Mar linn go buarṫa ins an ġaoiṫ
A ṡéideas fuar gan sos gan scíṫ,
Bíonn duḃ de ġnáiṫ mo ċroiḋe,
Fá ġruaim gan suan ‘sa tsaoġal gan síoṫ.

Acṫ ar n-eírġe ciúin do’n aer
Is gearr go mbíonn an linn soilléir,
Bíonn, dá líonaḋ, ór ón spéir
Go scaoiltear ‘rís an ġlóir go géar.

Tig, corr-uair, ar mo ċroiḋe,
Driṫleóg ṡuaimnis, nóimeat scíṫ—
Cuiṁne úir ar Ṗárrṫas síoṫ’—
Aċt tric go mbuailtear é sa ġaoiṫ.