.i. fáiṫ-ċluiċe
AN ḞUIREANN annso síos
MACRAḊ
GIOLLA NA NAOṀ .i. mac beag
MANAIĠ
ABB
MÍLEAḊ
RÍ
LAOĊRAḊ
GIOLLARNAḊ
BANTRAĊT
ÁIT do’n ċluiċe so―Sean-ṁainistir
An Rí
Faiṫċe os coṁair na mainistreaċ. Glórṫa manaċ ag cantain. Buaḋḃall do laḃairt tré’n gcantain. An mac beag do riṫ ó’n mainistir amaċ agus do ṡeasaṁ ar an ḃfaiṫċe ag féaċain fá ḋéin na háirde in ar laḃair an buaḋḃall.
An Mac Beag.
A Ċonaill, a Ḋiarmaid, a Ġiolla na Naoṁ!
Glórṫa macraiḋe dá ḟreagairt.
An Mac Beag.
Tá sluaġ ag triall adtuaiḋ!
An ṁacraḋ do ṫeaċt ar an ḃfaiṫċe.
Mac Díoḃ.
Cá ḃfuil sé?
An Ċéad Ṁac.
Féaċ uait sa ngleann é.
An Treas Ṁac.
Is é sluaġ an Ríoġ é.
An Ceaṫraṁaḋ Mac.
Tá an Rí ag triall ċum caṫa.
An buaḋḃall do laḃairt arís, agus é níos goire. An ṁacraḋ do ḋul ar ḃarr múir na mainistreaċ. Cluintear siosmarnaċ an tsluaiġ agus é ag gluaiseaċt.
An Ċéad Ṁac.
Ċím na heaċraiḋe agus na marcaiġ.
An Dara Mac.
Ċím na claiḋiṁ agus na sleaġa.
An Ceaṫ. Mac.
Ċím na suaiċeantais agus na meirgí.
An Treas Ṁac.
Ċím meirge an Ríoġ.
An Ceaṫ. Mac.
Ċím an Rí!
An Ċéad Ṁac.
Cia aca an Rí?
An Ceaṫ. Mac.
An fear árd áluinn atá ar an eaċ duḃ.
Giolla na Naoṁ.
Beannuiġimís do’n Ríġ.
An Ṁacraḋ (d’aiṫeasg aon duine).
Beir buaiḋ ċaṫa agus ċosgarṫa, a Rí!
Glórṫa laoċraiḋe agus macraiḋe ag molaḋ an Ríoġ. Fuaim agus formán an tsluaiġ ag gluaiseaċt ċum an ċaṫa. Ceol aḋarc agus píob. Ciúineas.
An Ċéad Ṁac.
Baḋ ḃreaġ liom ḃeiṫ im’ Ríġ.
Giolla na Naoṁ.
Cad ċuige?
An Ċéad Ṁac.
Tá ór agus airgead ag an Ríġ.
An Dara Mac.
Tá seoda uaisle aige ina ṡeod-teaċ.
An Treas Ṁac.
Tá eiċ ṡeanga agus cona calma aige.
An Ceaṫ. Mac.
Tá claiḋeaṁ colg-ġéar cinn-óir aige agus craois-eaċ ċrann-reaṁar ċeann-ġorm agus sgiaṫ ḋearg ḋearsgnuiġṫe ḋeallraċ. Do ċonnacas lá i dtiġ m’aṫar é.
An Ċéad Ṁac.
Cia an dealḃ agus an déanaṁ do ḃí air?
An Ceaṫ. Mac.
Do ḃí sé árd uasal. Do ḃí sé láidir leaṫan-ġuailneaċ. Folt fada fionn air. Éadan áluinn uaiḃreaċ air. Ḋá ṡúil ġéara ġlasa aige. Ionar sróil le n-a ċneas. Léine lán-ṁaiseaċ ḋearg agus coċall geal air fá n-a ċolainn. Brat ríoġḋa corcuir uime. Seaċt ndaṫa air, idir ionar agus léine agus coċall agus brat. Dealg airgid ar a ḃrollaċ. Mionn ríoġḋa fá n-a ċeann, agus daṫ an óir air. Ḋá sgiaṫán ṁóɼa ag éirġe os cionn a ċinn agus iad ċoṁ geal le sgiaṫánaiḃ an ḟaoileáin agus ċoṁ mór le sgiaṫánaiḃ an iolair. Do ba laoċta an fear é.
