(4 BEALTAINE, 1912)
Ċum ógḃaiḋe Éireann an méid so. Nó an maireann aon ógḃaḋ i nÉirinn? Ċum mac mbeag agus naoiḋeanán Éireann an méid so mar sin.
An ċaill is mó do ċuaiḋ ar Éirinn le n-ar linn-ne na fir óga d’éirġe as an mbuiḋin do ḃí ag fearaḋ caṫa le Gallaiḃ. Do ḋíol cuid de na fearaiḃ óga iad féin ar ór agus ar airgead agus do lean de Ġallaiḃ. Ṫáinig meaṫ ar intinn agus ar aigne druinge eile ḋíoḃ agus níor ċuir suim aċt i mbréagánaiḃ agus i n-áilleánaiḃ. Do ġaḃ dream eile ḋíoḃ ag saoṫruġaḋ na Gaeḋilge agus do ṁeasadar go raḃadar ag coiṁlíonaḋ dualgais deaġ-ḟeaḋmannaċ dá ḃfoġluimeoċaidís an teanga nó dá scríoḃfaidís cúpla mion-leaḃar nó dá gcuirfidís roinnt Craoḃ de Ċonnraḋ na Gaeḋilge ar bun. Na fir óga agus na mná óga dob’ aoirde aigne agus ba ġéire inntleaċt de ċlannaiḃ Gaeḋeal, ṫugadar a gcúl ar an gcaṫ do ḃí dá ḟearaḋ ar son saoirse a gcine agus d’ḟágadar an caṫ ar ċomairce sean-laoċ agus fann-laoċ. Tá a ṡlioċt sin ar ċúrsaíḃ poilitiḋeaċta na hÉireann indiu. Is mairg an ċríoċ a mbíonn seanóirí ina ceannus. Is mairg an sluaġ a mbíonn fann-laoiċ ina urṫosaċ.
Ní haṁlaiḋ ċeapas sinn nárḃ’ ionṁolta an gníoṁ an Ġaeḋealg do ċosaint ar an éag. Dá gcaillfiḋe an Ġaeḋealg do caillfiḋe Éire. Is é rud atáimíd do ċásuġaḋ .i. go ndearnaḋ dearmad ar Éirinn an ḟad is ḃíṫeas ag saoṫruġaḋ na Gaeḋilge. Do buaileaḋ isteaċ i n-aigne na mílte de Ġaeḋealaiḃ óga gur ṫáḃaċtaiġe cora cainnte ioná gníoṁarṫa fearaṁla agus gur ṁó de ṗeacaḋ riaġail ġramadaiġe do ḃriseaḋ ioná beart claḋaireaṁail do ḋéanaṁ.
Ní raiḃ an ceart ag na fearaiḃ óga do ġaḃ le n-a n-ais an Ġaeḋealg do ċosaint agus a gcúl do ṫaḃairt ar an bpoilitiḋeaċt. Is é baḋ ċóra ḋóiḃ do ḋéanaṁ freastal ar an bpoilitiḋeaċt i nGaeḋilg. Do b’ḟeirrde an ṗoilitiḋeaċt é sin agus do b’ḟeirrde an Ġaeḋealg é. Nílmíd ḋá ráḋ gur ċeart do Ċonnraḋ na Gaeḋilge féin, i dtús ná anois ná aon uair, baint do ḃeiṫ aige le poilitiḋeaċt. Aċt baḋ ċeart go mbeaḋ baint ag gaċ duine dá leanann de Ċonnraḋ na Gaeḋilge le poilitiḋeaċt, agus gurab í an Ġaeḋealg do ṫarraingidís ċuca ċum ceisteann poilitiḋeaċta do ṗléiḋe. Dá mbeaḋ fir óga an Ċonnarṫa ag taisteal na tíre agus iad ag gríosaḋ Gaeḋeal i n-aġaiḋ Gall i nGAEḊILG, nár ṫairḃiġe agus nárḃ’ uaisle de ġnó ḋóiḃ é ioná ḃeiṫ ag taisteal na tíre ag molaḋ na Gaeḋilge agus gan mórán toraiḋ ar a nglórṫaiḃ?
Baḋ ṁaiṫ linn fir óga na hÉireann, go mór-ṁór luċt na Gaeḋilge, do ḃailiuġaḋ do ċongnaṁ Gaeḋeal san gcaṫ atá roṁainn. Tuigtear go ḃfuil caṫ roṁainn, is cuma cia an ċríoċ raċas ar an reaċt nua so. Béiḋ obair roṁainn i ḃFeis na hÉireann agus taoḃ amuiġ d’Ḟeis na hÉireann má éiriġeann leis an reaċt, agus béiḋ dian-obair roṁainn i gcaṫraċaiḃ agus i mbailtiḃ móra agus ar ṁaċairíḃ Éireann muna n-éiriġeann leis an reaċt. Níor ṁuiniġin linn an obair sin do ġaḃáil le n-ar n-ais muna mbeaḋ fir óga na hÉireann taoḃ ṫiar ḋínn. Is iad-san ḋéanfas í nó fanfaiḋ sí gan déanaṁ.