(16 MÁRTA, 1912)

I n-Ainm Dé.

Áit do’n irisleaḃar so Baile Áṫa Cliaṫ Duiḃlinne. Aimsir ḋó an ḃliaḋain so d’aois an Tiġearna míle naoi gcéad agus a dó-ḋéag, agus indiu an seiseaḋ lá déag de ṁí na Márta. Luċt scríoḃṫa agus eagair ḋó drong ḃeag de Ġaeḋealaiḃ le n-ar ionṁuin a n-aṫarḋa agus le n-ar scorn a gceart dúṫċais do ḋíol. Fáṫ a scríoḃṫa agus a ċraoḃscaoilte do ċáċ ċum misneaċ Gaeḋeal do ṁúscailt.

Léiġtear isna laoiṫiḃ Fiannaiḋeaċta, an uair do ḃíoḋ caḃair na Féinne de ḋíṫ ar Ḟionn ar mbeiṫ ḋó i nguais nó i ngáḃaḋ, gurab é do-ġníoḋ an Barr Buaḋ go ġaḃáil ċuige agus a ṡeinnm go hárd ceolṁar ag gairm ċuige na Féinne as gaċ áird dá mbídís. Agus ar ċlos dóiḃ goṫa ġlan-ḃinn na haḋairce sin do ṫigeaḋ seaċt gcaṫa na Féinne agus seaċt gcaṫa na gnáṫ-Ḟéinne ina gcaṫaiḃ agus ina gcipíḃ agus ina mbuiḋniḃ beaga do ċaḃair a dtriaiṫ, agus ní stadaḋ cos díoḃ agus ní lagaḋ misneaċ aca go mbeiṫ dóiḃ ar aon láṫair timċeall Ḟinn. Is é baḋ ṁian linne de’n dul so .i. an ‘Barr Buaḋ’ so do ġaḃáil ċugainn agus a ṡeinnm os árd ag gairm ċugainn fuiġliġ Ġaeḋeal.

D’imṫiġ an Ḟiann agus slioċt na Féinne, agus is truaġ an t-iarrma d’ḟagadar ina ndiaiḋ. Dá seasfaḋ Fionn ar Alṁain Laiġean indiu nó ar ṁullaċ Beinne hEadair, agus an Barr Buaḋ do ṡeinnm aṁail do ṡeinneaḋ tráṫ, ní ḃfuiġeaḋ d’ḟreagra aċt búireaḋ bó ar ṁaġaiḃ Ó ḃFáilġe nó faoiḋ faoileáin os fairrge. Is ró-ḃaoġalaċ naċ ḃfuiġimíd-ne d’ḟreagair aċt na glórṫa balḃa céadna nó b’ḟéidir glórṫa níos baoiṫe fós. Aċt seinnfimíd an ‘Barr Buaḋ’ so bíoḋ naċ ḃfreagróċaiḋ an ċoṁġairm aċt duine.

Is aṁlaiḋ atá Gaeḋil na haimsire so agus a ḃfurṁór ceannuiġṫe ag Gallaiḃ. Ní heol dóiḃ gurab aṁlaiḋ atá, aċt is eaḋ. Táid tar éis a ndíolta féin ar ór agus ar airgead nó ar luaċ óir agus airgid. Tá an fear saiḋḃir tar éis é féin do ḋíol ar ṁórán, agus tá an fear daiḋḃir tar éis é féin do ḋíol ar ḃeagán. Do ḋíol duine aca é féin ar ḟeirm talṁan, duine eile ar ḃeart i seirḃís Ríoġ Ṡasan, duine eile fós ar ṡuim ḃig airgid gaċa seaċtṁaine, agus mar sin díoḃ. Is gairid go mbéiḋ gaċ fear foirḃṫe dá ḃfuil beo i gcríoċaiḃ Fáil fá ṫuarastal ag Gallaiḃ, agus gaċ sean-duine caiṫte ag glacaḋ pinsiúin. Cá ḃfeirrde Éire nó Gaeḋealtaċt Éireann an ní ar a dtugtar Home Rule do ḃronnaḋ ar ḋream atá ceangailte do Ġallaiḃ le slaḃraḋ óir?

Is baoġalaċ naċ saoirse atá ó n-a lán dá n-iarrann Home Rule, aċt síoṫċáin agus muinntearḋas le Gallaiḃ. Ní ṫuigid saoirse. Ní ṁianaid saoirse. Síoṫċáin atá uaṫa, agus saiḋḃreas. Na teaċtairí do raċaḋ ċuca dá ngairm ċum éirġe amaċ ag iarraiḋ saoirse, is é baḋ ḋóiċiġe ḋóiḃ an ní do ṫárla do na teaċtairíḃ do ċuaiḋ amaċ ag gairm ċum na fleiḋe na ndaoine do fuair cuireaḋ ó’n Tiġearna de réir mar léiġtear sa Soiscéal, .i. a ndiúltuġaḋ: ‘Do ċeannuiġeas fearann agus is éigin dom dul dá ḟéaċaint.’ ‘Do ċeannuiġeas cúig cuing do ḃeiṫiḋeaċaiḃ agus caiṫfead dul dá ndearḃaḋ.’ ‘Do ṗósas bean, agus ar an áḋḃar sin ní féidir liom teaċt.’

Tá drong ḃeag de Ġaeḋealaiḃ naċ ḃfuil ceannuiġṫe fós agus is ċuca sin atáimíd. An slaḃraḋ úd ar ar ṫráċtamar, is féidir a ḃriseaḋ. BRISTEAR ÓR LE hIARANN. Ró-ṁinic dár dtaoiseaċaiḃ ag molaḋ síoṫċána.