(13 AIBREÁN, 1912)

Tá dream ar dóiġ leo go ḃfuil luċt scríoḃṫa an irisleaḃair so ró-ḋána. Tá furṁór Gaeḋeal ċoṁ meaṫta sin is gur dána leo an ḟírinne dá canaḋ. Is dána leo fear ag ráḋ ‘Is linn féin an ċríoċ so.’ Is dána leo fear ag ráḋ ‘Ní ceart Gaill do ḃeiṫ annso i n-aiṁḋeoin Gaeḋeal.’ Is iongnaḋ agus is uaṫḃás leo fear ag ráḋ ‘Ní féidir saoirse ċine do ċosaint aċt le faoḃar claiḋiṁ.’ Is léir fírinne an ċéad dá ní de na trí neiṫiḃ sin. Adṁuiġṫear fírinne na treas ní ḋíoḃ i ngaċ críċ aċt sa gcríċ so. Do hadṁuiġtí a fírinne sa gcríċ so féin go dtí le fíor-ḋéiḋeannaiġe. An líne so de Ġaeḋealaiḃ an ċéad líne de Ġaeḋealaiḃ ná d’aon ċine eile do ḋiúltuiġ d’ḟírinne na ní sin. An féidir gurab ag claḋairíḃ Gaeḋeal atá an ceart agus an t-ainċeart ag ciniḋeaċaiḃ an doṁain?

Do ṁolamar do Ġaeḋealaiḃ airm do ġaḃáil ċuca de réir mar ṁolas an Tiġearna Roberts do Ġallaiḃ airm do ġaḃáil ċuca, de réir mar ṁolas an Kaiser Uilliam do Ġearmánaċaiḃ airm do ġaḃáil ċuca, de réir mar ṁolas Theodore Roosevelt d’Ameriocánaċaiḃ airm do ġaḃáil ċuca, de réir mar ṁolas maiṫe agus éigse gaċa críċe do ṁuinntir na críċe sin airm do ġaḃáil ċuca. Tá de ċeart ag gaċ duine ó nádúr airm d’iomċur. Ní féidir an ceart sin do ḃaint de ḋuine. Do ḃeaḋ sé ċoṁ maiṫ agat aer nó grian nó uisce nó biaḋ do ċosc ar ḋuine agus airm do ċosc air. Is féidir aer agus uisce agus biaḋ do ċosc ar ḋuine. Is minic déantar é. Ní ḃíonn san duine sin annsin aċt braġa nó moġa nó daor-ḋuine. Níl san duine naċ n-iomċuireann airm nó naċ ḃfuil ann é féin do ċosaint le harmaiḃ má tigtear air aċt braġa nó moġa nó daor-ḋuine. Ní de ṡaor-ċlannaiḃ an doṁain é aċt de ḋaor-ċlannaiḃ an doṁain. Ní fiú é fear do ṫaḃairt air. Ní fiú é bean do ṫaḃairt air. Baḋ deacair ainm oireaṁnaċ do ċeapaḋ ḋó.

Má táimíd ḋá ṁolaḋ do Ġaeḋealaiḃ airm do ġaḃáil ċuca nílmíd ḋá ṁolaḋ ḋóiḃ feiḋm do ḃaint as na harmaiḃ sin i n-aġaiḋ Gall indiu ná i mbáraċ ná i mbliaḋna ná an ḃliaḋain so ċugainn. B’ḟéidir naċ mbeaḋ orṫa feiḋm do ḃaint asta go deo. B’ḟéidir an uair do ḃeaḋ orṫa feiḋm do ḃaint asta naċ ar Ṡasanaċaiḃ aċt ar Ġearmánaċaiḃ do ḃeaḋ orṫa a niṁ d’imirt. Baḋ ṁaiṫ linn go dtuigfiḋe i gceart sinn. Ní troid atá uainn, aċt Gaeḋil do ḃeiṫ i n-innṁe troda. Is minic naċ mbíonn gáḃaḋ le troid aċt gaċ taoḃ do ḃeiṫ réiḋ ċum troda. Dá mbeaḋ Gaeḋil réiḋ ċum troda anois ní ḃeaḋ aon ċeist fá riaġaltas dúṫċasaċ do ṫaḃairt dúinn. Ní ḃeaḋ aon troid ann, aċt do ḃeaḋ riaġaltas dúṫċasaċ againn gan troid. Ó ṫárla ḋúinn gan troid  ar ar gcumas tá riaġaltas dúṫċasaċ ina ċeist. Béiḋ riaġaltas dúṫċasaċ againn ‘muna n-éiriġeann mí-ṫapa i Sasanaiḃ,’ adeir an Réamonnaċ. Dá mbeaḋ Gaeḋil i n-innṁe troda do ḃeaḋ riaġaltas dúṫċasaċ againn dá n-éireoċaḋ céad mí-ṫapa i Sasanaiḃ.

