A bhean lán de stuaim
coingibh uaim do lámh:
ní fear gníomha sinn,
cé taoi tinn dar ngrádh.

Féach ar liath dem fholt,
féach mo chorp gan lúth,
féach ar thraoch dem fhuil—
créad re bhfuil do thnúth?

Ná saoil mé go saobh,
arís ná claon do cheann;
bíodh ar ngrádh gan ghníomh
go bráth, a shíodh sheang.

Druid do bhéal óm bhéal—
doiligh an scéal do chor—
ná bíom cneas re cneas:
tig ón teas an tol.

Do chúl craobhach cas,
do rosc glas mar dhrúcht,
do chíoch chruinngheal bhláith,
tharraingeas mian súl.

Gach gníomh acht gníomh cuirp
is luighe id chuilt shuain
do-ghéan féin tréd ghrádh,
a bhean lán de stuaim.