B’ḟearr liom gearrán Ḃriain Uí Ḃeirn
Fúm dom’ iomċar ann gaċ ród
Ná a ḋéanaṁ leis mar níd na Goill
Ar sgála cruinn is iad ag ól.

B’ḟiúdaiġe liom-sa gearrán Ḃriain
Fúm ṫart ṫiar ’s amuiġ fán mBóinn
Ná ḋul dá ṁeasgaḋ ar eagán mias,
Fear dá ḋíol is dias dá ol.

Is iomḋa duine le’r cailleaḋ a ċiall
I mBaile Áṫa Ḟirdiaḋ ’s i mBaile Áṫa Truim:
Ní lia ná racán i mBaile Áṫa Cliaṫ
Ag ól fa ġearrán Ḃriain Uí Ḃeirn.

An tAṁrán.

Is iomḋa tiġearna, iarla is ridire árd,
Barún is biataċ, cliar is ministeair sáilm
Fán ngearrán sin Ḃriain le bliaḋain dá ṡlugaḋ ar clár,
‘S go gcaillid a gciall ag iarraiḋ coda de ’ḟaġáil.

Do buḋ é Punch ainm a ġearráin.