Irisleaḃar na Gaeḋilge, Deireaḋ Fóṁair, 1895. Foilsiṫe le Eoin Mac Néill ina alt ‘Irish in the Glens of Antrim.’

I.

’A mbeiḋinn féin i nÁird í Cuain,
I n-aice an tsléiḃe úd tá i ḃfad uaim,
Buḋ annaṁ lium gan dul ar cuairt
Go Gleann na gCuaċ Dia Doṁnaiġ.
Cur-faoi.
Agus oċ oċ Éire ‘liug a’s Ó!
Éire, leann duḃ agus Ó!
‘Sé mo ċroiḋe tá trom, ‘sé brónaċ!

II.

Is iomḋa Nodlag ḃ’ agam péin
Ar a’ ḃeagan beagan céill’,
A’ riṫ ag iomáin ar a’ tráiġ ḃáin,
Mo ċaman bán in mo ḋórn liom.
Agus oċ oċ Éire, ⁊c.

III.

Naċ tursaċ mise annso liom péin,
Naċ n-air’im guṫ coiliġ, lon duḃ, ná tréiḋean,
A’s ċa n-air’im péin an Doṁnaċ!
Agus oċ oċ Éire, ⁊c.

IV.

A mbeiṫ agam péin aċt cóta a’s ráṁ
Ná go mbeiḋinn ag iomraṁ ar a’ tráġaḋ,
‘Dúil as Dia go sroiċfinn slán
Go ḃfuiġinn bás i nÉirinn!
Agus oċ oċ Éire ‘liuġ a’s Ó!
Éire leann duḃ agus Ó!
‘Se mo croíḋe tá trom, ‘sé brónaċ.