Sinn Féin, Feaḃra 8, 1913.
[Ag seo aiste a scríoḃ “Fear na Muinntire” i mbliaḋain 1897, agus sid é an ċeud uair i gclóḋ ḋo—F.E.]
Buḋ ċoir ḋúinn fíor-eolas ḃeiṫ again ar an gciall atá leis an ḃfacal “náisíuntaċt” leis na neiṫe ṫuigsin go firéannaċ a ḃeireas treanaċt agus caḃair ċuici, óir is minic go gcuirte ar mórán focal cialluiġeaċt náċ fuil ionnta. Creideann an scrioḃnoir so gur is náisíuntaċt ann an niḋ a ċruṫuiġeas eidirḋaluigeaċt; an ċiuṁais sin a roinneas muinntire an doṁain ó ’na ċéile, a ḋeanas a n-dealuiġeaċta soilléir, mar ġniḋeann an oiḋċe leis na reultannaiḃ. Ní ḃaineann náisíuntaċt le aon smuaineaḋ áiriġṫe no aon ċreiḋeaṁ aṁáin, aċt le gaċ uile rud a ċruṫas dúṫċas. Caḃaruiġeann mórán niḋ ċum a déanta; biḋeann in a n-ursannaiḃ ḋí, tírġraḋ, nóis, ceol, smuainte, sean-ċreidiṁe, stáireaċt, litireaċt, aċt ceann is mó an iomláin uraḋall.
Is soilléir cumas agus riaċtanas uraḋaill i ḃfás náisiúnaċta. Is í an beurt is mo smuainte fir é; ní litíreaċt aċt cisde ċum a ċuiṁne aṁáin, aċt faġann sé a ṗrioṁ-ċruṫ in uraḋall. Biḋeann smuaineaḋ gan aṁras faoi ċumas eolais, creidiṁ agus céill; cruṫaim an ċead ċeann aca é ḃéireann an dara aca breiṫ air, agus gniḋeann an treas ceann ceart. Faġann urḋall a maiṫeas uile! Tá náisiúntaċt in a ṫeagastoir ṫirġraḋa, mar an gceadna, oir d’á ṁeud tirġraḋa atá i gcroiḋe tírgraḋuiġeora, ní feidir leis an lasair d’eaḋain i gcroiḋṫiḃ eile aċt le cumas uraḋaill nó gníoṁa-tírġraḋaċa. Is é uraḋall an ċaḃair is mó stáireaċta agus sean-ċreidiṁ; agus biḋeann a binneaċt meuduiġṫe fa ċéad ag ceol nuair atá focail ag a nótaiḋiḃ le ciall do ċur orra. Laḃrann an teanga as lánaċt an ċroiḋe, agus biḋeann eifeaċtuigṫe, leis an gcumas a eiriġeas ins an mbunaḋas ceadna, gaċ uile ag na neiṫiḃ a geintear ins an gcroiḋe daonna.
Is é uraḋall an cóṁarṫa is dearḃta is soilléire, is cinnte, náisiúntaċta; d’á méid an t-aċar cíanaċt a ḋealruiġeas fear o’n a ḋuṫċas d’á ḟuide an t-am ó ḋearc se ar a tráiġṫiḃ, taisbeán ann blása a ḋuṫċais ar ball a náisíunaċt. Is ceangal aontuiġeaċta é i gcéin, agus is múr in aġaiḋ nuaḋ nós ag an teaġlaċ é. Cuṁduiġeann se an tam atá dul ṫarrain; cosnuiġeann se an tam atá i láṫair, agus is cosnaṁ cinnte é i gcionn an ama atá le teaċt. Is é teaċ cisdeaċ na seod é a scap bród agus aoiḃneas ameasg ár sinnsear; is teaċ-ṫaisgeaċ feasa agus eolais é na naoṁ agus na saoi go léir a oibriġ fád ó; agus is sgaṫán é a ṫaisbéanas ḋúinn smuainte agus dóċais na geineaṁna ata ag dul ṫarruinn. Teiḋeann gaċ uile aca so le Naisíunaċt do ċruṫuġ agus, mar atá se in a ṡearḃ-ḟóġantaiḋ ḋoíḃ, ġniḋeann uraḋall deaġ-obair ṁór ċum a deunta agus ċum abuan ṡaoġalaċta.
