AN ḞUIREANN annso síos
ÍOSAGÁN
SEAN-ṀAITIAS
AN SAGART
MALRAIĠ:―DARAĊ, PÁDRAIC, CÓILÍN, FÉIĊÍN, EOĠAN, CUIMÍN
Tuigtear go ḃfuil Daraċ agus Pádraic beagán níos sine ioná na malraiġ eile
ÁIT do’n Ċluiċe so―Cladaċ i n-aice le baile i nIar-Ċonnaċtaiḃ
AIMSIR ḊÓ, an aimsir atá i láṫair
ÍOSAGÁN
AN ĊÉAD ROINN
Cladaċ i n-aice le baile i nIar-Ċonnaċtaiḃ. Teaċ ar ṫaoiḃ na láiṁe deise. Glór cluig do ṫeaċt aniar go glé glinn. Osgailtear doras an tiġe. Sean-ḟear, .i. sean-Ṁaitias, do ṫeaċt amaċ ar lic an dorais agus do ṡeasaṁ sgaṫaṁ ag breaṫnuġaḋ siar an bóṫar. É do ṡuiḋe annsin ar ċaṫaoir atá taoḃ amuiġ de’n doras, a ḋá láiṁ i ngreim i maide, a ċeann cromṫa aige, agus é ag éisteaċt go haireaċ le glór an ċluig. An clog do stad dá ḃualaḋ. Daraċ, Pádraic, agus Cóilín do ṫeaċt aníos ó’n ḃfairrge agus iad ag cur orṫa a gcuid éadaiġ tar éis ḃeiṫ ag snáṁ ḋóiḃ.
Daraċ (agus é ag síneaḋ a ṁéir ċum na fairrge).
Tá na bláṫa bána i ngarrḋa an iasgaire.
Pádraic.
Tá, muis.
Cóilín.
Cá ḃfuil siad?
Daraċ.
Féaċ uait ar an ḃfairrge iad.
Cóilín.
Ní bláṫa iad sin. Sin iad na caiple bána.
Daraċ.
Is cosṁail le bláṫaiḃ bána iad.
Cóilín.
Ní heaḋ, deir sean-Ṁaitias gurab iad sin na caiple bána atá ag gluaiseaċt ina gcos-i-n-áirde treasna na fairrge ó’n Tír Éile.
Pádraic.
Ċuala mé Íosagán ag ráḋ gur bláṫa iad.
Cóilín.
Cia an ċaoi a ḃféadfaḋ bláṫa fás ar an ḃfairrge?
Pádraic.
Agus cia an ċaoi a ḃféadfaḋ caiple gluaiseaċt ar an ḃfairrge?
Cóilín.
Go réiḋ, dá mba caiple siḋe a ḃeaḋ ionnta.
Pádraic.
Agus naċ ḃféadfaḋ bláṫa fás ar an ḃfairrge ċoṁ furusta céadna dá mba bláṫa siḋe a ḃeaḋ ionnta? Naċ minic a ċonnaic tú na bileogaí báiḋte ar Loċ Eileaḃraċ? Agus naċ ḃféadfaḋ siad fás ar an ḃfairrge ċoṁ maiṫ le ar an loċ?
Cóilín.
Níl a ḟios agam an ḃféadfaḋ.
Pádraic.
D’ḟéadfaḋ, muis.
Daraċ.
Ḃí an ḟairrge go breaġ indiu, a ḋuine!
Cóilín.
Ḃí, aċt ḃí sí an-diaḃalta fuar.
Pádraic.
Tuige naċ mbeaḋ fuaċt ort-sa nuair naċ ndeaċaiḋ tú isteaċ aċt do dtí do ġlúiní?
Cóilín.
Ar ndóiġ, ḃí faitċíos orm go leagfaḋ na tonntraċa mé dá ngaḃainn isteaċ níos fuide. Ḃí siad uaṫḃásaċ mór.
Daraċ.
Sin é a ṫaiṫniġeas liom, a ḋuine. An cuiṁneaċ leat an tonn ṁór ṁillteaċ úd a ṫáinig os ar gcionn?
Pádraic.
’Seaḋ, agus Cóilín ag sgreadġail go raiḃ sé báiḋte.
Cóilín.
Ċuaiḋ sí síos mo sgórnaċ, ċuaiḋ sin, agus is beag nár ṁúċ sí mé.
