Tá an fóṁar dár dtréigḃeáil cúl feasta le féile
’s gan againn in’ éiric aċ fearṫainn is fuaċt,
’s an Geiṁreaḋ maol faofaiḋ ’teaċt ċugainn ’na ḋéiḋ sin
’sé lomas na géaga is ġní an raiṫneaċ rua;
ċuala mé aréir iad, is mo ċluas leo ag éisteaċt,
ceiṫre ráiṫe na bliana in iomarḃáiḋ ċruaiḋ;
ḃí an urraim dá hiarraiḋ lena taḃairt don té b’ḟéile
’s ċar uṁlaiġ aon acu an gift a ṫaḃairt uaiḋ.
(Laḃrann an nGeiṁreaḋ leis an tEarraċ)
Arsan Geiṁreaḋ go teann leis an Earraċ go fann;
‘Is tú an seargánaċ seang a lomas gaċ aon;
’s naċ ḃfuil tréiṫ lag nó fann ar an tsaol seo gan rann
naċ gceasnaíonn an ḟeall atá i gceartlár do ċroí;
luċt múċta is créaċta cuiriḋ an Márta san gcill iad
’s an t-eallaċ a ḃíos faon-lag go ḃfeannann sé iad;
’s, a ċreaċtóir, naċ teann tú ’s gan de ṫréarṫa agat len’ inseaċt
aċ an ċré ḃíos tú a ṫiontó, is ag síor-ċur an tsíl.’
(Laḃrann an tEarraċ leis an nGeiṁreaḋ)
‘A ċraosaire ḃréagaiġ a ḃfuil casaḋ in d’éadan
le feannaḋ, le faoḃar, le sioc is le fuaċt,
is tú ṁaslaíos gaċ aon ní dá ḃfuil ar an tsaol seo
’s ar áille na gréine go gcuirfeá droċ-ṡnua;
ċan uṁlaím go héag le mur ngaisce, ’s ċan éistim,
is mé saoṫróir an tsaoil-sean ’s a ċuireas go luaṫ;
níl sé faoi’n ġréin ar boċt mo léiṫid ḟéin a ṫeaċt,
’s gur i mbarraíḃ mo ġéaga a ġoireas an ċuaċ.’
(Laḃrann an Saṁraḋ leis an Earraċ)
‘Má’s tú ċuireas in am ċan tú ċóiríos an planda,
ḃeir bláṫ ar na haḃlaiḃ nó meas ar an gcraoiḃ,
ḃeir toraḋ na talún nó a líonas an t-arḃar,
ḃeir cná ar na coilltiḃ nó aon dada mar ġním,
Biḋ dealraḋ na gréine gaċ aon lá in m’éadan
An bile ’s an saṁaircín ’s an rós in mo ġruaiḋ;
’s gur i mbarraiḃ mo ġéaga ḃíos áras ag éanlaiṫ,
is le mo linn a ṫig féar agus bainne ċuig buaiḃ.’
(Laḃrann an tEarraċ leis an tSaṁraḋ)
‘Naċ cumasaċ stráiciúil tusa as an mbláṫ sin
a ṡeargas gan spás is a imíos le gaoiṫ,
is dá mbíoḋ ocras ar ċáċ ċa déanfaḋ sé sásaṁ
paṁsa den ḃláṫ sin ’ċur ċucu ’n áit bíḋ.
Do ṡoláṫar le ráiṫe ní ḃeaṫóḋ sé páiste
muna n-iṫeaḋ sé crág de ḃiolar ón díog;
a ċoíċe feasta ná tráċt-sa ar urraim do ḟaġáil
agus peice na sráide go ḃfágann tú daor.’
(Laḃrann an Geiṁreaḋ)
Ar an Geiṁreaḋ le hacfuinn: ‘Is mé is féile dá ḃfacṫas
is liom an urraim agus uṁlaíg’ in am;
a ndearn siḃ de ṫacar le bliain, is de ṡoláṫar,
le féile ’s le fairsingeaċt go scaipim gan ṁoill.
Ċa ḃím-sa mar an Earraċ, ag iṫe neantóg nó praiseaċ,
fear daoirse na bpeicí a dtig i scairt’ air gaċ am,
Fear faoḃraċ ag leagan a dtig i dtír de na measaiḃ,
ag iṫe sméar is min ġreadáin ’s gaċ trash dá mbíonn ann.’
(Laḃrann an Fóṁar)
‘Molaim do gaċ aon agaiḃ uṁlú ḋoṁ ḟéin,
’sé m’urraḋ-sa is féile ’s is fearúla gníoṁ;
is mé apaíos gaċ aon rud dá dtig isna réagúin,
a ḃaineas ’na ḋéiḋ sin ’s a ċruinníos go mín.
Mur mbeaṫa ’le go léir is agam atá a réime,
a ṡáḃáil do ċreaċtóir nó a ligean le gaoiṫ;
is mé ocróir an tsaoil-sean, in mo ċiste tá an saeiḃreas,
urraim ní ḟéadaim a ṫaḃairt do aon.’
(Laḃrann an File)
Tá an tEarraċ ag saoṫrú ’s ag déanaṁ an tsíol-ċuir,
agus síleann sé féin gurab aige ’tá an ḃuaiḋ;
an Saṁraḋ mar an gcéanna, ag cóiriú ’s ag líonaḋ,
’s an Fóṁar go faoḃraċ ag leagan le luas;
tá an Geiṁreaḋ liom craosaċ ag scabaḋ ’s ag scaoileaḋ,
’s gur i gceart-lár a ċroí ’stiġ a ṫigeas an fuaċt;
siúd ceist ar gaċ aon díḃ dá gcuala mo scéal-sa―
ceaṫrar ag bruín is cé hacu ṫug buaiḋ.