(27 AIBREÁN, 1912)

Ḋá ní ar cóir dúinn a gcongḃáil os ar gcoṁair i gcoṁnaiḋe .i. ar n-oineaċ agus ar leas. Is mairg do ċaillfeaḋ a oineaċ. Agus is mairg do ḋéanfaḋ ní do raċaḋ ina aiṁleas féin agus i leas a naṁad. Is dleaġṫaċ do ḋuine ní do ḋéanaṁ i n-aġaiḋ a leasa féin, aċt ní dleaġṫaċ d’éinne a oineaċ féin do ṡáruġaḋ. Ní léir do ḋuine a leas i gcoṁnaiḋe, aċt níl éinne ḋá ḋaille naċ léir ḋó a oineaċ. An uair ḃíos duine idir ḋá ċoṁairle, agus a leas dar leis ar ṫaoiḃ agus a oineaċ ar ṫaoiḃ eile, leanaḋ sé dá oineaċ, nó is duine caillte é; agus níl ní is dóiċiġe ioná gurab í taoḃ a oiniġ taoḃ a leasa gan ḟios dó. An uair do ḋíol Gaeḋil a n-aṫarḋa le Gallaiḃ is de ṫaoiḃ a leasa do leanadar, aċt luiġimíd i ḃfiaḋnuise Dé gurab é a n-aiṁleas do rinneadar. An uair do ḋíol Iúdás a Ċara le n-a ḃíoḋḃaíḃ is é a leas féin do ċeap sé aċt is é a aiṁleas agus a ḋamnuġaḋ síorruiḋe do ċeannuiġ.

An Gaeḋeal do ġlacfaḋ leis an socruġaḋ atá Gaill do ṫairgsint dúinn mar ṡocruġaḋ iomlán agus do ḋéanfaḋ caradas le Gallaiḃ de ḋeascaiḃ an tsocruiġṫe sin, do ċaillfeaḋ sé a oineaċ ar ṁaiṫe le n-a leas. Aċt an Gaeḋeal do ḋiúltóċaḋ do’n Aḋḃar Aċta atá os coṁair Feise Gall de ḃríġ go séanann an tÁḋḃar Aċta sin árd-ríġe Gaeḋeal ina gcríċ féin nó de ḃríġ nác leor leis a mbéiḋ de ṡaoirse ag Gaeḋealaiḃ fá réim an Aċta, is dóiġ linn go gcuirfeaḋ sé sin a leas féin agus leas a ṁuinntire ar cáirde gan ġáḃaḋ. Do ṫuillfeaḋ molaḋ an Ḟranncaiġ aduḃairt ‘c’est magnifique mais ce n’est pas le guerre.’ Do ḋéanfaḋ aiṫris ar an mbraiġe nár aontuiġ ceann de na lainncisíḃ do ḃí air do ḃaint de an uair naċ mbainfeaḋ luċt a ḋaorsmaċta an dara ceann de freisin. Níor ṫuig an braiġe sin gurḃ’ ḟusaide ḋó éalóḋ as a ḃruid ceann de na lainncisíḃ do ḃeiṫ bainte ḋe, agus go mb’ḟéidir go mbaḋ arm ċuige ó Ḋia an lainncis ḃriste ċoṁ maiṫ. Is soiléir ḋúinne ní hé aṁáin go ḃfuiltear ag baint lainncise de Ġaeḋealaiḃ anois aċt go ḃfuiltear ag taḃairt airm ḟaoḃair i láṁaiḃ Gaeḋeal. Tá ar n-oineaċ agus ar leas ar aon taoiḃ de’n dul so.