(11 BEALTAINE, 1912)
Do laḃramar le hÓgḃaiḋ Éireann an tseaċtṁain so do caiṫeaḋ ḋá ngríosaḋ agus ḋá n-imḋeargaḋ. Tuilleaḋ fós de’n ġríosaḋ agus de’n imḋeargaḋ annso síos.
Léiġtear i dTáin Bó Cuailgne, an tan ba ṁó gáḃaḋ Ulaḋ, ar mbeiṫ dá laoċraiḋ ina luiġe oṫrais agus ar mbeiṫ do’n aon laoċ aṁáin do ḃí inḟeaḋma .i. Cú Ċulainn mac Sualtaiṁ traoċta tuirseaċ tar éis a ḃfuair de ḋuaḋ agus de ḋoiṁin-ċréaċtaiḃ ag cosnaṁ an ċaṫa i n-aġaiḋ cúigí Éireann, gur ġluais macraḋ na hEaṁna um a dtaoiseaċ um Ḟolluṁan mac Ċonċoḃair do ċongnaṁ a n-aṫarḋa gur ċosnadar an caṫ nó gur ḋúisiġ Cú Ċulainn as a ṫromṡuan, agus ar ndúiseaċt do’n Ċoin gurab aṁlaiḋ do fuair an ṁacraḋ agus iad béal le béal agus bonn le bonn ar Áṫ an Éirliġ, óir do ṫuiteadar uile ag fearaḋ an éagcoṁlainn sin.
Aiṫristear a ṁac-saṁail de scéal ar ṁacraiḋ na Féinne. Léiġtear i gCaṫ Finntráġa, an tan do ġaḃ Rí an Doṁain cuan agus calaḋ-ṗort i gcuan Finntráġa, agus an uair ba ċlos fó ċeiṫre háirdiḃ Éireann scéala na n-olc do ḃí sé d’imirt ar Ḟiannaiḃ Finn, gur laḃair Fiaċra Foltleaḃar, rí Ulaḋ, go nduḃairt: ‘Truaġ liom,’ ar sé, ‘méid an éigin i ḃfuilid fir Éireann agus gan mo ḃeiṫ féin inċaṫa.’ Agus ní raiḃ de ċlainn ag an ríġ sin aċt aon ṁac aṁáin i gceann a ṫrí mbliaḋan déag. ‘Maiṫ doġéantá-sa,’ ar an mac, .i. ‘ógḃaḋ Ulaḋ do ċur liom-sa ċuca ó naċ inċaṫa ṫú féin.’ ‘Ná habair sin,’ ar an rí, ‘óir ní hinċoṁraic leanḃ trí mbliaḋan déag.’ Agus do ṫuig an rí nárḃ’ áil leis an mac gan dul go Fiannaiḃ Éireann. ‘Gaḃtar an mac,’ ar sé. Do gaḃaḋ leo é agus do cuireaḋ i seomra fó iaḋaḋ é agus ḋá ṁac déag de ṁacaiḃ ríoġ agus ró-ḟlaṫ Ulaḋ leis. ‘A óga,’ ar sé, ‘is maiṫ doġéanaḋ siḃ-se teaċt liom-sa go Fiannaiḃ Éireann, óir gion go ḃfuil ḃur n-aire le ríġe Ulaḋ do baḋ ṁaiṫ ḋíḃ clú do ḃur roċtain féin.’ Do ċuaiḋ an coṁráḋ sin fó na maccaiḃ agus an tan do ċodail an rí do ċuadar-san fó ṫeaċ na réad go dtugadar sciaṫ agus claiḋeaṁ agus ḋá ċraoisiġ gaċa macaoiṁ leo as, go dtángadar rómpa go coṁ-ḋíreaċ go rángadar Finntráiġ. Agus do ċuadar do ċoṁrac leis na hallṁuraċaiḃ agus fó ṫeaċt do ḋoirċe na hoiḋċe ba ċoṁ-ṫuitim do’n ḃuiḋin óig il-ḋealḃaiġ sin ar an tráiġ.
