‘NÍ FÉIDIR ḂEIṪ SÁṪAĊ SIMPLIḊE’
CÓṀAIRLE ‘AN ĊRAOIḂÍN’ DO LUĊT CEAPṪA DRÁMAÍ DO ḊAOINE ÓGA
LÁIṀ-LEAḂAR DRÁMUIḊEAĊTA
AISTE LEIS AN gCRAOIḂÍN AOIḂINN Í SEO―AN ĊÉAD AISTE DO SCRÍOḂ SÉ Ó DEINEAḊ UAĊTARÁN AR ÉIRINN DE. DO LÁIṀ-LEAḂAR DRÁMUIḊEAĊTA ATÁ DÁ ĊUR AMAĊ AG AN nDR. PROINNSIAS Ó SÚILLEAḂÁIN DO ĊUMANN DRÁMUIḊEAĊTA NA SCOL DO ĊEAP SÉ AN AISTE, AGUS ATÁ SÍ DÁ FOILLSIÚ ANNSO AGAINN-NE LE CAOIN-ĊEAD AN EAGARṪÓRA.
I gCEANN SEAĊTṀAINE NÓ MAR SIN A FOILLSEÓĊṪAR AN LÁIṀ-LEAḂAR SO AGUS, DAR nDÓIĠ, BEIḊ SÉ AR AN gCÉAD LÁIṀ-LEAḂAR DRÁMUIḊEAĊTA DAR CUIREAḊ AMAĊ SAN nGAEḊILG.
IS RÍ-ṠUIMIÚIL AGUS IS RÍ-ĊIALLṀAR AN ĊÓṀAIRLE DO ḂEIR AN CROIḂÍN DO LUĊT SCRÍOḂṪA DRÁMAÍ DO ḊAOINE ÓGA .i. GAN DUL RÓ-ḞADA AS BÓṪAR NA RUDAÍ gCOITĊEANTA A ḃFUIL EOLAS AG NA DAOINE ÓGA ORṪA AGUS, ṪAR GAĊ NÍḊ EILE AN ĊAINNT DO ḂEIṪ GO SIMPLIḊE. ‘ÓS CIONN GAĊ UILE RUD EILE DO ṀOLFAINN AN tSIMPLIḊEAĊT GO CEANN TAMAILL EILE,’ ARSAN CRAOIḂÍN.
An duine ar ṁaiṫ leis dráma do ċeapaḋ i gcóir na ndaoine óg, saoilim naċ ceart do dul ró-ḟada as bóṫar na rudaí gcoitċeannta a ḃfuil eolas ag na daoine óga orṫa.
Nuair a ḃí mé féin ag ceapaḋ mo ċuid drámaí fuair mé mianaċ gaċ cinn aca i nÉirinn féin, agus imeasc na ndaoine, aċ aṁáin ‘Pléascaḋ na Bulgóide,’ nuair a ḃí mé ag déanaṁ ball-ṁagaiḋ de Ċoláiste na Tríonóide, agus ‘Breiṫ Ċríosta.’ Aċt ṫuig gaċ aon duine an dráma deiriḋ sin, agus ṫug mé isteaċ ann ḋá scéal a ċuala mé go minic imeasc na sean-daoine―
(a) Scéal an rainn seo:
Bean ṁín agus fear borb,
Mac Dé i n-a luiġe sa gcolg; agus
(b) an-scéal eile sin i dtaoiḃ an ċrainn seilíní agus mar d’ísliġ sé é féin do Ṁuire.
Muna dTuigtear An Ċainnt―
Aċ na drámaí eile, ‘An Cleaṁnas,’ ‘An Tinncéar agus an tSiḋeóg,’ ‘Teaċ na mBoċt,’ agus ‘An Pósaḋ,’ is ó ġnáṫ-ṡaoġal na ndaoine a ṫáinig siad.
Nuair tarraingtear na drámaí as gnáṫ-ṡaoġal na ndaoine is cosaṁail go dtuigfiḋ an luċt éisteaċta an sórt cainnte atá ionnta. Muna dtuigeann siad an ċainnt tá gaċ uile ṡórt millte. Tiocfaiḋ na h-aisteoirí agus Gaeḋilg ḃreáġ i n-a mbéalaiḃ aca, agus ní tuigfear an Ġaeḋilg sin; agus nuair ná tuigfear, b’ḟearr dóiḃ ḃeiṫ i n-a dtost. Ní ḟeadaim ḃeiṫ ró-láidir ar an bpoinnte seo, agus muna mbéaḋ aċ aon ċóṁairle aṁáin agam le taḃairt do luċt ceapṫa agus luċt léiriġṫe drámaí buḋ é―TAḂAIR AIRE GO dTUIGTEAR ṪÚ. Is dóiġ go dtiocfaiḋ an t-am a mbeiḋ tuigsint níos fearr ar Ġaeḋilg na leaḃar, aċ ní ṫáinig sé fós.
Buaiḋ na Simpliḋeaċta
Nuair a ṫéiġeann luċt éisteaċta go dtí rud naċ dtuigeann siad, ní ċuireann siad suim ar biṫ ann; agus, rud is measa ’ná sin, cuireann sé déistin orṫa. Maidir liom féin, nuair léiġim píosa Gaeḋilge ar an bpáipéar, nó i n-aon áit eile, má ġeiḃim focal róṁam naċ ḃfaca mé riaṁ agus naċ dtuigim cuireann sé fearg orm. Agus deirim liom féin, ‘an biṫeaṁnaċ do scríoḃ sin nár ḟéad sé focal d’ḟaġáil ins an ngnáṫ-Ġaeḋilg go ṁíneóċaḋ sin? Naċ raiḃ fios aige go raiḃ daoine ann naċ dtuigfeaḋ an focal sin, nó an ráḋ sin? Cad ċuige, mar sin, nár ḟág sé soiléir é?’
Saoilim féin naċ féidir ḃeiṫ sáṫaċ simpliḋe i nGaeḋilg go fóill. Do réir mar ḃéasmuid (ḃeimíd) ag teaċt isteaċ ar ċainnt na leaḃar tuigfimíd an scríḃinn a ḃfuil cainnt na leaḃar innti, aċ os cionn gaċ uile rud eile do ṁolfainn an tsimpliḋeaċt go ceann tamaill eile.
Ceist na gCanaṁan
Ar ndóiġ tá deifriḋeaċt idir canaṁaintíḃ na gcúigí, agus ní furasta an mí-áḋ sin do réiḋteaċ. Aċ do ṁolfainn na focla naċ ḃfuil so-ṫuigṫe do ċáċ d’ḟáġáil amaċ, ċóṁ fada agus if féidir linn. Féaċ an focailín sin i dTír Ċonaill, ‘nó’―‘óir,’ nó an focailín ins na Déiseaċaiḃ ‘fé’―‘sul’ nó ‘sar.’ Is é is gnáṫ-ċiall do ‘nó’ an focal Béarla ‘or,’ agus is gnáṫ-ċiall do ‘fé’ an focal Béarla ‘under,’ agus daoine naċ ḃfuil eolas aca gurab ionann ‘nó’ agus ‘for,’ agus gurab ionann ‘fé’ agus ‘before,’ bainfiḋ na focla seo tuisle asta.
I n-aon ḟocal aṁáin is iad na rudaí do ṁolfainn do luċt ceapṫa drámaí do na páistíḃ―an so-ṫuigseanaċt agus an tsimpliḋeaċt i n-a gcuid cainnte agus an ġreannaṁlaċt i n-a gcuid scéal.