Pádraic.
Ar ndóiġ, ḃí do ḃéal osgailte agat, agus tú ag béiciġil. Do b’aisteaċ an sgéal é muna ngaḃfaḋ sí síos do sgórnaċ.
Cóilín.
Ṫug an ceann údan mo ḋóṫain de ḋom. Ċoingḃiġ mé as a mbealaċ ina ḋiaiḋ sin.
Daraċ.
Ḃfuil a gcuid éadaiġ orṫa ag na lads eile fós?
Pádraic.
Tá, so aníos iad.
Cóilín.
Féaċ an ḃail atá ar ġruaig Ḟéiċín!
Féiċín, Eoġan, agus Cuimín do ṫeaċt aníos ó’n ḃfairrge agus iad ag tiormuġaḋ a gcuid gruaige.
Cuimín.
Céard imreoċas muid indiu?
Cóilín.
Púicín!
Pádraic.
Ara, bí ’do ṫost, tú féin is do ṗuicín!
Cóilín.
Geataí árda, mar sin!
Pádraic.
Ní heaḋ! Támuid tuirseaċ de na geataiḃ árda sin!
Daraċ.
’ḃFalógaíḃ!
Féiċín.
Faic!
Eoġan.
Sicíní!
Cóilín.
Ní heaḋ! Déanaḋ muid lúrabóg!
Pádraic.
Déanfaiḋ mé lúrabóg ḋíot-sa!
Cóilín.
Bíonn tú liom i gcoṁnaiḋe, a Ṗádraic.
Pádraic do ḃreiṫ air.
Éist liom, a deirim leat!
Cuimín.
Ara, éist leis, a Ṗádraic.
Daraċ.
Éist leis.
Pádraic do leigean dó.
Cóilín.
Laḃair ṫú féin, a Ṗádraic, ó ṫárla naċ dtugann tú cead cainnte do ḋuine ar biṫ eile.
Pádraic.
Caiṫeaḋ muid léim mar sin!
Eoġan
Caiṫeaḋ muid léim! Caiṫeaḋ muid léim!
Daraċ.
Cuirfiḋ mé geall go mbuailfiḋ mé ṫú, a Ṗádraic.
Pádraic.
Ag caiṫeaṁ léim, an eaḋ?
Daraċ.
’Seaḋ.
Pádraic.
Ar ndóiġ, nár ḃuail mé aṫruġaḋ indé ṫú ar ċreigeán na sgoile?
Daraċ.
Mise i mbannaíḃ naċ mbuailfiḋ tú indiu mé. An ḃféaċfaiḋ tú leis?
Pádraic.
Ní ḟéaċfad. Tá mo ċois tinn.
Na malraiġ eile do ṫornuġaḋ ag gáiriḋe; Pádraic do laḃairt agus cosaṁlaċt náire air.
B’ḟearr liom cluiċe haillí.
Eoġan.
Cluiċe haillí! Cluiċe haillí!
Daraċ.
Ḃfuil liaṫróid ag duine biṫ?
Cuimín.
Agus dá mbeaḋ féin cé n-imreoċaḋ muid?
Pádraic.
Imreoċamuid i n-aġaiḋ ḃinn tiġe ṡean-Ṁaitiais. Níl áit is deise le fáġáil.
Cóilín.
Cia aige a ḃfuil an liaṫróid?
Cuimín.
M’anam naċ ḃfuil sí agam-sa.
Daraċ.
Níl, ná agam-sa.
Pádraic.
Agat féin a ḃí sí Dia hAoine, a Ċóilín.
Cóilín.
Ar ndóiġ, naċ rug an máiġistir uirṫi san áit a raiḃ mé ’gá hopáil sa sgoil i riṫ an Teagaisg Ċríostaiḋe?
Féiċín.
Is fíor ḋuit, a ṁ’anam!
Cuimín.
M’anam muise gur ċeap mé go dtiuḃraḋ sé an tslat duit an uair údan.
Cóilín.
Ṫiuḃraḋ freisin maraċ go raiḃ sé ag súil leis an sagart a ṫeaċt isteaċ.
Daraċ.
’Sí an liaṫróid a ṫeastuiġ uaiḋ. Béiḋ cluiċe aige le na peelers indiu tar éis Aifrinn.
Pádraic.
