Níor cruinniġeaḋ liom-sa ór;
An clú do fríṫ liom, d’ḟeoḋ;
San ngráḋ do fuaras brón
Mo ṡaoġal do ṡeirg:

De ionnṁus ná de ġlóir
Ní ḟágfad in mo ḋeoiḋ
(Liom-sa, a Ḋia, is leor)
Aċt m’ainm i gcroiḋe leinḃ.