Do b’ḟéidir naċ ḃfuil ins na scéaltaiḃ sin aċt finnscéalta filiḋeaċta. Aċt is iad na finnscéalta filiḋeaċta an ċuid is luaċṁaire de’n stair. Ní ḃíonn sa stair go minic aċt bréag a dtigid luċt seanċuis ar aon ḟocal ina taoiḃ, fá mar aduḃairt Napoleón. I ḃfinnscéaltaiḃ cine innistear fíor-ṡeanċus an ċine sin. Tuigfear ó gaċ finnscéal a ḃeag nó a ṁór de ṁeon an duine do ċeap an finnscéal. Tuigfear ó ḟinnscéalaiḋeaċt ċine meon an ċine sin. Noċtar meon Gaeḋeal i dTáin Bó Cuailgne agus sa ḃFiannaiḋeaċt agus i litriḋeaċt Ġaeḋeal ar ċeana. An té naċ ḃfaca Gaeḋeal riaṁ, do ṫuigfeaḋ sé aigneaḋ Gaeḋeal aċt litriḋeaċt Ġaeḋeal do scrúduġaḋ.
Tuigfimíd ó na scéaltaiḃ réaṁráiḋte ní aṁáin do ḃí buailte isteaċ i n-aigneaḋ Gaeḋeal an tráṫ ba Ġaeḋealaiġe ḋóiḃ. Do ċeapadar gur ḃain sé leis an óige fá leiṫ oineaċ a gcine do ċosnaṁ. Gaċ ionad caṫa ḋá ḃaoġalaiġe, do b’é sin an t-ionad caṫa do b’oireaṁnaiġe do’n ógḃaiḋ. Agus dá dtréigfeaḋ an ógḃaḋ a n-ionad caṫa do raċaḋ an ṁacraḋ ina n-áit. ‘Noblesse oblige’ adeir an Franncaċ. ‘Jeunesse oblige’ .i. bíonn dualgas ar an óige adéaraḋ Gaeḋeal.
Is maiṫ do ṫuig Gaeḋil a ḟírinne sin, gaċ líne ḋíoḃ dá dtáinig ó aimsir na laoċraiḋe. Ba hiad na fir óga crann seasta gaċa cúise dár ġaḃ Gaeḋil do láiṁ a cosnaṁ anuas go dtí ar ré agus ar lá féin. Is iongantaċ a ḃfuil d’ḟearaiḃ óga ar réim laoċraiḋe Gaeḋeal. Ní raiḃ slán ag Seaġán an Díomais an uair do himreaḋ bás air aċt cúig bliaḋna déag is fiċe. Níor ṁair Aoḋ Ruaḋ Ó Doṁnaill aċt naoi mbliaḋna fiċead. Cúig bliaḋna déag ar ḟiċid an ré ṡaoġail do fuair an fear is fearr dár geineaḋ riaṁ de Ġaeḋealaiḃ nó de Ġall-Ġaeḋealaiḃ i nÉirinn .i. Tiobóid Wolfe Tone. Ceiṫre bliaḋna is fiċe do ḃí slán ag Roibeárd Emmet. Ní gáḃaḋ ḋúinn tráċt ar Ṫomás Dáiḃis ná ar an Aṫair Eoġan Ó Graṁna. Cad as ar ḟás cuṁaċt Ċonnarṫa na Talṁan? As cuṁaċt croiḋe na n-óg-ḟear do ḃí ina ceannus. Cad as ar ḟás bríġ agus neart Ċonnarṫa na Gaeḋilge? As bríġ agus neart intinne na n-óg-ḟear do ċuir ar bun é.
Tá gáḃaḋ le Connraḋ Nua i nÉirinn indiu. Tá cuṁaċt na sean-Ċonnraḋ briste agus tá a mbríġ caiṫte. Ní ḃíonn ar aon rud aċt seal. A gníoṁ féin ag gaċ líne. Connraḋ na Talṁan gníoṁ na dara líne so do ċuaiḋ ṫorainn. Connraḋ na Gaeḋilge gníoṁ na líne so atá ag imṫeaċt. Cad ḃus gníoṁ do’n líne atá do láṫair?