An Dara Mac.
Agus cad í an ċuma nó an ḟéaċain do ḃí ar a éadan?
An Treas Ṁac.
An raiḃ cuma ḃorb ḃagarṫaċ air?
An Ceaṫ. Mac.
Do ḃíoḋ ar uairiḃ.
An Ċéad Ṁac.
An raiḃ sé gáireaċ?
An Ceaṫ. Mac.
Do rinne sé aon ġáire aṁáin.
An Dara Mac.
Cad í an ċuma is mó do ḃíoḋ air? Borb nó gáireaċ?
An Ceaṫ. Mac.
Cuma ḃrónaċ. An uair do ḃíoḋ sé ag agallaṁ na ríoġraiḋe agus na laoċraiḋe do ḃíoḋ sé borb agus gáireaċ gaċ re seal, aċt an uair do ḃíoḋ sé ina ṫost do ḃíoḋ sé brónaċ.
An Ċéad Ṁac.
Cad é an brón atá air?
An Ceaṫ. Mac.
Níl a ḟios agam. Na mílte do ṁarḃ sé, b’ḟéidir.
An Dara Mac.
Na cealla do ċreaċ sé.
An Treas Ṁac.
Na caṫa do briseaḋ air.
Giolla na Naoṁ.
Mo ṫruaġ an Rí boċt!
An Dara Mac.
Níor ṁaiṫ leat-sa ḃeiṫ id’ Ríġ, a Ġiolla na Naoṁ?
Giolla na Naoṁ.
Níor ṁaiṫ. Do b’ḟearr liom ḃeiṫ im’ ṁanaċ go nguiḋfinn ar an Ríġ.
An Ceaṫ. Mac.
Do b’ḟéidir dom-sa flaiṫeas na críċe so do ġaḃáil ar ḃeiṫ foirḃṫe ḋom, óir is de’n ḃfuil ríoġḋa m’aṫair.
An Dara Mac.
Agus is de’n ḃfuil ríoġḋa m’aṫair-se mar an gcéadna.
An Treas Ṁac.
Is eaḋ, agus m’aṫair-se.
An Ceaṫ. Mac.
Ní leigfead an ríoġaċt le haon agaiḃ. Is liom-sa í!
An Dara Ṁac.
Ní leat, aċt liom-sa.
An Treas Ṁac.
Is cuma cia leis í, is agam-sa ḃéas sí.
An Dara Mac.
Ní hagat, ná ag éinne ded’ ṫreiḃ.
An Ceaṫ. Mac (ag breiṫ ar ṡlait ṡailiġe agus ag á craiṫeaḋ).
Imreoċad niṁ mo ċlaiḋiṁ oraiḃ! Cornóċad mo ríoġaċt ar mo náiṁdiḃ. A Ġiolla na Naoṁ, guiḋ ar an Ríġ!
Glór cluig do ṫeaċt ó’n mainistir.
Giolla na Naoṁ.
Tá an clog ag laḃairt.
Muinntir na mainistreaċ do ṫeaċt ar an ḃfaiṫċe ina nduine agus ina nduine nó ina mbeirtiḃ, agus an tAbb ina ndeireaḋ. An ṁacraḋ do ḋul ar fód i leiṫ. Gleo an ċaṫa do ṫeaċt i gcéin.
An tAbb.
A ċlann, tá an Rí ag fearaḋ caṫa i n-aġaiḋ a ḃíoḋḃaḋ.
An Ċéad Ṁanaċ.
Do briseaḋ ar an Ríġ so gaċ caṫ ina ndeaċaiḋ go nuige so.
An tAbb.
Aisling do ċonnacas indiu agus mé i ḃfiaḋnuise mo Ḋé do foillsiġeaḋ ḋom go mbrisfear ar an Ríġ arís.
An Dara Manaċ.
Mo nuar!
An Treas Ṁanaċ.
Mo nuar!
An Ċéad Ṁanaċ.
Innis dúinn, a Aṫair, fáṫ na mbriseaḋ ndo-áiriṁiṫe so.
An tAbb.
An dóiġ liḃ go nglacfar ioḋbairt ó láṁaiḃ truailliġṫe? Do ḋoirt an Rí so fuil na neiṁċiontaċ. Do rinne tána agus creaċa. Do ġéar-lean na boiċt. Do ṫréig muinntearḋas Dé agus do ċuaiḋ i gcaradas méirleaċ.
