AR ṀÓR-ḊÁIL ĠAEḊEAL 31 MÁRTA, 1912
‘Mo ġráḋ siḃ, a ḟeara Éireann, d’ḟreagair an ċoṁġairm so in ḃur míltiḃ, ní heaḋ aċt in ḃur gcéadtaiḃ de ṁíltiḃ! Mo ġoirm siḃ tar fearaiḃ an doṁain ar ḃur ndílseaċt, ar ḃur ndóċas, ar ḃur ndian-ċoṁrac! A Ḋia na ḃfeart, naċ fada an cogaḋ againn é! Nár ṁór í ar ḃfoiġid! Nár ḃuan é ar misneaċ! Tá daoine ar an láṫair so ar cuiṁin leo oċt is ceaṫraṁaḋ milliún Gaeḋeal ar ṫalaṁ na hÉireann. Níl againn indiu aċt ceiṫre milliún agus a dtrian sin ceannuiġṫe ag Gallaiḃ. Aċt ní luġaide ar misneaċ an díṫ do ċuaiḋ orainn agus ní luġaide ar ndóċas na caṫa do briseaḋ orainn.
‘Músclaimís ar meanma arís. Tá oiread tréan-ḟear annso is do ċuirfeaḋ impireaċt Ṡasan ar neiṁní aċt iad do ḃeiṫ ar aon aigneaḋ agus iad do ċur ċuige i gceart. Níl uainn impireaċt Ṡasan do ċur ar neiṁní. Céard tá uainn? Tá, saoirse Ġaeḋeal. Ní ṫigimíd ar fad le ċéile i gcoṁnaiḋe. Ní ṫigimíd le ċéile i mion-neiṫiḃ. Is cuma sin. Táimíd ar fad ar aon aigneaḋ i dtaoiḃ an ṁéid so .i. go ḃfuil de ḋualgas orainn saoirse do ḃaint amaċ dár gcine ar ais nó ar éigin. Is leor sin.
‘Tá dream ḋínn do ḃeaḋ sásta ḃeiṫ fá ċeannus ríoġ Ṡasan aċt saoirse do ḃeiṫ againn in ar ḃfearann féin .i. gan Gaill ag cur isteaċ ar ġnóṫaiḃ naċ mbaineann aċt le Gaeḋealaiḃ. Tá an tÁrd-Ċoṁairleoir Cotton ar an dream sin de réir na cainnte do rinne sé annso. Tá dream eile ḋínn nár ċrom ar gceann agus nár ḟeac ar nglún riaṁ i n-ómós do ríġ Ṡasan agus naċ ndéanfaiḋ go deo. Táim-se ar an dara dream de’n dá ḋream sin mar is eol do ċáċ. Aċt ċítear ḋom gurab ámlaiḋ do ḃeinn ag déanaṁ feill ar mo ṁuinntir lá curṫa an ċaṫa muna ḃfreagróċainn an ċoṁġairm so indiu; óir is léir dom-sa go raċaiḋ an reaċt so atá ḋá ṁolaḋ ḋúinn i dtairḃe do Ġaeḋealaiḃ, agus go mbaḋ treise Gaeḋil ċum troda fá’n reaċt ioná ina éaġmuis. An té atá ar an intinn sin, ní ḃeaḋ ann aċt claḋaire muna dtiuḃraḋ a ċongnaṁ ċum an reaċta do ḃaint amaċ.
‘Ná tuigtear go ḃfuilim ag glacaḋ leis an reaċt roiṁ ré. Níl éinne ag glacaḋ leis an reaċt roiṁ ré. An té do ġlacfaḋ leis roiṁ ré, ní ḃeaḋ ann aċt amadán. B’ḟéidir go mbeaḋ orainn diúltaḋ do’n reaċt. Níl ḋá ráḋ againn indiu aċt go gcaiṫfear éisteaċt le glór Gaeḋeal feasta; go gcaiṫfear freastal orainne anois; go ḃfuil ar ḃfoiġid caiṫte. Tá Gaeḋil dá ḟógairt, agus ḋá ċéad míle ḋíoḃ ag laḃairt annso d’aiṫeasc aon duine, go ḃfuil saoirse uaṫa agus go ḃfuil fúṫa a baint amaċ de ḋeoin Dé.
‘Cuirimís le ċéile agus bainmís reaċt maiṫ de Ġallaiḃ. Is dóiġ liom gur féidir reaċt maiṫ de Ġallaiḃ. Is dóiġ liom gur féidir reaċt maiṫ do ḃaint díoḃ aċt ar ndóṫain ṁisniġ do ġaḃáil ċugainn. Agus má clistear orainn de’n dul so, tá dream i nÉirinn, agus táim-se ar ḋuine ḋíoḃ, ṁolfas do Ġaeḋealaiḃ gan dul i gcoṁairle ná i gcaidreaṁ le Gallaiḃ do deo arís, aċt iad d’ḟreagairt feasta le láiṁ láidir agus le faoḃar claiḋiṁ. Tuigeaḋ Gaill má fealltar orainn arís go mbéiḋ ina ċogaḋ ċraorag ar fud na hÉireann.’