Beaṫa agus Sláinte.
Mo ġoirm ṫú má’s tú do ġairm le ċéile agus do riar agus d’orduiġ na slóiġte do ḃí i mBaile Áṫa Cliaṫ Dia Doṁnaiġ, agus is dóċa gur tú. Do ḃí rian do láiṁe ar an sluaiġeaḋ, rian láiṁe fir óig. Is maiṫ liom fir óga. Is maiṫ le Gaeḋealaiḃ fir óga. Is maiṫ le Gaeḋealaiḃ tusa. Ba tú ba ġile leis na slóiġtiḃ Dia Doṁnaiġ, agus níorḃ’ é an Réamonnaċ.
Tá croiḋe na hóige ionnat, a ḟir óig. Seaċain an gcríonfaḋ sé agus a ḃfuil de ṡean-laoċraiḋ id’ ṫimċeall. Mo ġráḋ an sean-ḟear a ḃfuil croiḋe na hóige ann, aċt is mairg an t-óg-ḟear a dtiocfaḋ croiḋe seanóra ann.
Is bríoġṁar do laḃrais Dia Doṁnaiġ. Níor ṫaiṫniġ roinn ded’ ḃriaṫraiḃ liom. An mbéir-se dílis do ċoróin Ṡasan an uair ḃéas mion-Ḟeis i mBaile Áṫa Cliaṫ? Ní ċreidim go mbéir. Déan maċtnaṁ.
Ní beag sin de’n dul so.
Beir buaiḋ agus beannaċt.
Mise
LAEĠ MAC RIANGAḂRA.