‘Ríġ-ḟear ceoil a ḃí ann ar ḃ’ainm dó an Dall Ṁac Cuarta. Duḃairt sagart éigin leis naċ gcuala sé maiṫeas ar biṫ ina ḋiaiḋ ariaṁ aċt ag deanaṁ rámáis. Ṫosuiġ an Dall annsin agus ċum sé an Dán Breac (.i. iomain). Nuair a ṫais’eán sé don tsagart e, duḃairt an sagart go raḃ se buiḋeaċ de agus go maiṫfeaḋ sé a dtearn sé ḋe ḋroċ-ċeoltaiḃ riaṁ.’
―Tomás O Corragáin.
Nár ċlaoite an fear Áḋaṁ le n-a ċlannaiḃ
Ag briseaḋ na haiṫne i ngáirlín Éden
No go dtainic Mac an Aṫara beannuiġ’e
A d’ḟuasgail as peannóid síol Éaḃa?
A d’ḟuasgail síol Éaḃa tairéis na deaṁain a ċlaoi,
Is iomad na gcréaċt re géar-arm gointe ’na ċlí.
Cia d’ḟulaingeaḋ an méid sin gan é ḃeiṫ coirṫeaċ sa ġníoṁ
Aċt an Mac so leis féin is féaċamaois anacair Íos’.
Anacair Íosa ’s a naoṁ-ṁáṫair Muire,
An dís a ḃeir sinne go párrṫas
’S do ṡaor sinne ó ṗiantaiḃ na teineaḋ
Fón mír sin do hiṫeaḋ le hÁḋaṁ.
An mír a d’iṫ Áḋaṁ, mo ċráḋ nár ḃ’aḃaill gan uḃall!
Sul far ṫuiteadar cáċ faoi smál an ṗeacaiḋ ar dtús,
Aċt a naoiḋe de ṡlioċt Ḋáiḃí, árd-réalt ṡoluis gan smúid,
Go dtugaiḋ tú fáilte ’measg gárdaí na n-aingeal ann do ḋúiṫċ’.
Dúiṫċe ann a ḃfoillseoċar na naoi ngráḋ;
Dúiṫċe na fáilte ar neaṁ na naoṁ;
Dúiṫċe gan ġorta, dúiṫċe gan ḟuaṫ;
Dúiṫċe gan ġruaim, gan toċt ar aon.
Gan toċt ar aon, gan ċíos, gan ċogaḋ, gan ḟuaṫ,
Aċt coraiḋ ġlan aingeal ar gaċ taoḃ ’s go maireann a luaḋ,
Ag molaḋ an ríoġ ré’ naoṁṫar neaṁ uaḋ gaċ tuaiṫ,
’S do ṫug aṁarc do Ṁaoise dár ṡíolruiġ ar astar anuas.
Anuas ó neaṁ do ṫug an Rí
An tslat do Ṁaoise is ḋá ċlár
Le gur ṫarraing an pobal trasna ṫríd
An Muir Ruaiḋ sleaṁain slán.
Mar do ṫug slán ón lán-ṁuir pobal Ṁic Dé,
’S gur léig sé sluaġ Phároah a ḃáṫaḋ ḃí ’g imṫeaċt ’na ndiaiḋ.
Guiḋiom-sa Aṫair na nGrás, ó ’sé ceann urra don ngréin
Go dtugaiḋ sé fáilte ’measg gárda na n-aingeal dúinn féin.
Go saoraiḋ tú sinne ó na holcaiḃ,
A Ṁic a ṫáinig ón ḃfocal ḋiaḋa,
’S ná léig ḋúinn tuitiom anns na loċtaiḃ,
D’eagla ḃeiṫ i ndoċar ag an diaḃal.
Tá’n diaḃal i láṫair gaċ tráṫ ag tollaḋ mo ċlí
Do mo ṫarraing do ġnáṫ as grásaiḃ ċum peacaiḋ ’na líon,
Aċt ó ṫeagṁuiġ mo náiṁde, gráḋ na mboċtaiḃ dá gclaoi
Agramuid páirt ar ḃáinrioġain ċoṫuiġ’e na naoṁ.
Coṫuġaḋ na naoṁ do-ní Muire,
An ríogain is gloine don mbanntraċt,
’S naċ ndeaċaiḋ aon neaċ go teaċ neiṁe
Go rug sise mac san am ceart.