An Ċéad Ṁanaċ.
Is fíor sin. Giḋeaḋ, is maiṫ an coṁrac do-ġní an Rí anois, mar atá, coṁlann d’ḟearaḋ ar son a ṁuinntire.
An tAbb.
Aingeal do baḋ ċóir do ċur ag dortaḋ fíona agus ag briseaḋ aráin na hioḋbarṫa so. Ní do Ríġ urċóideaċ is dortṫa an fíon uasal ḃíos i gcuisleannaiḃ deaġ-laoċ. Ní ar ḟuráileaṁ Ríoġ ċionntaiġ is ciorrḃuiġṫe caoṁ-ċolna. Adeirim liḃ naċ nglacfar an ioḋbairt uaiḋ.
An Ċéad Ṁanaċ.
Agus an cionntaċ cáċ i gcionntaiḃ an Ríoġ? Má buaḋtar ar an Ríġ béiḋ a ḋólás ar ċáċ. Céard fá n-imirtear díoġaltas ar ċáċ mar ġeall ar ċionntaiḃ an Ríoġ? Ar an Ríġ féin an éiric.
An tAbb.
Is cionntaċ gaċ cine i gcionntaiḃ a ríoġraiḋe. Adeirim liḃ naċ saorfar an cine so go ngaḃaid ċuca Rí ionnraic.
An Dara Manaċ.
Cá ḃfuiġṫear Rí ionnraic?
An tAbb.
Níl a ḟios agam muna ḃfaġṫar i measg na mac mbeag so.
Bíoḋ an ṁacraḋ i dtimċeall an Abbaḋ anois.
An Ċéad Ṁanaċ.
Agus an aṁlaiḋ ḃéas an cine fá ḋaor-smaċt go beiṫ ionċoṁraic do na macaiḃ beaga so? Ní hé cás an Ríoġ is truaġ liom aċt cás an ċine. Do ċualas mná ag gol aréir. An mbeiḋ mná ag gol sa gcríċ so go bráṫ?
An Treas Ṁanaċ.
Ar éirġe ó’n mainistir amaċ ḋom indé, do ḃí fear marḃ ar imeall na coille. Is uaṫḃásaċ caṫa.
An Dara Manaċ.
Ní heaḋ, is aoiḃinn caṫa! An uair do ḃíomar ag déanaṁ ar Nóna anois, a Aṫair, do ċualas tré ṡalmaireaċt na mbráṫar glór buaḋḃaill. Do ling mo ċroiḋe, agus do b’áil liom éirġe ó’n áit a raḃas agus dul i ndiaiḋ an ċeoil ṁeanmnaiġ úd. Do baḋ ċuma liom dá mbaḋ ċum mo ḃáis do-ġeoḃainn.
An tAbb.
Aiṫeasg ógánaiġ an t-aiṫeasg sin. Fanann gaċ seanóir leis an mbás, aċt téiġeann gaċ ógánaċ ina ċoinne. Dá dtiocfaḋ fear fuilteaċ ó’n ionad coiṁġleice úd isteaċ san áit ċiúin so, mar a gcanann manaiġ agus mar a n-imreann leinḃ, agus cáċ do ġriosaḋ ċum a leanaṁna sa gcoiṁeasgar, níl aon annso naċ n-éireoċaḋ agus a leanṁain, aċt mé féin agus an sean-ḃráṫair ḃuaileas ar gclog. Níl aon agaiḃ-se, a ḃráiṫre óga, níl ná aon de na macaiḃ beaga so, naċ n-éireoċaḋ uaim agus dul sa gcaṫ. Cuireann an ceol úd na gcaiṫṁíleaḋ croiḋṫe na n-óg ar meisge.
An Dara Manaċ.
Oireann an ṁeisge do’n óige.
An Ċéad Ṁanaċ.
A ḃráṫair, is olc do laḃarṫa.
An tAbb.
Tá leann lán-ṁeisgeaṁail ann is ólta do gaċ ógánaċ, óir an té nár ól de go beiṫ ar meisge ḋó ní ḃfuair eolas ar an mbeaṫaiḋ. Is leis an leann úd ċuireas Dia croiḋṫe na naoṁ ar meisge. Ní ċosgfainn oraiḃ ḃur meisge, a ḟeara óga!
An Ċéad Ṁanaċ.
Ní léir dom a ḃríġ so, a Aṫair.