M’anam muise go mbéiḋ, agus is é atá i n-ann na peelers a ḃualaḋ freisin.
Daraċ.
Níl sé i n-ann an sergeant a ḃualaḋ. ’Sé an sergeant an fear is fearr aca uilig. Ḃuail sé Hoskins agus an fear ruaḋ le ċeile Dia Doṁnaiġ seo caitṫe.
Féiċín.
Ara, stop! Ar ḃuail?
Daraċ.
Ḃuail, muis. Ḃí an fear ruaḋ ar buile, agus an máiġistir agus na peelers uilig ag gáiriḋe faoi.
Daraċ.
Cuirfiḋ mise geall naċ mbuailfeaḋ.
Pádraic.
An gcluin siḃ é?
Daraċ.
Cuirfiḋ mé geall go ḃfuil an sergeant i n-ann fear ar biṫ sa tír so a ḃualaḋ.
Pádraic.
Ara, cá ḃfios duit-se an ḃfuil nó naċ ḃfuil?
Daraċ.
Tá a ḟios agam go maiṫ go ḃfuil. Naċ mbím ag breaṫnuġaḋ orṫa i gcoṁnaiḋe?
Pádraic.
Níl a ḟios agat!
Daraċ.
Tá a ḟios agam! Is agam-sa atá a ḟios!
Iad do ḃagairt ar a ċéile. Gleo d’éirġe idir na gasúraiḃ uile, cuid aca ag ráḋ ‘Is fearr an sergeant!’ agus dream eile ‘Is fearr an máiġistir!’ Sean-Ṁaitias d’éirġe ina ṡeasaṁ ar ċlos an torainn sin dó, agus do ṫeaċt ċuca; é cnapṫa cromṫa agus gan tarraing na gcos ar éigin ann. É do laḃairt leo go mín socair ag leagan a láiṁe ar ċloigeann Daraiġ.
Maitias.
Ó! ó! ó! Mo náire siḃ!
Pádraic.
Deir sé so naċ mbuailfeaḋ an máiġistir an sergeant ag imirt haillí.
Daraċ.
Ar ndóiġ, naċ mbuailfeaḋ an sergeant duine ar biṫ sa tír so, a Ṁaitiais?
Maitias.
Ná bacaiḋ leis an sergeant. Féaċaiḋ an caḋan aonraic sin atá ag déanaṁ orainn ṫar Loċ Eileaḃraċ! Breaṫnuiġiḋ!
Na gasúir uile do ḃreaṫnuġaḋ suas.
Pádraic.
Feicim í, a ṁ’anam!
Daraċ.
Cér’b as a ḃfuil sí sin ag teaċt anois, a Ṁaitiais?
Maitias.
Ar an Doṁan Ṫoir. Déarfainn go ḃfuil míle míle siuḃalta aici ó d’ḟag sí a nead ins na críoċaiḃ ó ṫuaiḋ.
Cóilín.
An créatúr! Agus cé luiġfeas sí?
Maitias.
Isteaċ go hÁrainn raċas sí, tá seans. Féaċiaḋ anois í amaċ ṫar fairrge! Mo ġráḋ ṫú, a ċaḋain aonraic!
Cóilín.
Innis sgéal dúinn, a Ṁaitiais.
É do ṡuiḋe ar ċloiċ atá cois ċladaiġ agus na malraiġ do ṡuiḋe ina ṫimċeall.
Maitias.
Cia an sgéal innseoċas mé?
Féiċín.
Eaċtra an Ġiorráin Ġlais!
Cuimín.
Préaċán na gCearc is an Dreoilín!
Pádraic.
Faṫaċ na Dá Ċeann!
Cóilín.
Imṫeaċta an Ṗíobaire i gCaisleán an tSeilmide!
Eoġan.
’Seaḋ, a ṁ’anam, Imṫeaċta an Ṗíobaire i gCaisleán an tSeilmide!
Ma Malraiġ (d’aon ġuṫ).
Imṫeaċta an Ṗíobaire i gCaisleán an tSeilmide!
Maitias.