Buḋ ró-ċeart an t-am do ḃainrioġain ċaṫruiġe na ndúil
An mac sin do ṡanntuġaḋ anall gan ṗeacaḋ gan drúis,
Go dtug sé as geall gaċ dream a ḃí coirṫeaċ san uḃall,
Dár saoraḋ ar ḋeaṁnaiḃ damanta ḃí toilteaċ an tnúṫ.
An tnúṫ rinne Lúcifer le Dia,
Olc a ċuaiḋ a-riaṁ dár ġlac a ṡeilḃ,
A ḃeiṫ i ndorċadas ag gul gan ḃiaḋ
’S i nduinnsiún na bpian faoi ḟeirg.
I ḃfeirg ’s i ḃfíoċ i bpríosun teasa ’gus fuaiċt
I n-eagla ’s i n-íot’, i bpiantaiḃ gorta ’gus fuaṫ,
’S i gcogaḋ go síorṫaiḋe i n-íoċtar ifrinn ó ṫuaiḋ
Gan aṁarc ar Ċríosd a ċoiḋ’e nó teaċtaireaċt uaḋ.
Gan teaċtaireaċt ó ċaṫair na n-órd
A ṫeaċt ’na gcaḃair ré beannaċt Dé,
’S gan ġrása aiṫriġe ar faġáil dóiḃ,
Is mairg níos mó naċ leanfaḋ an riaġail.
Naċ mairg a d’iarrfaḋ riaġail a ṡeasaṁ nár ċóir,
’S gan a ḃeiṫ ’nduinnsiun na bpian faoi ċian ’s ag sgreadaiġ go deoiḋ,
Gan imṫeaċt mar a d’iarr an triar, Maṫa, Marcus is Eoin,
Agus aiṫeanta Dé do riar agus textaiḃ Naoiṁ Póil.
Textaiḃ Naoiṁ Póil agus na n-easbal
A fuair an Eaglais ón bPápa;
Léiġ briaṫra Eoin Soisgealaiḋ is Ṗeadair,
Ó’s iad a fuair taisbeánaḋ na Páise.
Taisbeánaḋ na Páise i láṫair is foċmuid an tsluaiġ,
Agus allus an ġáirlín ċuir na frásaí fola dá ġruaiḋ;
Tarraing a láṁ re cnáib ar ċoluṁnaiḃ cruaiḋ’,
Agus maol-sgoiṫ na dtáirngí ċuaiḋ i gclár ġil ’oċta le fuaṫ.
Le fuaṫ cuireaḋ na táirngí maola
I gcúig caola caoṁṫala an Ṁic seo;
Is aṁlaiḋ do cuireaḋ air coróin spíne
Ar a raiḃ na mílte do ḋeilg niṁe.
Faoḃar na ndealg agus fearg na sleiġe ann a ṫaoḃ
Do cuireaḋ leis an Dall go teann ċum doċair ’na ċlí;
Na mílte luċt marḃṫa is arm ċum a ġointe ag gaċ aon
’S na sgiúrsaí garḃa dearga ón gcorcair-ḟuil Ríoġ.
Corcuir-ḟuil uasal an Ríoġ neaṁḋa
Ag tréatuirí fon talaṁ dá dórtaḋ,
’S an tAṫair síorṫaiḋe anuas dá n-aṁarc
Ag éisdeaċt le hanaoiḃ na hÓige.
Anaoiḃ na hÓiġe, is brónaċ tuirseaċ a díol,
Ag faicsin a hóig-ṁic ’na spólltaíḃ ag deaṁain dá ċlaoi,
Ag uṁluġaḋ dá ḋeoin faoi órdaiḃ Ṗiolóid do ḃí,
Agus Iúdás na póige ag treóruġaḋ feille ’gur fíoċ.
Le fíoċ a fuair Íosa gan toirmeasg
Ḃinéagar agus domblas i rioċt fíona,
Ar ċrann na croiċe ċum a ġearr-ḃáis
Buḋ leor a ṡeirḃe ċum cosg íota.
Dob’ olc an cosg íota do Ċríosd deoċ niṁe an ḃáis
’S a ċuid fola leis síos ar gaċ taoiḃ ’na dtuiltiḃ go tráċt
Cia d’fulaingeaḋ an ṗian so is aoiḃneas neiṁe aige ar faġáil
Ar son an ċine daonna, dá saoraḋ ar an gcoir a rinn Áḋaṁ.