An tAbb.
An dóiġ leat dá laḃróċaḋ an glór áluinn uaṫḃásaċ úd le n-a mbíonn na hógánaiġ ag síor-ḟanṁain agus cluas le héisteaċt órṫa, é do laḃairt anois san ionad úd mar a ḃfuil an luċt caṫuiġṫe agus na heaċraiḋe agus an ceol, go gcoingḃeoċainn siḃ dá n-éireoċaḋ siḃ ċum a ḟreagarṫa? An dóiġ leat go mbaḋ ṁór liom aon agaiḃ do’n ḃás agus é ag laḃairt de’n ġlór áluinn uaṫḃásaċ úd, an dóiġ leat go mbaḋ ṁór liom ḋó an mac is dílse liom de na macaiḃ beaga so? Do leigfinn uaim siḃ uile, gérḃ’ uaigneaċ dom-sa agus do’n trean-ḃráṫair annso.
An Dara Mac.
Ní raċaḋ Giolla na Naoṁ, a Aṫair.
An tAbb.
Céard fá n-abrair sin?
An Dara Mac.
Aduḃairt sé go mb’ḟearr leis ḃeiṫ ina ṁanaċ.
An tAbb.
Naċ raċṫá-sa sa gcaṫ, a Ġiolla na Naoṁ?
Giolla na Naoṁ.
Do raċainn. Do raċainn im’ ġiolla do’n Ríġ go ḃfreastalfainn air an uair do ṫréigfeaḋ cáċ é.
An tAbb.
Aċt is do na naoṁaiḃ is giolla ṫú, a Ġiolla na Naoṁ, agus ní do’n Ríġ.
Giolla na Naoṁ.
Níor ṁór do’n Ríġ ḃoċt giolla beag naċ dtréigfeaḋ é an uair do brisfiḋe an caṫ air agus cáċ dá ṫréigean.
An tAbb.
Tá an ceart ag an leanḃ so. Clú atá uainne, aċt dualgas giolla do ḋéanaṁ atá uaiḋ-sean.
Glórṫa bróin agus buaiḋearṫa.
An Ċéad Ṁanaċ.
Is eagal liom go ḃfuil buaiḋte ar an Ríġ!
An tAbb.
Téiġ ar an múr agus innis dúinn a ḃfeicfir.
An Ċéad Ṁanaċ (iar ndul ar an múr ḋó).
Tá fear ċugainn agus é ag teiċeaḋ.
An Dara Manaċ.
Cia an ċosaṁlaċt atá air?
An Ċéad Ṁanaċ.
Fear fuilteaċ fann, agus a ċosa ar foluaṁain agus ar fuaidreaḋ faoi.
An Dara Manaċ.
An fear de ṁuinntir an Ríoġ é?
An Ċéad Ṁanaċ.
Is eaḋ.
An míleaḋ do ṫeaċt ar an láṫair, agus é tréiṫ lag.
An Míleaḋ.
Tá buaiḋte ar an Ríġ!
Na Manaiġ.
Mo nuar, mo nuar!
An Míleaḋ.
Tá buaiḋte ar an Ríġ, adeirim liḃ. A lucṫ na leaḃar agus na gclog, ba ḃeag ḃur gcaḃair ḋúinn sa gcoṁrac cruaiḋ! Tá buaiḋte ar an Ríġ!
An tAbb.
Cá ḃfuil an Rí?
An Míleaḋ.
Tá sé ag teiċeaḋ roiṁe.
An tAbb.
Taḃair tuarasgaḃáil an ċaṫa ḋúinn.
An Míleaḋ.
Ní ḟanann urlaḃra agam. Tugtar deoċ ḋom.
An tAbb.
Tugtar deoċ do’n ḃfear so.
An mac beag dá ngairmṫear Giolla na Naoṁ do ṫaḃairt uisge ḋó.
An tAbb.
Laḃair linn anois agus taḃair ḋúinn tuarasgaḃáil an ċaṫa.
An Míleaḋ.
Ba fear coṁlainn deiċneaḃair gaċ fear dínn. Ba fear coṁlainn céid an Rí. Aċt cár ḃfeirrde sinn ar ngaisge? Do buaḋaḋ orainn agus do ṫeiċeamar roṁainn. Tá na céadta bonn le bonn ar an mbán.
Na Manaiġ.
Mo nuar, mo nuar!
Glórṫa árda amuiġ.