Déanfaiḋ sin. Ḃí Seilmide ann fad ó agus is fad ó ḃí. Dá mbeaḋ sinne ann an uair sin ní ḃeaḋ sinn anois ann; agus dá mbeaḋ féin ḃeaḋ sgéal úr nó sean-sgéal againn agus níor ḋóiċiġe sin ’ná ḃeiṫ gan aon sgéal. ’Sé an áit ċoṁnaiḋṫe a ḃí ag an Seilmide so an caisleán is breaġṫa dá ḃfaca súil riaṁ. Ba ṁó i ḃfad agus ba ḃreaġṫa míle uair é ’ná caisleán Ṁeaiḋḃe i Ráṫ Ċruaċan nó ’ná caisleán Árd-Ríoġ Éireann féin i dTeaṁair na Ríoġ. Ṫug an Seilmide so gráḋ do Ḋuḃán Alla.
Cóilín.
Ní heaḋ, a Ṁaitias, naċ do Ṡnáṫaid Ṁóir a ṫug sé gráḋ?
Maitias.
M’anam go ḃfuil an ceart agat. Céard tá ag tiḋeaċt orm?
Pádraic.
Lean leat, a Ṁaitiais.
Maitias.
Ḃí an Spigneanta so an-daṫaṁail ar fad.
Féiċín.
Cia an Spigneanta, a Ṁaitiais?
Maitias.
An Spigneanta a dtug sé gráḋ ḋi.
Cuimín.
Aċt ċeap mé gur do Ṡnáṫaid Ṁóir a ṫug sé gráḋ?
Maitias.
An eaḋ? Tá an sgéal ag imṫeaċt uaim. Ḃí an Píobaire so i ngráḋ le inġin Ríoġ Ċonnaċt.
Eoġan.
Aċt níor laḃair tú ar an bPíobaire fós, a Ṁaitiais!
Maitias.
Nár laḃras? An Píobaire,―’seaḋ, a ṁ’anam, an Píobaire―tá mé ag cailleaḋ mo ṁeaḃraċ. Breaṫnuiġiḋ, a ċoṁursana, ní ḃacfamuid leis an sgéal indiu. Bíoḋ aṁrán againn.
Cóilín.
Haiḋ didil dum!
Maitias.
Ḃfuil siḃ sásta?
Na Malraiġ.
Támuid.
Maitias.
Déanfaiḋ sin.
É do ġaḃáil na rann so inar ndiaiḋ:
Haiḋ didil dum, an cat is a ṁáṫair,
D’imṫiġ go Gailliṁ ag marcaiḋeaċt ar ḃardal.
Na Malraiġ.
Is haiḋ didil dum!
Maitias.
Haiḋ didil dum, do ṫáinig an ḃáisteaċ,
Gur fliuċaḋ go craiceann an cat is a ṁáṫair.
Na Malraiġ.
Is haiḋ didil dum!
Maitias.
Haiḋ didil dum, ba hóbair go mbáiṫfiḋe
An cat is a ṁáṫair, mo ċreaċ is mo ċráḋ iad!
Na Malraiġ.
Is haiḋ didil dum!
Maitias.
Haiḋ didil dum, mo ġráḋ é an bárdal,
Do rug leis go Gailliṁ―
Na Malraiġ.
’Seaḋ, a Ṁaitiais?
Maitias.
Do rug leis go Gailliṁ―
Cóilín.
―ar éigin―
Maitias.
Maiṫ ṫú, a Ċóilín.
Do rug leis go Gailliṁ ar éigin sa tsnáṁ iad.
Na Malraiġ.
Is haiḋ didil dum!
A ċeann do ċraṫaḋ go tuirseaċ do ṡean-Ṁaitias; é do laḃairt de ġuṫ brónaċ.
Maitias.
Tá mo ċuid aṁrán ag imṫeaċt uaim, a ċoṁursana. Is geall le sean-ḃeiḋlín mé a mbeaḋ a ċuid sreanga briste.
Cuimín.
Naċ ḃfuil an ‘Báidín’ agat i gcoṁnaiḋe, a Ṁaitiais?
Maitias.
Tá, a ṁ’anam: béiḋ sé sin agam ’s beó mé. Ní ċaillfiḋ mé an ‘Báidín’ go síntear san úir mé. An mbéiḋ sé againn?
Na Malraiġ.
Béiḋ!
Maitias.
Ḃfuil siḃ réiḋ le dul ag iomraṁ?
Na Malraiġ.
Támuid!
Iad do ċur cuma orṫa féin aṁail is do ḃeidís ag iomraṁ. Sean-Ṁaitias do ġaḃáil na rann so inar ndiaiḋ.
