Beaṫa agus Sláinte.

Ní ċualas d’ainm riaṁ ort aċt ‘T. P.’ Ní heol dom t’ainm dílis. Aċt is dóċa gur ‘Taḋg’ do baisteaḋ ort, óir tá an t-ainm sin coitċeann i measc feisirí, agus is ainm é oireas do luċt poilitiḋeaċta de réir béal-oidis Gaeḋeal. Bíoḋ a ḟiaḋnuise sin ar an sean-ḟocal .i. ‘Taḋg an Dá Ṫaoḃ.’ Má’s rud é naċ ḃfuil an ceart agam aċt gur ‘Tomás’ nó ‘Toirḋealḃaċ’ nó ‘Tomaltaċ’ nó ‘Tormad’ do baisteaḋ ort, maiṫ ḋom mo neiṁeolus.

Ag laḃairt duit i Lonndain Ṡasan an lá ċeana aduḃrais naċ mian le Gaeḋealaiḃ scaraṁaint ó Ṡasanaiḃ. Aduḃrais fós naċ scarfaiḋ Gaeḋil ó Ṡasanaiḃ go deo. B’ḟéidir an ceart do ḃeiṫ agat. B’ḟéidir gur fearr ṫuigir-se meon Gaeḋeal ioná mar ṫuigim-se é. Aċt ní ċuige sin do ḃíos aċt ċuige so. Is é an fáṫ ṫugais led’ ḃaraṁail .i. an ḟaid ḃéas muca le díol ag Gaeḋealaiḃ agus Gaill ag ceannaċ muc naċ n-oirfiḋ do Ġaeḋealaiḃ scaraṁaint ó Ġallaiḃ.

Níor ṁaiṫ liom fearg do ċur ort. Níor ṁaiṫ liom laḃairt go droċ-ṁúinte leat. Aċt taḃair cead dom a ráḋ leat suas led’ ḃéal naċ ḃfuil sa méid sin cainnte aċt baois agus dearg-amaidiġe. Do ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ agam-sa a ráḋ an ḟaid ḃéas Franncaiġ ag díol fíona agus Sasanaiġ ag ceannaċ fíona go gcaiṫfiḋ Sasana agus an Ḟrainnc ḃeiṫ ceangailte le ċéile, nó an ḟaid ḃéas Rúisiġ ag díol cruiṫneaċta agus Sasanaiġ ag ceannaċ cruiṫneaċta go gcaiṫfiḋ Sasana agus an Rúis ḃeiṫ fá aon ċoróin aṁáin.

Is minic do ċualas go mbainfeaḋ a leiṫéid so nó a leiṫéid siúd gáire as na cataiḃ. Do ḃainfeaḋ do ċainnt-se gáire as na mucaiḃ.

Beir buaiḋ agus beannaċt.

Mise
LAEĠ MAC RIANGAḂRA.