• Douglas Hyde
  • Shan Van Vocht
  • September 5, 1898

Tá an bheatha so chomh chiomhain,
Chomh diomhaoin díblidh,
Chomh measgtha ann ár sgála
Atá gáire agus caointe,
Agus sinn mar féilliocáin
I gcarcair gan bhrigh ar bith,
Ag bualadh ár sgiathan
Ar ár gcliabhán iarainn.

Tá an bheatha so chomh dona,
Mío-shona, aicídeach,
Chomh druidte, faisgthe, dúnta,
Chomh buaidheartha, buighdeach,
Chomh nimhneach agus chomh gearr,
Go mb’ fear a tréigint,
Acht, feuch an mis-ath,
Gan bás ni féidir.

AN CHRAOIBHIN AOIBHINN.