Cad ċuige ḋíḃ dom’ ċiapaḋ, a ṁiana mo ċroiḋe?
Dom’ ċiapaḋ is dom’ ṗianaḋ de ló is d’oiḋċ’,
Dom’ ḟiaḋaċ mar do fiaḋóċaiḋe fiaḋ boċt ar ṡliaḃ,
Fiaḋ boċt fad-tuirseaċ ‘s an ċonairt ina ḋiaiḋ?
Níl suaiṁneas dom’ ṗianas i n-uaigneas na gcnoc,
Aċt uall-ġáir na ḃfiaḋaiḋe go huaṫṁar le clos,
Uall-ġáir mo ṁian-sa dom’ ḟiaḋaċ gan spás,―
‘S a ċona craos-ḟiaclaċa, is fada ḃur rás!
Níl sásaṁ i ndán dom’ ṁianaiḃ lem’ ré,
Óir ní sásaṁ an sásaṁ do ṁianas indé,
‘S is cíocraiġe an ċonairt de’n tsásaṁ do fuair,―
‘S go síorraiḋe ní ċodlóċad go gcodluiġead san uaiġ.