Molfaiḋ Príoṁ-Reaċtaire Ṡasan Áḋḃar Aċta Riaġaltais na hÉireann d’Ḟeis Ṡasan anocṫ. Níl roiṁ an Áḋḃar Aċta sin aċt ceann aṁáin de’n dá ċríċ so .i. aontóċar é sa deireaḋ nó diúltóċar ḋó. Má aontuiġtear é béiḋ Feis ag Geaḋealaiḃ fá ċeann cúpla bliaḋan.  Ar gcoṁairle do Ġeaḋealaiḃ glacaḋ leis an ḃFeis sin má’s fiú í glacaḋ léi, dul isteaċ innti, í do Ġaeḋealuġaḋ, í do láidriuġaḋ, feiḋm do ḃaint aisti ċum leasa na hÉireann, aċt gan géilleaḋ go ḃfuilmíd sásta go mbéidmíd sásta, agus ní ḃéimíd sásta go mbéiḋ an tír so in ar seilḃ féin gan ċur isteaċ ó Ġallaiḃ.

Má diúltuiġṫear do’n Áḋḃar Aċta sin is léir go mbéiḋ ina ċogaḋ i nÉirinn. Ní abraimíd go mbéimíd ag taḃairt duḃṡláin Ġall ar ṁaċaire an áir. Ní féidir linn sin do ḋéanaṁ ó ṫárla gan armaiḃ, gan taoiseaċaiḃ, gan eolus, gan airgead sinn. Aċt béiḋ ina ċogaḋ ina ḋiaiḋ sin .i. béiḋ Gaeḋil ag diúltaḋ do ċeannus Gall, béiḋ Gaill ag cur smaċta ar Ġaeḋealaiḃ, béiḋ corruiġe agus bruiḋean agus éirġe amaċ mar do ḃí le linn Cogaḋ na Talṁan. Is baoġalaċ go mbéiḋ dream naċ ionṁuin leo Gaeḋealtaċt na hÉireann, dream naċ ionṁuin leo Críostaiḋeaċt na hÉireann, dream a ḃfuil báiḋ aca leis an ní ar a dtugtar Cumannaċt, dream a ḃfuil báiḋ aca le hainċríostaiḋṫiḃ Ṡasan agus Roinne na hEorpa, is baoġalaċ go mbéiḋ an dream sin ag bailiuġaḋ conganta ċuca má ḃíonn ina ċogaḋ i nÉirinn agus gurab iad sin do raċaḋ i gceannus Gaeḋeal sa gcogaḋ dá leigfiḋe ḋóiḃ. Baḋ ṁian linne Gaeḋil do ċosaint ar an gconntaḃairt sin. Bíoḋ ina ċogaḋ má caiṫfear ḃeiṫ ina ċogaḋ, aċt bímís dílis do Ġaeḋealtaċt na hÉireann, bímís dílis do’n Ċríostaiḋeaċt, ná bacaimís leis an gCumannaċt ná le haon ní iasaċta dá sórt, ná bíoḋ baint ná pléiḋe againn le hainċríostaiḋṫiḃ Ṡasan ná na hEorpa. Seasaimís go Gaeḋealaċ gráḋṁar guala ar ġualainn idir cléir agus tuata fá n-ar maiṫiḃ féin in ar ndúṫaiġ féin ċum ar gcirt féin do ḃaint amaċ.