Maitias.
Croċfaiḋ mé seól is gaḃfaiḋ mé siar,
Na Malraiġ.
Óró, mo ċuraiċín ó!
Maitias.
’S go gOiḋċe ’le Eoin ní ṫiocfaiḋ mé aniar.
Na Malraiġ.
Óró, mo ċuraiċín ó!
Óró, mo ċuraiċín ó!
’S óró, mo ḃáidín!
Maitias.
Naċ breaġ í mo ḃáidín ag snáṁ ar an gcuan.
Na Malraiġ.
Óró, mo ċuraiċín ó!
Maitias.
Na maidí dá dtarraingt―
É do stad de’n ċeol go hobann, agus a láṁ do ċur le n-a ḃaṫais.
Pádraic.
Céard tá ort, a Ṁaitiais?
Eoġan.
Ḃfuil tú tinn, a Ṁaitiais?
Maitias.
Rud eicínt a ṫáinig ar mo ċeann. Ní tada é. Céard so ḃí mé a ráḋ?
Cóilín.
Ḃí tú ag ráḋ an ‘Ḃáidín,’ a Ṁaitiais, aċt ná bac leis mura n-airiġeann tú ṫú féin go maiṫ. Ḃfuil tú tinn?
Maitias.
Tinn? Ar ndóiġ, níl mise tinn. Céard a ḋéanfaḋ tinn mé? Tosóċaimuid arís:
Naċ breaġ í mo ḃáidín ag snáṁ ar an gcuan,
Na Malraiġ.
Óró, mo ċuraiċín ó!
Maitias.
Na maidí dá dtarraingt do láidir―
É do stad arís.
A ċoṁursana, tá an ‘Báidín’ féin imṫiġṫe uaim.
Iad d’ḟanṁaint ina dtost sgaṫaṁ, an sean-ḟear ina ṡuiḋe agus a ċeann cromṫa ar a uċt, agus na malraiġ ag féaċaint air go brónaċ. An sean-ḟear do laḃairt de ġeit.
An iad sin na daoine ag teaċt a ḃaile ó’n Aifreann?
Cuimín.
Ní hiad. Ar ndóiġ, ní ḃéiḋ siad ar fáġáil go ceann leaṫ-uaire fós.
Cóilín.
’Tuige naċ dtéiḋeann tusa ag an Aifreann, a Ṁaitiais?
An sean-ḟear d’éirġe ina ṡeasaṁ agus a láṁ do ċur le n-a ḃaṫais arís. É do laḃairt go borb i dtosaċ, agus ina ḋiaiḋ sin go mín.
Maitias.
’Tuige a raċainn? … Níl mé sáṫaċ maiṫ. Ar ndóiġ, ní éistfeaḋ Dia liom. … Céard so tá mé a ráḋ? …
É do Ġáiriḋe.
Agus tá an ‘Báidín’ caillte agam, deir siḃ? Naċ mé an díol truaiġe agaiḃ gan mo ‘Ḃáidín’!
É do ṫriall treasna an ḃóṫair go mall. Cóilín d’éirġe agus a ġuala do ċur fá láiṁ an tsean-ḟir le cuidiuġaḋ leis ag dul treasna an ḃóṫair ḋó. Na malraiġ do ṫosnuġaḋ ag imirt cnaipí go ciúin. Sean-Ṁaitias do ṡuiḋe ar an gcaṫaoir arís agus Cóilín do ṫeaċt ar ais. Daraċ do laḃairt de ġlór íseal.
Daraċ.
Tá rud eicínt ar ṡean-Ṁaitias indiu. Ní ḋearna sé dearmad ar an ‘mBáidín’ riaṁ roiṁe.
Cuimín.
Ċuala mé m’aṫair ag ráḋ le mo ṁáṫair an oiḋċe ċeana gur gearr eile a ṁairfeaḋ sé.
Cóilín.
Meas tú an ḃfuil sé an-aosta?
Pádraic.
’Tuige ar ċuir tú an ċeist sin air i dtaoḃ an Aifrinn? Naċ ḃfuil a ḟios agat naċ ḃfacṫas ar Aifreann é le cuiṁne na ndaoine?
Daraċ.
Ċuala mé sean-Ċuimín Éanna ag ráḋ lem’ aṫair go ḃfaca sé féin sean-Ṁaitias ar Aifreann nuair a ḃí sé ina stócaċ.
