(20 AIBREÁN, 1912)
‘Ní síoṫċáin go saoirse’ an focal faire ṫugamar do Ġaeḋealaiḃ tá coicṫiġis ó ṡoin ann. An saoirse atáṫar do ṫairgsint dúinn fá’n reaċt do ṁol Príoṁ-Reaċtaire Ṡasan d’Ḟeis Ṡasan an Dardaoin so do caiṫeaḋ? Dá mbeaḋ Aoḋ Ruaḋ Ó Doṁnaill ina ríġ i dTír Ċonaill indiu an dtiuḃraḋ sé saoirse air sin? Dá mbeaḋ Aoḋ Ó Néill ina ríġ i dTír Eoġain an dtiuḃraḋ sé saoirse air sin? Tá réim na ríoġraiḋe caiṫte. Dá mbeaḋ Tiobóid Wolfe Tone i ḃfearann Éireann indiu an dtiuḃraḋ sé saoirse air sin? Dá mbeaḋ Tomás Dáiḃis i ḃfoċair Gaeḋeal indiu an dtiuḃraḋ sé saoirse air sin? Is eol do ċáċ naċ dtiuḃraḋ éinne de’n ḃuiḋin réaṁráiḋte saoirse air. Is eol do ċáċ naċ dtiuḃraḋ éinne de’n druing do fuair aiṫne ar an éag toisc a ndianġráḋa do Ġaeḋealaiḃ, o aimsir na ríoġraiḋe go haimsir na ḃFíníní, saoirse air. Is eol do ċáċ naċ dtiuḃraḋ aon líne de Ġaeḋealaiḃ dá ndeaċaiḋ roiṁ an líne so saoirse air. Muna dtiuḃraḋ ar sinnsir saoirse air cad ċuige a dtiuḃraimís-ne saoirse air? Má’s ní é go ḃfuil laiġeaduġaḋ tar éis imṫiġṫe ar ḋóċas Gaeḋeal, agus go ḃfuil múċaḋ tar éis imṫiġṫe ar ṁeanmain Ġaeḋeal, agus go ḃfuil mí-laoċas tar éis teaċta i gcroiḋṫiḃ Gaeḋeal, gairmidís saoirse de’n reaċt so, stríocaidís dá naṁaid, téiġidís i gcaradas ríoġ Ṡasan, agus feacaidís a nglún agus cromaidís a gceann i ḃfiaḋnuise a ró-ṫiġearna. Aċt ná luaiḋtear leo laoċraḋ Ġaeḋeal go deo arís. Má’s saoirse é so céard do ḃí uaṫa-san? Má’s fir ċríona sinne ní raiḃ ionnta-san aċt óinṁidí.
Céard déanfar linn? Céard do ḋéanfaḋ braġa dá dtairgfiḋe arm faoḃair ḋó? Do ḃéaraḋ sé ar an arm faoḃair, do raċaḋ ina ṫaiṫiġe, agus tar éis dula ina ṫaiṫiġe ḋó, do ṁúsclóċaḋ a ṁeanma, do ċuiṁneoċaḋ ar ġail a ṡinnsear, agus do ġearrfaḋ roiṁe sliġe ċum saoirse.
Tá Gaeḋil i mbruid. So ċuca arm faoḃair. Sínidís amaċ a láṁa. Beiridís air. Téiġidís ina ṫaiṫiġe. Beid suim ḃliaḋan ag dul ina ṫaiṫiġe. Géaraidís an t-arm. Láidriġidís é. Láidriġidís iad féin. Tarraingidís cáirde ċuca féin má’s féidir é. Ceannuiġidís cáirde má’s gáḃaḋ é. Ar mbeiṫ láidir a ndóṫain dóiḃ agus iad i dtaiṫiġe an airm go maiṫ, músclaidís a meanma, gaḃaidís ċuca bruṫ feirge, cuiṁniġidís ar ġail a sinnsear, agus gearraidís rómpa i n-ainm Dé.
Ní saoirse an reaċt so aċt do b’ḟéidir le Dia gurḃ’ é tús na saoirse é. Ní saoirse é aċt do b’ḟéidir gurḃ’ uirlis é le n-a mbainfiḋe amaċ an tsaoirse i n-am is i dtráṫ …
Ḃéaraimíd-ne ar gcongnaṁ ċuige sin, agus molaimíd dár gcáirdiḃ a gcongnaṁ do ṫaḃairt ċuige freisin. Cuireaḋ Gaeḋil le ċéile anois agus feiceam a ngníoṁ.