Uaigneach sin, toigh Chorra, a chait,
is uaigneach a bhfir ’s a mná,
is dá bhfaighdís ór is fíon,
cha dtig aon díobh i gcionn cháich.

I gcionn cháich cha dtig siad
ar ar cruthaíodh thiar is thoir;
ar ar cruthaíodh ó neamh go lár,
ionann sin is béasa an bhroic.

Béasa an bhroic bheith ’tochailt faoi
i ndorchadas oíche is lae;
ar ar cruthaíodh ó neamh go lár
i gcionn cháich cha dtig sé.

An tAmhrán

Ní hionmhain leis an rí-bhroc aoibhneas, aiteas, ná spórt,
ní hionmhain leothu saoi, draoi ná cumadóir ceoil,
ní hionmhain leotha Séamas caoch ná cuideadh Néill óig,
’s fanadh gach aon mar a mbéidh a’ tochailt an phóir!