Cóilín.
Meas tú cia an fáṫ naċ dtéiḋeann ar Aifreann anois?
Pádraic (i gcogar).
Ar ndóiġ, deirtear naċ gcreideann sé go ḃfuil aon Dia ann.
Cuimín.
Ċuala mise aṫair Ṡeaġáin Éamuinn a ráḋ gurab é an ċaoi rinne sé peacaḋ uaṫḃásaċ eicínt i dtús a ṡaoġail agus nuair naċ dtiuḃraḋ an sagart absolóid dó ar faoistean gur ṫáinic cúṫaċ feirge air is gur ṁionnuiġ sé naċ dtaoḃóċaḋ sé sagart ná séipéal go deo arís.
Daraċ.
Ní mar sin a ċuala mise é. Aon oiḋċe aṁáin nuair a ḃí mé ar mo leabaiḋ ḃí na sean-daoine ag cainnt is ag cogar cois teine, agus ċuala mé Máire an Droiċid ag ráḋ le na sean-ṁnáiḃ eile gurab é an ċaoi ḋíol Maitias a anam le Fear Mór eicínt a casaḋ ḋó uair ar ṁullaċ Ċnuic an Daiṁ, agus naċ leigfeaḋ an Fear so ḋó an tAifreann a ċleaċtaḋ.
Pádraic.
Meas tú an é an diaḃal a ċonnaic sé?
Daraċ.
Níl a ḟios agam. ‘Fear Mór’ aduḃairt Máire an Droiċid.
Cuimín.
Ní ċreidfinn focal de. Ar ndóiġ, má ḋíol Maitias a anam leis an diaḃal caiṫfiḋ sé gur droċ-ḋuine atá ann.
Pádraic.
Ní droċ-ḋuine e, muis. Naċ cuiṁneaċ leat an lá aduḃairt Íosagán gur ḋuḃairt a aṫair go mbeaḋ Maitias i measg na naoṁ Lá an tSléiḃe?
Cuimín.
Is cuiṁneaċ go maiṫ.
Cóilín.
Cá ḃfuil Íosagán uainn indiu?
Daraċ.
Is ionnduail naċ dtagann sé nuair a ḃíos duine fásta ag breaṫnuġaḋ orainn.
Cuimín.
Naċ raiḃ sé annso seaċtṁain ’s an lá indiu nuair a ḃí sean-Ṁaitias ag breaṫnuġaḋ orainn?
Daraċ.
An raiḃ?
Cuimín.
Ḃí.
Pádraic.
Ḃí, agus coicṫiġis ’s an lá indiu freisin.
Daraċ.
Tá seans go dtiocfaiḋ sé indiu mar sin.
Cuimín d’éirġe agus do ḃreaṫnuġaḋ soir.
Cuimín.
Ó, féaċ ċugainn é!
Íosagán do ṫeaċt ar an láṫair, .i. gasúr beag donn, cóta bán air, agus é gan bróga gan caipín ar nós na malraċ eile. Na malraiġ do ḃeannuġaḋ dó.
Na Malraiġ.
’Sé do ḃeaṫa, a Íosagáin.
Íosagán.
Dia is Muire ḋíḃ.
É do ṡuiḋe ina measg, láṁ leis fá ṁuineál Daraiġ; na malraiġ do ṫosnuġaḋ ag imirt arís go ciúin socair gan gleo gan imreasán. Íosagán do ṫosnuġaḋ ag imirt leo.
Maitias d’éirġe de ġeit ar ṫeaċt ar an láṫair d’Íosagán, agus do ṡeasaṁ ag féaċaint air. Tar éis sgaṫaiṁ dóiḃ ag imirt, é do ṫeaċt ċuca agus annsin do ṡeasaṁ arís agus do ġlaoḋaċ anonn ċuige ar Ċóilín.
Maitias.
A Ċóilín!
Cóilín.
Abair!
Maitias.
Gaḃ i leiṫ annso ċugam.
Cóilín d’éirġe agus do ḋul anonn ċuige.
Cia hé an malraċ údan ḟeicim in ḃur measg le coicṫiġis, é sin a ḃfuil an cloigeann donn air―aċt fainic naċ bán-ruaḋ atá sé: níl a ḟios agam an duḃ nó fionn é ’s an ċaoi a ḃfuil an ġrian ag sgallaḋ air. An ḃfeiceann tú é,―é sin a ḃfuil a láṁ fá ṁuineál Daraiġ?