An Dara Manaċ.
Cia tá ċugainn?
An Ċéad Ṁanaċ.
An Rí!
Eaċraiḋe, marcaiġ, laoċraḋ, giollarnaḋ, ⁊c., do ṫeaċt ar an láṫair agus an Rí ina ḃfoċair. An Rí do ḋul ar a ġlúnaiḃ i láṫair an Abbaḋ, iar gcaiṫeaṁ a ċlaiḋiṁ ar lár ḋó.
An Rí.
Taḃair do ṁallaċt dom, a ḟir le Dia, agus leig dom dul d’éag. Tá buaiḋte orm. Tá buaiḋte ar mo ṁuinntir. Deiċ gcaṫa do ḟearas i n-aġaiḋ mo ḃíoḋḃaḋ agus do briseaḋ orm gaċ caṫ díoḃ. Mé do ṫug fearg Dé ar an gcríċ so. Iarr ar do Ḋia gan a ḟearg d’imirt ar mo ċine feasta aċt a himirt orm-sa. Déan trócaire ar mo ṁuinntir, a ḟir le Dia!
An tAbb.
Déanfaiḋ Dia trócaire orṫa.
An Rí.
Do ṫréig Dia mise.
An tAbb.
Do ṫréigis-se Dia.
An Rí.
Do ṫréig Dia mo ṁuinntir.
An tAbb.
Níor ṫréig ná ní ṫréigfiḋ. Saorfaiḋ sé an cine so má ġaḃaid ċuca rí ionnraic.
An Rí.
Taḃair ḋóiḃ mar sin rí ionnraic. Taḃair ḋóiḃ duine de do ṁanaċaiḃ nó duine de na macaiḃ beaga so le ḃeiṫ ina ríġ orṫa. An caṫ ar do ċomairce, a ḟir le Dia!
An tAbb.
Ní heaḋ, aċt ar ċomairce ċlaiḋiṁ Ríoġ ionnraic. Laḃraiḋ liom, a ċlann, agus innsiḋ ḋom cia is ionnraice in ḃur measg?
An Ċéad Ṁanaċ.
Do ṗeacuiġeas-sa.
An Dara Manaċ.
Do ṗeacuiġeas-sa.
An Treas Ṁanaċ.
A Aṫair, do ṗeacuiġeamar uile.
An tAbb.
Do ṗeauiġeas-sa mar an gcéadna. Níl aon dá ḃfuil i n-aois fir nár ṗeacuiġ. Naċ luaṫ malartar gaois an leinḃ ar ḃaois an ḟir! Is eagnaiḋe siḃ, a leanḃa, a ḃfuil ḃur suim in ḃur mbréagánaiḃ agus ar suim-ne inar bpeacṫaiḃ! Is léir dom an ní so anois. Do-ġeoḃaḋ Rí ionnraic i measg na mac mbeag so. Laḃraiḋ liom, a ṁaca, agus innsiḋ ḋom cia is ionnraice in ḃur measg.
An Ṁacraḋ (d’aiṫeasg aon duine).
Giolla na Naoṁ.
An tAbb.
An mac beag ḃíos ag freastal ar ċáċ. Tá an ceart agaiḃ. An té is ísle é ḃur aoirde. A Ġiolla na Naoṁ, an mbéir id’ Ríġ ar an gcine so?
Giolla na Naoṁ.
Táim ró-óg, a Aṫair. Táim ró-lag.
An tAbb.
Gaḃ i leiṫ ċugam, a leinḃ.
An leanḃ do ḋul ċuige.
A ḋalta d’oileas, má iarraim ort an ní so, an ndéanfair é?
Giolla na Naoṁ.
Béad uṁal duit-se, a Aṫair.
An tAbb.
An dtiuḃrair aġaiḋ ar an gcaṫ?
Giolla na Naoṁ.
Déanfad dualgas Ríoġ.
An tAbb.
A ṁic ḃig, do b’ḟéidir gurab é do ḃás do ġeoḃṫá.
Giolla na Naoṁ.
Mo ċion an bás, má’s é orduiġṫear ḋom.
An tAbb.
Naċ nduḃras go n-iarrann na hóga an bás? Sgaipid-sean a gcuirimíd-ne i dtaisge go cúramaċ; tóruiġid-sean a séanaimíd-ne. Tá an glór áluinn uaṫḃásaċ tar éis laḃarṫa leis an leanḃ so. Freagróċar ṫú, a eaċlaiġ, a ḃáis! Ní mór liom duit mo ḋalta.
