(23 MÁRTA, 1912)

Tá Éire i gconntaḃairt a díolta. Ní hé sin é aṁáin. Tá sí i gconntaḃairt a díolta agus gan aon dearḃaḋ againn go n-íocfar an luaċ airgid ar a ḃfuiltear agá díol. ‘Ná caiṫiḋ ċum na conairte mé,’ aduḃairt Parnell le Gaeḋealaiḃ, ‘go ḃfuiġiḋ siḃ an luaċ airgid ar a ḃfuil siḃ dom’ ḋíol.’ Níor éisteaḋ leis. Do caiṫeaḋ ċum na conairte é agus do stracaḋ ó n-a ċéile é. An luaċ airgid ar ar díolaḋ é níor fríṫ fós é. Is mairg do-ġní an t-olc agus ḃíos boċt ina ḋiaiḋ. Aċt ḋá uaṫḃásaiġe an ċoir do rinne Gaeḋil an t-am sin is baoġalaċ ḋóiḃ coir níos uaṫḃásaiġe do ḋéanaṁ anois. Do ḋíoladar a gcara an uair sin mar ċomaoin ar a naṁaid. Is é a n-anam féin atá ar an margaḋ de’n dul so agus cuid aca réiḋ ċum a ḋíolta ar ġeall naċ ḃfuil aon dearḃaḋ aca go gcoiṁlíonfar go deo é.

An dream úd atá agá ġaḃáil le n-a n-ais go mbéiḋ Gaeḋil dílis do ċoróin Ṡasan aċt Feis do ḃeiṫ aca fá ċeannus Feise Gall, ċítear ḋúinn go ḃfuilid ag díol cirt dúṫċais Ġaeḋeal i n-aisce. Aduḃramar, tá seaċtṁain ó ṡoin ann, gurab í coir Ésau do ḃí dá déanaṁ aca. Aċt níl ciall Ésau féin aca. Do ḋíol Ésau a ċeart dúṫċais ar ḃeagán broċáin. Do fuair sé an broċán agus do ḃí sáṫaċ sáiṁlíonta. Aċt ní heol d’éinne fós an ḃfuiġiḋ Gaeḋil an broċán ar a ḃfuilid ag díol a n-aṫarḋa. Nár ṫruaġ a gcás a gcás dá ḃfágfaiḋe gan ċlú gan ċuid iad?

Dá mbaḋ fíor go mbeaḋ Gaeḋil dílis do ċoróin Ṡasan aċt mion-Ḟeis do ḃeiṫ aca, níor ġáḃaḋ ḋóiḃ ḃeiṫ dílis roiṁ ré. Aċt ní fíor. Béiḋ cuid díoḃ dílis go deo fá mar atáid anois. Is dóċa go mbéiḋ a ṫuilleaḋ dílis an uair laiġeadóċar ar a leaṫtrom agus an uair ḃéas cuṁaċt agus saiḋḃreas aca. Aċt tá dream annso naċ mbéiḋ dílis do ċoróin Ṡasan go bruinn an ḃráṫa. Béiḋ an dream sin ag bailiuġaḋ Gaeḋeal n-óg ċuca ó ló go ló agus ó ḃliaḋain go bliaḋain. Má’s mar sin atá, ní ceart a ṁalairt do ċur ina luiġe orainn féin ná ar éinne eile. Ná ceilimís an ḟírinne dá ḃfuiġimís Éire air.

Tá gáḃaḋ le buiḋin Ġaeḋeal do ċosnóċaḋ oineaċ ar gcine sa gcaṫ atá roṁainn agus go mór-ṁór sa síoṫċáin ḃéas ann tar éis an ċaṫa má’s do Ġaeḋealaiḃ is treise sa gcaṫ. Do ċuirfimís trí ní mar ḋualgas ar a leiṫéid sin de ḃuiḋin dá mbeaḋ sí ann. An ċéad ní ḋíoḃ, luċt na Gaeḋilge do ḃailiuġaḋ do ċongnaṁ Gaeḋeal sa gcaṫ, óir is iad luċt na Gaeḋilge is dílse de ċlannaiḃ Gaeḋeal agus is iad is aoirde aigneaḋ agus is géire intinn dá maireann dár gcine. An dara ní ḋíoḃ, má cuirtear Feis ar bun in Éirinn, buiḋean Ġaeḋeal naċ ḃfuil ceannuiġṫe agus naċ féidir a gceannaċ do ḃeiṫ ar an ḃFeis sin ó ṫús, buiḋean ṡeasfar ar son cirt Ġaeḋeal i n-aġaiḋ Gall agus Gall-Ġaeḋeal na cruinne. Nó, an treas ní ḋíoḃ, má ṫeipeann orainn an Ḟeis sin do ḃaint amaċ de’n iarraċt so, Gaeḋil do ġairm ċum éirġe agus gan staonaḋ dá ngríosaḋ go mbéiḋ ina ċogaḋ ċraorag ar fud na hÉireann.

Dá mbeaḋ buiḋean dá laiġead ann agus iad ar aon aigneaḋ i dtaoiḃ an ṁéid sin baḋ tuar buaiḋte do Ġaeḋealaiḃ é.