Foilsithe i ‘An Claiḋeaṁ Soluis’, 10ú Márta, 1906.
Móra ḋuit, a ṫír ár ndúṫċais!
Dia dod’ ṡeolaḋ slán!
Moċean dod’ ḃeannaiḃ borba!
Moċean dod’ leaṫan-loċaiḃ!
Moċean dod’ aiḃniḃ is dod’ easaiḃ
Dod’ ṁóintiḃ is dod’ ṁáġaiḃ!
Is móra ḋuit, a ṫír ár ndúṫċais!
Go mairir-se go bráṫ!
Móra ḋuit, a áitreaḃ éigse!
Dia dod’ ṡeolaḋ slán
Aoiḃinn ceol do ċláirseaċ,
Aoḃinn ceol do ṡáṁ-ċrot,
Aoiḃinn do sgéalta is do ḋréaċta
Dá síor-ġaḃáil ag báird!
Is móra ḋuit, a áitreaḃ éigse!
Go mairir-se go bráṫ!
Móra ḋuit, a ḃuime laoċraiḋe!
Dia dod’ ṡeolaḋ slán!
Ag cosaint ċlú is oiniġ,
Ag cosaint ċrú do ċloinne,
Ag cosaint Ċirt ar éigean Nirt,
Níor stríocais fós do naṁaid!
Is móra ḋuit, a ḃuime laoċraiḋe!
Go mairir-se go bráṫ!
Móra ḋuit, a ṫír ár ndúṫċais!
Dia dod’ ṡeolaḋ slán!
An ḟaid ’s is buan do ḃeanna,
An ḟaid ’s gluaisfeas d’aiḃne,
An ḟaid ’s ṁairfeas féar is fearann,
Ní staonfam ó do ġráḋ!
Is móra ḋuit, a ṫír ár ndúṫċais!
Dia dod’ ṡeolaḋ slán!