam nuair do ṫaiṫiġeas an tSean-Ċoill, agus do b’ḟéidir liom bríġ agus ciall do ḃaint as a gcualas ó luċt mo ṁúinte sa gCoill. Dob’ ḟéidir dá mbaḋ i gcoill eile do ḃeinn naċ dtiocfaḋ liom an sgéal do ċlos ċoṁ soiléir agus do ċualas ná a ḃríġ do ṫaḃairt liom ċoṁ cruinn agus ṫugas. Óir tá na coillte eile ur-nuaḋ láiṁ leis an gCoill ar a dtráċtaim, agus dá ḃríġ sin is beag seanċus nó béal-oideas ata i measg a n-áitreaḃaċ. Aċt do ḃí an tSean-Ċoill, mar aduḃras roṁan, aṁail doṁan beag innti féin ó geineaḋ de’n ċéad uair í, agus ṫáinig a seanċus agus a hirse anuas glún ar glúin leis na míltiḃ bliaḋan. Cá hiongnaḋ, máiseaḋ, sgéalta éagsaṁla do ḃeiṫ ag seanċaiḋṫiḃ na Coille sin?

Níorḃ’ ḟada ḋom ag gnáṫuġaḋ na Coille gur tuigeaḋ ḋom naċ mé féin an ċéad mac óg do ṫaiṫiġ í. Do ċualas annso i annsúd iomráḋ ar ṁac beag do ċaiṫ a ṡaoġal innti na céadta bliaḋan roṁam-sa. I ndiaiḋ a ċéile d’ḟoġluimeas eaċtra iongantaċ an ṁic ḃig úd, ag bailiuġaḋ an sgéil, mar adéarfá, ṫall is i ḃfus, ainm tobair nó sruṫáin nó cuaise dom’ ċur ar an eolas annso nó focla éigin i gcainnt coróige nó i gceileaḃar céirsiġe dom’ ṫreoruġaḋ annsúd. Amannta to ṫigeaḋ an sgéal ċugam mar do ṫiocfaḋ glór easa nó bolaḋ bláiṫ le gaoiṫ, nó do ṁoṫuiġinn im’ ċroiḋe é gan aon ní dá ṁeaḃruġaḋ ḋom, aċt mar do ḃeaḋ cuiṁne sean-taiḋḃriṁ ag teaċt ar ais ċugam i ngan ḟios dom nó im’ aiṁḋeoin féin. Agus is aṁlaiḋ do-ċítí ḋom ar uaireanntaiḃ gur dom féin do ḃain an eaċtra sin na céadta bliaḋan ó ṡoin, nó gurab aon duine aṁáin mise agus an mac óg ar a dtráċtaḋ seanċaiḋṫe na Coille, nó nár ḃain an eaċtra d’aoin duine riaṁ, aċt mise ag cur snáiṫe sgéalaiḋeaċta ar mo smuaintiḃ agus ar mo ṁianaiḃ féin. Aċt ar uaireantaiḃ eile do ṫuiginn go soiléir go raiḃ an mac beag ina ḃeaṫaiḋ tráṫ dá raiḃ, ina ḟuil agus ina ḟeoil, ina ḋuine agus ina ḋaonnaiḋe, ċoṁ corporḋa liom féin nó le haon ṁalraċ dá dtéiġeaḋ ar an sgoil liom. Do-ċítí ḋom go n-aiṫneoċainn é dá gcastaoi sa tsliġe orm é, agus go dtuigfinn a urlaḃra, agus go dtuigfeaḋ seiseann mise, agus go ndéanfaimís bráiṫreaċas le ċéile, agus gop dtiuḃrainn gean dó ar ṁéid a ṁeanman agus ar ḋásaċt a ċroiḋe, agus go maiṫfinn ḋó a ndearna d’olc, agus go molfainn é ar a ḋílse is do lean do’n raon do ċeap ḋó féin, nó do’n raon do ċeap a ḋéiṫe aḋarṫa ḋó, agus go ḃfágfaimís caoin-ċeileaḃraḋ ag a ċéile dá mbeaḋ orainn sgaraḋ le ċéile arís. Agus do ġlaoḋainn air i n-uaigneas na Coille, aċt ní ṫigeaḋ ċugam, agus do ṫuiginn go raiḃ sé marḃ leis na céadtaiḃ bliaḋan agus naċ siuḃlóċaḋ sé an Ċoill sin go deo arís, agus naċ raiḃ beo ina ḋiaiḋ ar an talaṁ aċt beagán dá smuaintiḃ agus beagán dá ḃriaṫraiḃ agus cuiṁne éigin ar ḃeagán dá ġníoṁarṫaiḃ.

Do ṫiomsuiġeas le ċéile ar ċnuasuiġeas dá smuaintiḃ agus dá ḃriaṫraiḃ agus dá imṫeaċtaiḃ ó luċt eolais na Coille. Ní abraim gur ḟiġeas an sgéal le ċéile ina ċeart. Do ḃí cuid nár ṫuigeas i gceart nuair ḋo ċualas é. Do ḃí cuid de, b’ḟéidir, naċ raiḃ ina ḟíor-ċeart ag na sgéalaiḋṫiḃ féin. Aċt a gcualas agus ar ṫuigeas de, tá an méid sin fuaiġte le ċéile gan easbaiḋ gan iomarca san eaċtra so im’ ḋiaiḋ.

(Ní Críoċ.)