An Rí.
A Abb, orm féin mo ċosaint féin. Ní muirḃfear leanḃ ar mo ṡon-sa.
An tAbb.
Ṫugais dom do ċlaiḋeaṁ, agus do-ḃeirim-se do’n leanḃ so é. Adeirim leat go ḃfuil Dia tar éis laḃarṫa tré ġlór a ṡean-eaċlaiġ, tré’n nglór áluinn uaṫḃásaċ ṫigeas ó ċroiḋe na gcoṁlann.
Giolla na Naoṁ.
Leig dom an ní ḃeag so do ḋéanaṁ, a Rí. Cosnóċad do ṁeirge go maiṫ. Do-ḃéarad ċugat do ċlaiḋeaṁ ṫar n-ais tar éis an ċaṫa. Mise do ġiolla beag ḋéanfas faire an ḟaid ċodlóċas an Rí, ar ḃeiṫ tuirseaċ ḋó. Codlóċad-sa anoċt agus déanfair-se faire.
An Rí.
Mo ṫruaiġe, mo ṫrí ṫruaiġe!
Giolla na Naoṁ.
Do ḃíomar-ne inar gcodlaḋ aréir agus tusa ag taisteal na gcríoċ ndorċa. A Rí ḃoiċt, is fada do ṫriallta. Ní ḃéiḋ mo ṫriall-sa aċt geairid.
An tAbb.
Géill do’n ċaoin-iarratas so, a Rí. Adeirim leat go ḃfuil Dia tar éis laḃarṫa.
An Rí.
Ní ṫuigim do Ḋia.
An tAbb.
Cia ṫuigeas é? Ní tuigsin is toil leis, aċt uṁla. Tá an leanḃ so uṁal agus de ḃríġ go ḃfuil sé uṁal déanfaiḋ Dia mór-ḃearta ṫríd. Caiṫfir géilleaḋ san ní so, a Rí.
An Rí.
Géillim, géillim! Is mairg dom nár ṫuit san ionnsaiġiḋ ċaṫa úd!
An tAbb.
Baintear a éadaċ de’n leaḃ so go gcuirtear uime éideaḋ ríoġ.
A éadaċ do ḃaint de’n leanḃ.
Cuirtear ionar ríoġḋa le cneas an leinḃ.
Ionar ríoġḋa do ċur air, agus cuaróga ar a ċosaiḃ.
Cuirtear léine ríoġḋa uime.
Léine ríoġḋa do ċur air.
Cuirtear uime an brat ríoġḋa.
An brat ríoġḋa do ḃaint de’n Ríġ agus do ċur um an mac.
Cuirtear mionn ríoġḋa fá n-a ċeann.
An mionn ríoġḋa do ḃaint de’n Ríġ agus do ċur fá ċeann an ṁic.
Tugtar ḋó sgiaṫ an Ríoġ.
Sgiaṫ an Ríoġ do ṫaḃairt dó.
Beannaċt ar an sgéiṫ so! Go mbaḋ daingean í i gcoinne bíoḋḃaḋ.
An Laoċraḋ.
Beannaċt ar an sgéiṫ so!
An tAbb.
Tugtar ḋó craoiseaċ an Ríoġ.
An ċraoiseaċ do ṫaḃairt dó.
Beannaċt ar an gcraoisiġ so! Go mbaḋ ġéar í i gcoinne bíoḋḃaḋ!
An Laoċraḋ.
Beannaċt ar an gcraoisiġ so!
An tAbb.
Tugtar ḋó claiḋeaṁ an Ríoġ.
An claiḋeaṁ do ṫaḃairt dó.
Beannaċt ar an gclaiḋeaṁ so! Go mbaḋ ċruaiḋ é ag bualaḋ bíoḋḃaḋ!
An laoċraḋ.
Beannaċt ar an gclaiḋeaṁ so!
An tAbb.
Gairmim Rí de’n ṁac ḃeag so, agus cuirim an caṫ ar a ċomairce i n-ainm Dé.
An Rí (iar ndul ar a ġlúnaiḃ roiṁ an mac).
Uṁluiġim duit, a Rí, agus cuirim an caṫ ar do ċomairce.
An Laoċraḋ, ⁊c. (iar ndul ar a nglúnaiḃ i ḃfiaḋnuise an ṁic).
