Fá ċoill ní raġ’míd arís,
Aċt fanfaiḋ sinn cois teineaḋ,
A’s tráċtfaiḋ sinn go caoin
Ar an saoġal naċ dtillfiḋ tuilleaḋ.

Na coillte, táid go fiaḋain,
A’s garḃ tá na bealaiġ—
Fá ċoill ní raġ’míd arís
Aċt fanfaiḋ sinn ‘sa ḃaile.

Nuair do ḃíomar óg
Ḃíoḋ orrainn sóġ a’s sonas,
A Ḋe!—sé an bás an donas,
A’s tá sé ag an doras…
Fá ċoill ní ṫillfiḋ sinn beó,
‘Nois, nó go deó.