Beaṫa agus Sláinte.

Do scríoḃas ċum do ṡean-ċarad ċum Ṡeáin Díolúin tá tamall ó ṡoin ann. An uair do ḃíos-sa im’ ṁac ḃeag do ḃís-se agus Seán Díolúin in ḃur ḃfearaiḃ óga agus siḃ in ḃur ndís san áṫ ag cosaint Gaeḋeal ar ḟoirneart Gall. Do ḃínn-se ag léiġeaḋ ḃur n-eaċtra ós árd dom’ ṡean-aṫair. Do rinne mo ṡean-aṫair beagán ar son na hÉireann an uair do ḃí sé féin óg. Do ḃí sé ar luċt leanaṁna aṫar do ċarad i mbliaḋain a ’48. Do ḃí sé ina Ḟínín i mbliaḋain a ’67. Do ċreid sé go gcríoċnóċad siḃ-se agus ḃur gcompánaiġ an obair d’ḟág seisean agus a ċompánaiġ-sean gan ċríoċnuġaḋ. Níor ṫuigeas-sa an scéal go ró-ṁaiṫ, óir do ḃíos óg. Do ċeapas go mbeaḋ Parnell ina ɼíġ ar Éirinn dá n-éireoċaḋ liḃ. Do ċeapas go mbeaḋ a n-arm agus a gcaḃlaċ féin ag Gaeḋealaiḃ. Do ċeapas céad rud naċ gceapfaḋ éinne aċt leanḃ. Aċt do ḃí aon rud aṁáin nár ċeapas riaṁ. Do ḃí aon rud aṁáin naċ gcreidfinn dá dtiocfaḋ aingeal anuas ó na flaiṫeasaiḃ agus a réaṁḟaisnéis dom. Ní ċreidfinn ó éinne beo ná marḃ go mbeiṫeá-sa agus Seán Díolúin ag taḃairt fuaṫa dá ċéile i ndeireaḋ ḃur saoġail. Do connacṫas dom gur geall le Dáiḃid agus Ionatan nó le Roland agus Oiliḃéar nó le Coin Ċulainn agus Feirdia siḃ ar ṁéid ḃur gcarṫanaċta agus ḃur gcómbáiḋe agus ḃur ndílseaċta dá ċéile. Agus do ṡíleas dá dtiocfaḋ in ḃur saoġal ċoiḋċe siḃ do ḃeiṫ i gcoinniḃ a ċéile gurab é an nós do ċleaċtfaḋ siḃ nós Con Culainn agus Feirdia .i. deoċa míne meiḋreaċa agus biaḋa so-ċaiṫṁe so-ḃlasta do ċur ċum a ċéile tar éis caṫa gaċa lae agus luiġe ar aon leabaiḋ gaċ oiḋċe go maidin.

Aċt ní mar sin atá. Is aṁlaiḋ do ḃí Cú Ċulainn agus Feirdia agus duine aca ar ṫaoiḃ agus an duine eile ar ṫaoiḃ eile agus iad ag taḃairt geana dá ċéile ina ḋiaiḋ sin. Is aṁlaiḋ atá siḃ-se agus ḃur ndís ar aon taoiḃ aṁáin, aċt siḃ ag taḃairt fuaṫa dá ċéile ina aiṁḋeoin sin.

Ní heol dom-sa cad tá eadraiḃ. Ní heol d’éinne cad tá eadraiḃ. Ní heol díḃ féin cad tá eadraiḃ. Deirtear liom gur dóiġ leat-sa gur amadán Seán Díolúin. Deirtear liom gur dóiġ le Seán Díolúin gur gealt tusa. Ní dóiġ liom-sa go ḃfuil an ceart dá ċeapaḋ ag ceaċtar agaiḃ. Ċítear dom gurab é an loċt céadna atá ar gaċ duine agaiḃ .i. an iomarca measa aige ar a ḃaraṁail féin.

Bíoḋ do ḃaraṁail féin agat. Aċt mo ċoṁairle ḋuit. Má’s dóiġ leat gurab amadán Seán Díolúin ní gáḃaḋ ḋuit amadán go ġairm ḋe os coṁair Gall. Abair do roġa rud i gCúige Muṁan. Fan id’ ṫost i dTiġ Feise Lonndan, muna féidir leat laḃairt gan do ḃráṫair do ṁaslaḋ.

Rud eile. Cad ċuige ḋuit agá ráḋ naċ féidir dliġe do ḋéanaṁ d’Áḋḃar Aċta Riaġaltais na hÉireann le linn na Parlaiméide so? Nár ċóra ḋuit a ráḋ go gCAIṪFEAR dliġe do ḋéanaṁ ḋe?

Beir buaiḋ agus beannaċt.

Mise
LAEĠ MAC RIANGAḂRA.