Fáilte ’on éan is binne ar chraoibh
labhras ar chaoin na dtor le gréin;
domh-sa is fada tuirse an tsaoil
nach bhfeiceann í le teacht an fhéir.
Cluinim cé nach bhfeicim a gné
seinnim an éin darb ainm an chuach,
amharc uirthi i mbarraíbh géag,
mo thuirse ghéar nach mise fuair!
Gach neach dá bhfeiceann cruth an éin,
amharc Éireann deas is tuaidh,
bláth na dtulcha ar gach taoibh,
is dóibh is aoibhinn bheith dá lua.
An tAmhrán
Mo thuirse nach bhfuaireas buaidh ar m’amharc d’fháil
go bhfeicinn ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás;
cuid de mo ghruaim—ní ghluaisim chun cruinnithe le cách
ar amharc na gcuach ar bhruach na coille go sámh.