Is ag an mBóinn do ġlacas gleóḋ, tráṫ sgar mé le fód Ċréaṁaoin,
Fearann tórrṫaċ an Ḃarúin Leoṁain, i n-aice an óird Ġaeḋealaiġ;
Toirḃir dóiḃ beannaċt fós, má’s do ḃeó Réaḋmonn,
Deiċ gcéad scór, is gan a ḃeiṫ i gcór, i gcoinne gaċ óg-ṁaiġdion.
I gCréaṁaoin ṫíos atá ’mo ḋiaiḋ aṁarc séiṁ fásaiġ,
Raḋarc réiḋ coilleaḋ ’s féir agus uisge tréan táṁaill;
Tá teas on ngréin, tuilte on Éirnne ⁊ breic ar léim a snáṁa,
Meiḋir ġéar ċon is gaḋar i dtús gaċ lae ar árd ann.
Raċad suas, glacam gruaim, i n-aice an ċuain ċéadfaiḋ,
Fiċe sluaġ do ḃeannaċt uaim i ḃfearann nuaḋ Ċréaṁaoin;
Is iomḋa buaiḋreaḋ orṫa ’s gruaim, o sgar mo ċuairt féin léi:
Bíonn raḃairt ruag ar laḃairt cuaċ, ⁊ ceileaḃar uaisle ag éanlaiṫ.
Is iomḋa seód annsa’ gCloiċ Nuaḋ ag an mbarún óg cráiḃṫeaċ,
Ní lia ná ceól a ṡeinnfear dóiḃ is imirt ṁeoir ar ċlársaiġ,
Deiċ gcéad córnn suiḋte ar bórd, líonta de ḃeóir Spáinneaċ,
Toġa gaċ seort sack le n-ól a ṡilfeas leó is fáilte.
Beir beannaċt uaim go hÁṫ an Uisge Ḟuair, mar a ḃfuil na mná uaisle is féile,
Céad slán don uair ar ġnáṫ mo ċuairt faoi áltáin uaigneaċ’ Ċréaṁaoin;
O d’árduiġios uaḃ fán nGálldaċt suas, mo ċáirde buan gur ṫréig mé;
Bíom lán den ngruaim, ’mo ṡáiṁ ’s ’mo ṡuan, ’s mé cráite buaiḋirṫiḋ tréiṫlag.
An uiṁir éisg an ḃarúin tséiṁ, is i Loċ na Séad atá sé,
Mar a ḃfuil na céadṫa d’ealaíḃ glégeal’ ar an aḃainn is iad ag snáṁa;
Ceileaḃar éan i mbarraiḃ géag ⁊ duilleaḃar go tréan ag fás ann.
Naċ truaġ don té tá ’sgarṁaint léi, ’s go ḃfuiġinn-se féin an tsláinte ann?
Is iomḋa búr i gConntae Luġḃaiḋ naċ seasann clú do ċéile,
A ḋruidfeaḋ a súile go daingion dlúṫ, nuair a ċífeaḋ siad ċuca mo leiṫid-se;
Ní mar súd a cleaċtaḋ daṁ-sa nuair a ḃí mé i ndúiṫċe Ċréaṁaoin,
Aċt ól gan diúltaḋ ar hallaíḃ cúnra, ⁊ clársaċ ċiuin ar ṫéadaiḃ.
’Sí dúiṫċe na fáilte, dúiṫċe na sláinte í, dúiṫċe naċ ndeárna díoġḃáil;
’Sí an dúiṫċe is feárr anns na cúigíḃ Gállda, dúiṫċe ṡálṁar ṡíolṁar;
Dúiṫċe na ndán, ’s dúil le n-a faġáil, dúiṫċe naċ dtárlann fiaḃrán―
Naċ duḃ-ċroiḋeaċ atáim, faoi smúid gaċ lá, fán dún ⁊ áille an ġrianáin.
Is binn guṫ loin os cionn na huaiṁe i gcoilltiḃ cnuḋ na n-éanlaiṫ,
’S naċ ḃfuil ponc den gceól naċ seinnfear leó ar ḃrainnsíḃ óga an ġrianáin;
Buḋ grinn a nglór i gceann gaċ neóin ’s ní buan mo ḃeó dá ḃféagṁuis
Ag burraiḃ na Bóinne go cinnte i mbrón, ’s mé líonta deórfaiḋ i ḃfiaḃrán.
Ar mo ṫriall ċum an dúin ’s ċum an ġárrḋa nuaḋ, mar ’ḃfuiġmuis áirní duḃa ’gus sceaċ-ċaoraí,
Measa cúnra ar ċrainnaiḃ dlúṫa, agus mil go ciuin ar ċuiseogaiḃ;
Loin gan smúid a’ seinm dúinn i dtús gaċ lae ar muċóiriġe―
Tá Ált na n-Uan, mo ċráḋ ’s mo ċuṁaiḋ! faoi ċoirce dlúṫ ag sgológaiḃ.