Is fada mé ’mo luí i Lughbhaidh
’mo scraiste brúite, mo mhíle crá!
dúisíg’ is cruinníg’ na seabhaic lúfar’,
’s iomchraíg’ an t-úr-mhac go cuail na gcnámh.

Dís is ochtar a theastaigh uaim
’tá ’na luí go suaimhneach san mBaile Nua,
mar a bhfuil Mairghréad is Ruaidhrí ’s Brian mo chuallaí;
is déantar uaigh dhomh i ngar don triúr.

Síntear síos mé taoibh le Ruaidhrí
mar a bhfuil mo chuallaí, Brian Bán,
tá siad an dís ann ’na luí ar uaigneas
cuir idir fuacht mé is cor don gclár.

Cha bhíonn Róis ann nó an dá Éamonn,
is ar son Mhairghréada, char chlaonaigh a páirt;
tá an dá Bhrighid ann le taoibh a chéile,
’s cha bhíonn siad ag éad fá mo chur san áit.

Is iomaí petition a chuir mé scríofa
ó mo ghaoltaí go dtí mo pháirt,
’s ar ghrá na buime d’oil tú, a Chríosta,
ó’s leat-sa an díotáil, ná hagair cáin.

A Íosa mhilis, ná lig-se uait mé
mar dhream an uabhair chuaigh ort i dtréas,
nó le bunadh Ifrinn na ndrithleann gruama
ach tabhair m’anam suas leat go Flaitheas Dé.

Is iomaí cúirt agus caisleán láidir
’na raibh mé ag ráfladh ’s ag déanamh spóirt,
ach má théim go flaitheas, a Rí na nGrása,
cérbh fhearr ’mo thámh mé ná ag déanamh ceoil.

Cha ndearn mé aithreachas ariamh mar ’chóir domh
ach ag déanamh ceoltaí ar feadh mo shaoil;
ach anois ó tá mise tréith-lag breoite
a Dhia, déan trócaire ar Shéamas Chaoch.