Uṁluiġimíd duit, a Rí, agus cuirimíd an caṫ ar do ċomairce.
Giolla na Naoṁ.
Gaḃaim lem’ ais an caṫ do ċosaint i n-ainm Dé.
An tAbb.
Tugtar eaċ ḋó.
Eaċ do ṫaḃairt dó.
Sgaoiltear meirge an Ríoġ.
An ṁeirge do sgaoileaḋ.
Taḃair d’aġaiḋ ar an gcaṫ, a Rí.
Giolla na Naoṁ (iar ndul ar a ġlúnaiḃ i ḃfiaḋnuise an Abbaḋ).
Beannuiġ mé, a Aṫair.
An tAbb.
Beannaċt ort, a ṁic ḃig.
An Laoċraḋ.
Beir buaiḋ ċaṫa agus ċosgarṫa, a Rí!
An Rí beag, iar ndul ar muin eiċ ḋó, do ġluaiseaċt ċum an ċaṫa, agus an laoċraḋ agus an ġiollarnaḋ uime. An tAbb, an Rí, na manaiġ, agus an ṁacraḋ ag féaċain orṫa.
An tAbb.
A Rí, do ḃronnas ort an tseod do b’uaisle dá raiḃ im’ ṫeaċ. Ba ġeal liom an leanḃ úd.
An Rí.
A ṡagairt, níor ġlacas riaṁ óm’ ḟó-ríġṫiḃ duais do ba ríoġaṁla.
An Ċéad Ṁanaċ.
Táid i láṫair an ċaṫa.
An tAbb.
A Ḋia láidir, láidriġ láṁ an leinḃ so. Daingniġ a ċos. Géaruiġ a ċlaiḋeaṁ. Go mbaḋ méaduġaḋ meanman agus árduġaḋ aigne ḋó glaine a ċroiḋe agus uṁlaċt a ṁeoin. A aingeala do rinne na príoṁ-ċaṫa, a ṡean-laoċraḋ Dé, déanaiḋ cró caṫa ina ṫimċeall agus caṫuiġiḋ roiṁe le lannaiḃ lasraċa.
Na Manaiġ agus an Ṁacraḋ.
Ámén, Ámén.
An tAbb.
A Ḋia, saor an cine so tré ċlaiḋeaṁ an leinḃ ionnraic.
An Rí.
Agus a Ċríost do céasaḋ ar an gcnoc, taḃair an leanḃ slán ó’n gcaṫ contaḃarṫaċ.
An tAbb.
A Rí, a Rí, ní ceannuiġṫear an tsaoirse aċt le mór-luaċ.
Buaḋḃall do laḃairt.
Tugtar tuarasgaḃáil an ċaṫa ḋúinn.
An Ċéad Ṁanaċ agus an Dara Manaċ do ḋul ar an múr.
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá an dá ṡluaġ ar aġaiḋ a ċéile.
Buaḋḃall eile do laḃairt.
An Dara Manaċ.
Binn sin! Sin é buaḋḃall an Ríoġ!
Gárṫa.
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá gárṫa os árd ag sluaġ an Ríoġ.
Gárṫa eile.
An Dara Manaċ.
Tá an naṁa ag á ḃfreagairt.
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá na sluaiġte ag dul i gcoṁḋáil a ċéile.
Ar Dara Manaċ.
Tá ina ṫroid eatorṫa.
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá ar muinntir ag géilleaḋ.
An Treas Ṁanaċ.
Ná habair sin.
An Dara Manaċ.
Mo ḃrón, táid ag géilleaḋ.
Buaḋḃall do laḃairt.
An Treas Ṁanaċ.
Binn sin arís! Ba ṫráṫaṁail do laḃrais, a ḃuaḋḃaill an Ríoġ!
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá meirge an Ríoġ ag dul sa gcaṫ.
An Dara Manaċ.
Ċím an Rí beag!
An Treas Ṁanaċ.
An ḃfuil sé ag dul sa gcaṫ?
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá.
Na Manaiġ agus an Ṁacraḋ (d’aon ġuṫ).
Beir buaiḋ ċaṫa agus ċosgarṫa, a Rí!
An Dara Manaċ.
Tá sé ina troid ṁaiṫ anois.
An Ċéad Ṁanaċ.
Do ráinig ḋá ḟairrge le ċéile ar an maiġ.
An Dara Manaċ.