Cóilín.
Sin é Íosagán.
Maitias.
Íosagán?
Cóilín.
Sin é an t-ainm a ṫugas sé air féin.
Maitias.
Cia ḋár ḋíoḃ é?
Cóilín.
Níl a ḟios agam, aċt deir sé go ḃfuil a aṫair ina ríġ.
Maitias.
Cé gcoṁnuiġeann sé?
Cóilín.
Níor innis sé é sin riaṁ dúinn, aċt deir sé naċ fada uainn a ṫeaċ.
Maitias.
An mbíonn sé i n-éindiġ liḃ go minic?
Cóilín.
Bíonn nuair a ḃíos muid ag caiṫeaṁ aimsire ḋúinn féin mar seo. Aċt imṫiġeann sé uainn nuair a ṫagas daoine fásta sa láṫair. Imṫeoċaiḋ sé anois uainn ċoṁ luaṫ is ṫosóċas na daoine ag teaċt a ḃaile ó’n Aifreann.
Na malraiġ d’éirġe agus d’imṫeaċt ina nduine ’s ina nduine ar ċríoċnuġaḋ an ċluiċe ḋíoḃ.
Ó! Tá siad ag dul ag caiṫeaṁ léim!
É do riṫ amaċ i ndiaiḋ na coda eile. Íosagán agus Daraċ d’éirġe agus do ġluaiseaċt. Maitias do ṫeaċt ar aġaiḋ agus do ġlaoḋaċ ar Íosagán, roiṁ imṫeaċt dó.
Maitias.
A Íosagáin!
An leanḃ d’ionntóḋ ar ais agus do ṫeaċt ċuige ar riṫ.
Tar i leiṫ agus suiḋ ar mo ġlúin go fóillín, a Íosagáin.
An leanḃ do ṫaḃairt a láiṁe i láiṁ an tsean-ḟir agus iad do ṫriall treasna an ḃóṫair cos ar ċois. Maitias do ṡuiḋe ar a ċaṫaoir agus do ṫarraing Íosagáin ċuige.
Maitias.
Cé gcoṁnuiġeann tú, a Íosagáin?
Íosagán.
Ní fada as so mo ṫeaċ. Cad ċuige naċ dtagann tú ar ċuairt ċugam?
Maitias.
Ḃeaḋ faitċíos orm i dteaċ ríoġḋa. Deirtear liom go ḃfuil t’aṫair ina ríġ.
Íosagán.
Is é Árd-Rí an Doṁain é. Aċt níor ġáḃaḋ ḋuit faitċíos a ḃeiṫ ort roiṁe. Tá sé lán de ṫrócaire agus de ġráḋ.
Maitias.
Is baoġlaċ liom nár ċoingḃiġ mé a ḋliġe.
Íosagán.
Iarr maiṫeaṁnas air. Déanfad-sa is mo Ṁáṫair eadar-ġuiḋe ar do ṡon.
Maitias.
Is truaġ liom naċ ḃfaca mé roiṁe seo ṫú, a Íosagáin. Cé raiḃ tú uaim?
Íosagán.
Ḃí mé annso i gcoṁnaiḋe. Bím ag taisteal na mbóṫar is ag siuḃal na ngcnoc is ag treaḃaḋ na dtonn. Bím i lár an ṗobail nuair ċruinniġeas siad isteaċ i mo ṫeaċ. Bím i measg na bpáistí ḟágas siad ina ndiaiḋ ag cleasaiḋeaċt ar an tsráid.
Maitias.
Ḃí mise ró-ḟaiteaċ, nó ró-uaiḃreaċ, le dul isteaċ i do ṫeaċ, a Íosagáin: i measg na bpáistí a fuair mé ṫú.
Íosagán.
Níl aon áit ná am dá mbíonn páistí ag súgraḋ dóiḃ féin naċ mbím-se ina ḃfoċair. Amannta feiceann siad mé; amannta eile ní ḟeiceann.
Maitias.
Ní ḟaca mise riaṁ ṫú go dtí le goirid.
Íosagán.
Bíonn na daoine fásta dall.
Maitias.
Agus ina ḋiaiḋ sin geallaḋ ḋom ṫú ḟeiceál, a Íosagáin.
