I n-ainm Dé,
Dar Críost a Aon-Ṁac,
Dar Muire a Ċaoṁ-Ṁáṫair,
Dar Pádraic Apstal Gaeḋeal,
Dar dílseaċt Ċuilm Ċille,
Dar clú ar gciniḋ,
Dar crú ar sinnsear,
Dar dúnṁarḃaḋ Aoḋa Ruaiḋ,
Dar bás truaiġṁéileaċ Aoḋa Uí Néill,
Dar oiḋeaḋ Eoġan Ruaiḋ,
Dar mian an tSáirséalaiġ le huċt a ḃáis,
Dar osna éagcoṁlainn an Ġearaltaiġ,
Dar créaċtaiḃ cróilinnteaċa Tone,
Dar fuil uasail Emmet,
Dar corpaiḃ an Ġorta,
Dar deoraiḃ deoraiḋe nGaeḋeal,
Do-ḃeirimíd na mionna do-ḃeireaḋ ar sinnsir
Go ḃfuasclóċaimíd do ġéiḃeann ar gciniḋ,
Nó go dtuitfimíd bonn le bonn. Ámén.