- Sinn Féin
- Feabhra 8, 1913
[Ag seo aiste a scríoḃ “Fear na Muinntire” i mbliaḋain 1897, agus sid é an ċeud uair i gclóḋ ḋo—F.E.]
Buḋ ċoir ḋúinn fíor-eolas ḃeiṫ again ar an gciall atá leis an ḃfacal “náisíuntaċt” leis na neiṫe ṫuigsin go firéannaċ a ḃeireas treanaċt agus caḃair ċuici, óir is minic go gcuirte ar mórán focal cialluiġeaċt náċ fuil ionnta. Creideann an scrioḃnoir so gur is náisíuntaċt ann an niḋ a ċruṫuiġeas eidirḋaluigeaċt; an ċiuṁais sin a roinneas muinntire an doṁain ó ’na ċéile, a ḋeanas a n-dealuiġeaċta soilléir, mar ġniḋeann an oiḋċe leis na reultannaiḃ. Ní ḃaineann náisíuntaċt le aon smuaineaḋ áiriġṫe no aon ċreiḋeaṁ aṁáin, aċt le gaċ uile rud a ċruṫas dúṫċas. Caḃaruiġeann mórán niḋ ċum a déanta; biḋeann in a n-ursannaiḃ ḋí, tírġraḋ, nóis, ceol, smuainte, sean-ċreidiṁe, stáireaċt, litireaċt, aċt ceann is mó an iomláin uraḋall.
Is soilléir cumas agus riaċtanas uraḋaill i ḃfás náisiúnaċta. Is í an beurt is mo smuainte fir é; ní litíreaċt aċt cisde ċum a ċuiṁne aṁáin, aċt faġann sé a ṗrioṁ-ċruṫ in uraḋall. Biḋeann smuaineaḋ gan aṁras faoi ċumas eolais, creidiṁ agus céill; cruṫaim an ċead ċeann aca é ḃéireann an dara aca breiṫ air, agus gniḋeann an treas ceann ceart. Faġann urḋall a maiṫeas uile! Tá náisiúntaċt in a ṫeagastoir ṫirġraḋa, mar an gceadna, oir d’á ṁeud tirġraḋa atá i gcroiḋe tírgraḋuiġeora, ní feidir leis an lasair d’eaḋain i gcroiḋṫiḃ eile aċt le cumas uraḋaill nó gníoṁa-tírġraḋaċa. Is é uraḋall an ċaḃair is mó stáireaċta agus sean-ċreidiṁ; agus biḋeann a binneaċt meuduiġṫe fa ċéad ag ceol nuair atá focail ag a nótaiḋiḃ le ciall do ċur orra. Laḃrann an teanga as lánaċt an ċroiḋe, agus biḋeann eifeaċtuigṫe, leis an gcumas a eiriġeas ins an mbunaḋas ceadna, gaċ uile ag na neiṫiḃ a geintear ins an gcroiḋe daonna.
Is é uraḋall an cóṁarṫa is dearḃta is soilléire, is cinnte, náisiúntaċta; d’á méid an t-aċar cíanaċt a ḋealruiġeas fear o’n a ḋuṫċas d’á ḟuide an t-am ó ḋearc se ar a tráiġṫiḃ, taisbeán ann blása a ḋuṫċais ar ball a náisíunaċt. Is ceangal aontuiġeaċta é i gcéin, agus is múr in aġaiḋ nuaḋ nós ag an teaġlaċ é. Cuṁduiġeann se an tam atá dul ṫarrain; cosnuiġeann se an tam atá i láṫair, agus is cosnaṁ cinnte é i gcionn an ama atá le teaċt. Is é teaċ cisdeaċ na seod é a scap bród agus aoiḃneas ameasg ár sinnsear; is teaċ-ṫaisgeaċ feasa agus eolais é na naoṁ agus na saoi go léir a oibriġ fád ó; agus is sgaṫán é a ṫaisbéanas ḋúinn smuainte agus dóċais na geineaṁna ata ag dul ṫarruinn. Teiḋeann gaċ uile aca so le Naisíunaċt do ċruṫuġ agus, mar atá se in a ṡearḃ-ḟóġantaiḋ ḋoíḃ, ġniḋeann uraḋall deaġ-obair ṁór ċum a deunta agus ċum abuan ṡaoġalaċta.
Da ḃfeuċfamuis in ár dtimċeall, do ġeaḃamuis dearḃairḋe go leor ar eifeaċt uraḋaill ar náisíunaċt. Beagán aċ cead bliaġain ó soin do ḃí an Ḃreaṫain ag caoineaḋ agus ag caiṫeaḋ go mall aċt go cinnte, agus do ḃí nóis Sacsana ag eiriġ ameasg a muinntear. Ḃí a ceol beagnáċ imṫiġṫe i n-dearmad, ḃí tarcuine agus tár ar a sean-ċreidiṁiḃ agus a sean-sgeultaiḃ. Ḃí a clann gan dóċas agus a spioraid beagnaċ marḃ. Nior laḃraḋ a teangṫa aċt ins na aiṫeaċaiḃ uaigneaċa fiaḋána, ameasg na ndaoine mboċt agus na mí-eolgaċ aṁáin. Aċt riġne beagán fíor Ḃreaṫannaċ rún le haṫruġaḋ do ċur ar bun le h-uċt na stáide sin; óir ḃí náire orra gurḃ i rioċt ḃáis na cuiṁniġṫe a ṡín go h-aimsír Airt. Riġneadar iarraċt le síol ṫirġráḋa do ċur les na daoiniḃ do ṁúsgailt as an gcodlaḋ náireaċ neaṁ-ḟearaṁail a ḃí orra, agus rugadar buaiḋ leo. D’ḟás an spioraid atá i mBreaṫain indiu as an dtosnuġ beag sin; an spioraid a ḃeireas ċum Breaṫaine áit ameasg duṫċas an doṁain. Ins an ċaoi ċeadna beireann an teanga Gearmáinis an tréanaċt agus cumas mór atá aici. Is a n-uraḋall aṁáin a déinead aontuiġeaċt idir Prúisea agus Báiḃéiria. Buḋ aontuiġeaċt geinte as teangta coitċionn a ṫug do Ġearmáin an cuṁaċt a ċuir an ruaig ar an ḃFrainc agus is ann ó ṡoin an t-aontuiġeaċt sin a ċongḃuiġeas ó ṁilleaḋ í. D’eaduiġ a filiḋe a sean-sgeulta agus a mianna in a teangṫaiḋ agus mar sin de is spré do gaċ uile leanḃ leiṫe na h-aḃráin a eaḋain spéis agus meas i ngaċ croiḋe aca ar a stáir agus ar na feidireaċtaiḃ atá roimpí.
(Ar leanaṁaint.)