Íosagáin.
Ṫug m’Aṫair cead dom mé fein a ḟoillsiuġaḋ ḋuit de ḃríġ gur ṫug tú gráḋ dá ṗáistíḃ beaga.
Glórṫa na ndaoine ag filleaḋ ó’n Aifreann do ṫeaċt aniar.
Caiṫfiḋ mé imṫeaċt anois uait.
Maitias.
Leig dom imeall do ċóta a ṗógaḋ.
Íosagán.
Déan.
Imeall an ċóta do ṗógaḋ ḋó.
Maitias.
An ḃfeicfiḋ mé arís ṫú, a Íosagáin?
Íosagán.
Feicfir.
Maitias.
Cia an uair?
Íosagán.
Anoċt.
Íosagán d’imṫeaċt. An sean-ḟear do ṡeasaṁ ar lic a ḋorais ag féaċaint ina ḋiaiḋ.
Maitias.
Feicfiḋ mé anoċt é.
Na daoine do ġaḃáil an ḃóṫair aniar ag teaċt a ḃaile ó’n Aifreann.
CRÍOĊ NA RANNA SIN
AN DARA ROINN
Seomra ṡean-Ṁaitiais. É an-dorċa. An sean-ḟear ina luiġe ar a leabaiḋ. Duine do ḃualaḋ ar an doras taoḃ amuiġ. Maitias do laḃairt de ġlór lag.
Maitias.
Gaḃ isteaċ.
An Sagart do ṫeaċt isteaċ. É do ṡuiḋe le hais na leabaḋ agus faoistean an tsean-ḟir d’éisteaċt. Maitias do laḃairt ar n-a ḃeiṫ críoċnuiġṫe ḋóiḃ.
Cia duḃairt leat go raiḃ tú ag teastáil uaim, a Aṫair? Ḃí mé ag guiḋe Dé go dtiocfá aċt ní raiḃ aon teaċtaire agam le cur fá do ḋéin.
An Sagart.
Aċt ċuir tú teaċtaire fá mo ḋéin, ar ndóiġ?
Maitias.
Níor ċuireas.
An Sagart.
Níor ċuiris? Aċt ṫáinig gasúirín beag agus ḃuail sé mo ḋoras agus duḃairt sé go raiḃ mo ċongnaṁ ag teastáil uait.
An sean-ḟear do ḋíriuġaḋ aniar sa leabaiḋ agus faoḃar ina ṡúiliḃ.
Maitias.
Cia an sórt gasúirín a ḃí ann, a Aṫair?
An Sagart.
Gasúirín beag caoin a raiḃ cóta bán air.
Maitias.
Ar ṫug tú fá deara mar ḃeaḋ sgáile soluis ṫart timċeall a ċinn?
An Sagart.
Ṫugas, agus ċuir sé iongnaḋ mór orm.
Osgailtear an doras. Íosagán do ṡeasaṁ ar an tairsiġ agus a ḋá láiṁ sínte amaċ aige ċum Maitias; solus iongantaċ timċeall a éadain agus a ċinn.
Maitias.
Ba ṁaiṫ ṫú, a Íosagáin. Níor ċinn tú orm, a ġraḋ. Ḃí mé ró-uaiḃreaċ le dul isteaċ i do ṫeaċ, aċt ina ḋiaiḋ sin geallaḋ ḋom ṫú ḟeiceál. ‘Ḃí mé annso i gcoṁnaiḋe,’ ar seisean. ‘Bím ag taisteal na mbóṫar is ag siuḃal na gcnoc is ag treaḃaḋ na dtonn. Bím i lár an ṗobail nuair ċruinniġeas siad isteaċ i mo ṫeaċ. Bím i measg na bpáistí ḟágas siad ina ndiaiḋ ag cleasaiḋeaċt ar an tsráid.’ I measg na bpáistí a fuair mé ṫú, a Íosagáin ‘An ḃfeicfiḋ mé arís ṫú?’ ‘Feicfir,’ adeir sé. ‘Feicfiḋ tú anoċt mé.’ ’Sé do ḃeaṫa, a Íosagáin.
É do ṫuitim siar ar an leabaiḋ agus é marḃ; an Sagart do ḋruidim go socair leis an leabaiḋ agus do ḋúnaḋ a ṡúl.