Rann do rinneas in mo ċroiḋe
Do’n ridire, do’n árd-ríġ,
Rann do rinneas do mo ġráḋ,
Do ɼíġ na ríoġ, do’n tsean-ḃás:

Gile liom ‘ná soillse lae
Doirċeaċt do ṫiġe giḋ duḃ-ċré;
Binne liom ‘ná ceol na stoc
Ciúineas do ṫiġe ‘s a ṡíor-ṫost.