Óm sceol ar Árdṁaiġ Fáil ní ċodlaim oíċe,
’s do ḃreoiġ go bráċ mé dála a pobail dílis;
giḋ ró-ḟada ataíd ’na ḃfál le broscar bíoḃaḋ,
fá ḋeoiḋ gur ḟás a lán den ċogal tríoṫu.
A Ḟódla ṗláis, is nár naċ follas díḃ-se
gur ċóra tál ar ṡárṡlioċt ṁogail Ṁíleaḋ;
deor níor fágaḋ i gclár do ḃrollaiġ ṁín-ġil
nár ḋeolsad ál gaċ cránaċ coigríċe.
Gaċ treod gan tásc tar sáil dár ṫogair síneaḋ
go hórṡlioċt álainn ársa Ċoḃṫaiġ Ċaoilmbreaġ
is leo gan ġráscar láṁ ár ndona-ḃruíne,
gaċ fód is fearr dár n-áitiḃ eoċair-aoiḃne.
Atáid fóirne ag fás sa ċlár so Loġa líofa
dár ċóir ḃeiṫ tláiṫ, giḋ árd a rolla ag scaoileaḋ;
Síol Eoġain gan áird ’s an Tálḟuil boḋar-ċloíte,
’s na hóig ón mBántsraiṫ scáinte i gcoigríoċaiḃ.
Na tóisiġ ṫáisc ón Nás gan ḃogaḋ ḃrí-nirt
i ngleo ġéar ġáifeaċ lá na lonna-ḃuíne,
fá ṡróin an stáit ba ġnáṫ a gcogaḋ i ndíormaiḃ;
ní dóiḃ ba nár aċ cáċ gan ċoṁall dlí ar biṫ.
Dá mba beo árdḟlaiṫ Áine is Droma Daoile,
’s na leoin láidre ón Ṁáiġ do ḃronnaḋ maoine,
dar ndóiġ, níorḃ áit don táin seo in oscail Ḃríde
gan geoin is gárṫa ós árd dá dtoġail-díbirt.
Muna ḃfóire Ceárd na n-árd-reann pobal críoċ gCoirc
ar ḟórneart náṁad ndána n-ullaṁ ndíoltaċ
ní mór nárḃ ḟearr gan ċáirde a ḃfoscain-díoġlaim
’s a seolaḋ slán i ḃfán tar tonnaiḃ Ċlíoḋna.