Ḋá ḟairrge ḟraoċta!
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá fairrge ḋíoḃ ag tráġaḋ.
An Dara Manaċ.
An naṁa atá ag dul ar gcúl!
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá an Rí beag ag dul tríoṫa.
An Dara Manaċ.
Tá sé ag dul tríoṫa mar do-ġeoḃaḋ seaḃac tré ṁion-éanaiḃ.
An Ċéad Ṁanaċ.
Nó mar do-ġeoḃaḋ faol-ċú tré tréid ċaoraċ ar ṁaċaire.
An Dara Manaċ.
Mar ḃorḃ-ṡruṫ tré ḃearnain ṡléiḃe!
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá sé ina raon ruaṫair roiṁe.
An Dara Manaċ.
Tá seiseilḃe móra ins an gcaṫ. Tá sé ina ċasán ċoṁ-ġáireaċ roiṁ ṁarc an Ríoġ!
An Ċéad Ṁanaċ.
A ċinn órḋa os cionn an áir! A lann lonnraċ lán-áḋḃal an Ríoġ!
An Dara Manaċ.
Tá an naṁa ag teiċeaḋ!
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá buaiḋte orṫa! Tá buaiḋte orṫa! Tá sé ina ḋearg-raon ruaṫair! Déantar liḃ na gárṫa maoiḋte!
An Dara Manaċ.
Mo ḃrón!
An Ċéad Ṁanaċ.
Mo ḃrón, mo ḃrón!
An tAbb.
Céard sin?
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá an Rí beag ar lár.
An tAbb.
An ḃfuil an ḃuaiḋ aige?
An Ċéad Ṁanaċ.
Tá, aċt tá sé féin ar lár. Ní ḟeicim a ċeann órḋa. Ní ḟeicim a lann lonnraċ. Táṫar ag tógáil a ċuirp de’n ḃán.
An tAbb.
An ḃfuil an naṁa ag teiċeaḋ?
An Dara Manaċ.
Táid. Táid ag teiċeaḋ agus tá an tóir ina ndiaiḋ. Táid sgaipṫe. Táid sgaipṫe mar do sgaipfiḋe ceo! Nílid le feicsin ar an maiġ.
An tAbb.
A ḃuiḋe le Dia!
Cluintear caoineaḋ.
Do freagraḋ ṫú, a ġlóir uaṫḃásaiġ. A ṡean-eaċlaiġ, d’ḟreagair mo ḋalta.
An Treas Ṁanaċ.
Táṫar ag breiṫ ċugainn leinḃ ṁairḃ.
An Rí.
Aduḃairt sé gurab eisean do ċodlóċaḋ anoċt agus gur mise do ḋéanfaḋ faire.
Laoċraḋ do ṫeaċt ar an ḃfaiṫċe agus corp an Ríoġ ḃig ar ċróċar aca; bantraċt dá ċaoineaḋ. Leagtar an cróċar i lár na faiṫċe.
Ṫug sé mo ċlaiḋeaṁ ṫar n-ais ċugam. Do ċosain sé mo ṁeirge go maiṫ.
An tAbb (ag tógáil an ċlaiḋiṁ de’n ċróċar).
Beir leat an claiḋeaṁ.
An Rí.
Ní ḃéarad, aċt a ḟágáil aige-sean. Níor ċeart do Ríġ a ċodlaḋ do ḋéanaṁ gan claiḋeaṁ aige. Do ba Rí fíor-ċalma é so.
An claiḋeaṁ do ṫógáil a láiṁ an Abbaḋ do’n Ríġ agus a leagan ar an gcróċar arís. An Rí do ḋul ar a ġlúnaiḃ.
An Rí.
Uṁluiġim duit, a Rí ṁairḃ agus a leinḃ ḃuaḋaiġ; pógaim ṫú, a ġeal-ċolainn, ó’s í do ġlaine-se do ṡaor mo ṁuinntir.
Clár éadain Ġiolla na Naoṁ do ṗógaḋ ḋó. Tosnuiġtear ar an gcaoineaḋ arís.
An tAbb.
Ná caointear liḃ an leanḃ so, óir do ċeannuiġ sé saoirse dá ċine. Déantar liḃ na gárṫa maoiḋte agus cantar liḃ caintic ag molaḋ Dé.
Te Deum do ġaḃáil dóiḃ ag breiṫ an ċuirp isteaċ sa mainistir dóiḃ.