Da ḃfeuċfamuis in ár dtimċeall, do ġeaḃamuis dearḃairḋe go leor ar eifeaċt uraḋaill ar náisíunaċt. Beagán aċ cead bliaġain ó soin do ḃí an Ḃreaṫain ag caoineaḋ agus ag caiṫeaḋ go mall aċt go cinnte, agus do ḃí nóis Sacsana ag eiriġ ameasg a muinntear. Ḃí a ceol beagnáċ imṫiġṫe i n-dearmad, ḃí tarcuine agus tár ar a sean-ċreidiṁiḃ agus a sean-sgeultaiḃ. Ḃí a clann gan dóċas agus a spioraid beagnaċ marḃ. Nior laḃraḋ a teangṫa aċt ins na aiṫeaċaiḃ uaigneaċa fiaḋána, ameasg na ndaoine mboċt agus na mí-eolgaċ aṁáin. Aċt riġne beagán fíor Ḃreaṫannaċ rún le haṫruġaḋ do ċur ar bun le h-uċt na stáide sin; óir ḃí náire orra gurḃ i rioċt ḃáis na cuiṁniġṫe a ṡín go h-aimsír Airt. Riġneadar iarraċt le síol ṫirġráḋa do ċur les na daoiniḃ do ṁúsgailt as an gcodlaḋ náireaċ neaṁ-ḟearaṁail a ḃí orra, agus rugadar buaiḋ leo. D’ḟás an spioraid atá i mBreaṫain indiu as an dtosnuġ beag sin; an spioraid a ḃeireas ċum Breaṫaine áit ameasg duṫċas an doṁain. Ins an ċaoi ċeadna beireann an teanga Gearmáinis an tréanaċt agus cumas mór atá aici. Is a n-uraḋall aṁáin a déinead aontuiġeaċt idir Prúisea agus Báiḃéiria. Buḋ aontuiġeaċt geinte as teangta coitċionn a ṫug do Ġearmáin an cuṁaċt a ċuir an ruaig ar an ḃFrainc agus is ann ó ṡoin an t-aontuiġeaċt sin a ċongḃuiġeas ó ṁilleaḋ í. D’eaduiġ a filiḋe a sean-sgeulta agus a mianna in a teangṫaiḋ agus mar sin de is spré do gaċ uile leanḃ leiṫe na h-aḃráin a eaḋain spéis agus meas i ngaċ croiḋe aca ar a stáir agus ar na feidireaċtaiḃ atá roimpí.
(Ar leanaṁaint.)
Sinn Féin, Feaḃra 15, 1913.
Tá in a ċeann de na ṫuaraib is cinnte ar ċumais uraḋaill na iarraċta a ṫug an coigċrioċoir le sé do ċur ar gcul ar fud tire ar a rug se. Is í an ċead obair a cúirse os a comair í. Is ealas maiṫ ḋo nuair imṫiġeas an spioraid a eongḃuiġeas beo an Náisiúnaċt, ní ḃeiḋ Náisiúnaċt i ḃfad in a diaiḋ. Tá a ḟios againn ar an ṁeid so i stáir ar nduṫċassa. O’n lá gur ċuir an Sacsanaċ a ċos ar Éirinn, níor stad sé riaṁ le dliġṫiḃ do ḋeanaḋ in aġaiḋ ar dteangṫaḋ. Ċoṁ ḟada as naċ raiḃ suim againn ar na dliġṫiḃ Sacsánaċso, do líon Náisiúnaċt na h-Éireann a gorta agus a dúinn le fearaiḃ treunacta fíor Gaeḋealaċ. Ó ṫagamar an duaiḋ ḋo, ní raíḃ in ar Náisiúnaċt aċt cáint aṁáin. Is fíor é tar ċeann go ḃfuil mórán fior-Éireannaċ fós ameasg síl-aiċme na ḃfear a ḋearnaiḋ stáir na h-Éireann ins na sean laeṫiḃ so na croḋaċta aċt beiḋ cuinge an coigcríg ar a mballaiḃ agus beiḋ a ḋliġṫe ag cur dearoileaċta agus do láis ar fud a dtíre ċoiḋċe go gcaiṫfiḋ siad uaṫa a ḃlasa agus a smuainte agus go raċaiḋ siad ar a n-ais aris ċum sean teangṫad binn blasda na n-aiṫreaċ.
Ní fás glúin no céid-bliaġna Naisíunaċt, aċt is fás iliomaid céad bliaḋain í. Atá a freiṁe ins an ann fad ó mar atá a bláṫa ins an aimsir atá againn agus crionfaiḋ an t-aon ceann aca agus eugfaiḋ an ceann eile aċa muna ḃfuil aċa i gcoṁnuiḋe an ġrían ġeal agus an ċré ċineálaċ a ṫug tréine agus treise ċum a maoiḋeanaċta. Ní ṫiuḃraiḋ sí cead ċum a haṫċurṫa b’eigin ḋí ḃeiṫ oileaṁúnte les na sean-ċumasaiḃ d’a congḃail beo. Mar aduḃramar ċeana riġeann gaċ uile aċa so an cumas is mó trí uraḋall; agus má scriostar an soiṫeaċ a beireas iad, ní ḟeudfaid a meud ḟior-ṫréine do ḃeir ċum beoḋuiġeaca náisiúntaċta eidirdealuigeaċta. Is féidir les an gcriċe beiṫ i mbeo ar feaḋ tamall gearr tar éis marbuiġṫe náisiúntaċta, aċt mar ċríonann an crann a ċailleas a ṡug-freaṁaṁail, ins an gcaoi ceadna eugann náisiúnaċta, aċt nuair faġann an uraḋall, a ṫug beoḋuiġeaċt ḋí, bás. Beiḋ a pobal múċta i gcric eile agus ní ḟagann an t-ain túar no cúntás ar haisdir les an eolas do ṫaḃairt go raiḃ an ṁuinntear sin i m-biṫ am riaṁ deanaim stáireaċt dearṁad orra; oir ní ḃeireann an doṁan meas aċt ar na muinntiriḃ a ċuireas súim agus spéir ar na neiṫiḃ a ḃáineas leo-san, les a n-aiṫreaċaiḃ, les a gclannaiḃ agus les a n-dúṫcas san.
(An Críoċ.)