(25 BEALTAINE, 1912)

Aduḃramar, tá coicṫiġis ó ṡoin ann, gurab é Tiobóid Wolfe Tone an fear do b’ḟearr de Ġaeḋealaiḃ ná de Ġall-Ġaeḋealaiḃ dár geineaḋ riaṁ i nÉirinn. Do ḃí baraṁla ag Wolfe Tone naċ ḃfuil againne. Níorḃ’ ionann creideaṁ dó-san agus dúinne. Is minic adeirtear gurḃ’ ainċríostaiḋe Wolfe Tone. Níorḃ eaḋ. Do ċreid sé i nDia agus níor laḃair riaṁ focal, go ḃfios dúinne, ná níor scríoḃ riaṁ focal as a dtuigfiḋe naċ Críostaiḋe é. Is iontuigṫe as gaċ ar scríoḃ sé, go mór-ṁór as an méid do scríoḃ sé ós íseal le haġaiḋ a ṁná féin, gur ċreid go diongṁálta i nDia agus i nÍosa Críost a Ṁac. Is fíor nár lean sé do’n ċreideaṁ dá leanann furṁór Gaeḋeal. Is fíor go raiḃ droċ-ṁuiniġin aige as cléir na hÉireann, idir Gaeḋil agus Gaill, le n-a linn féin, agus b’ḟéidir nár ṁilleán air é sin. Is dóċa gur fíor nár ṁuiniġin leis cliar d’aon tsaġas. Ní ṫigimíd leis san mí-ṁuiniġin sin. Ní ṫigimíd leis i roinn eile dá ṫuairimíḃ. Aċt cromaimíd ar gceann agus feacaimíd ar nglún ina ḟiaḋnuise, agus goirimíd é ṫar ar síolruiġeaḋ de ḋeaġ-ḟearaiḃ annso ó dealḃaḋ Éire, ar ṁórḋaċt a anma, ar ḋoiṁneaċt a inntleaċta, ar ṁéid a ḟóiriṫine do ċlannaiḃ Gaeḋeal. Ní ḃeaḋ Éire ann indiu muna mbeaḋ an fear sin. A ċuiṁne sin agus a ṫeagasc sin do ċoingḃiġ beo go nuige so í.

Ní raiḃ de ṫaoiseaċ ná de ṫreoraiḋe ag Gaeḋealaiḃ riaṁ ó ṫeaċt do na Normánaċaiḃ fear do b’ionċurṫa le Wolfe Tone aċt Aoḋ Ó Néill. Aċt ba ṁó d’ḟear Wolfe Tone ioná Aoḋ Ó Néill. Do b’ḟírinniġe d’ḟear é. Ba ġlaine d’ḟear é. Ba neartṁaire d’ḟear é. Neart, glaine, agus fírinne trí buaḋa an tsár-laoiċ. ‘Neart in ar láṁaiḃ, fírinne in ar dteangṫaiḃ, agus glaine in ar gcroiḋṫiḃ.’ Agus do b’uaṫṁar í doiṁneaċt inntleaċta Wolfe Tone agus do b’iongantaċ í géire a intinne. Do ṫuig sé dála Gaeḋeal agus cúrsaí Gall go hiomlán. Do b’é an ċéad duine do ṫuig ina gceart iad. Is é ṫug léargus agus solus ar an gcúis sin dá dtáinig ina ḋiaiḋ. Is uaiḋ-sean do fuair an ‘Nation’ a spiorad agus is uaiḋ-sean do fuair an ‘Barr Buaḋ’ a ġlór.