Do ṡiúlaiġ mise an Ṁuṁain ṁín
’s ó ċúinne an Doire go Dún na Rí;
mo ċuṁa níor briseaḋ cé’r ṡúgaċ sinn
go feicsint bruġ Ṫaiḋg an Dúna.
Do ṁeasas im aigne ’s fós im ċroí
an marḃ ba ṁarḃ gur beo do ḃí,
ag caraḃas macra, feoil is fíon,
punch dá ċaiṫeaṁ is branda.
Feoil de ḃearaiḃ is éanlaiṫ ón dtoinn,
ceolta ’s cantain is craos na dí,
rósta blasta ’s céir gan teiṁeal,
conairt is gaḋair is aṁastraċ.
Drong ag imeaċt is drong ag tíoċt
is drong ag reacaireaċt dúinn go binn,
drong ar spallmaiḃ úra ag guí
’s ag leagaḋ na ḃFlaiṫeas go ceansa.
Nó go ḃfuaras sanas ó aon de ċúirt
gurb é Warner ceannasaċ séiṁ glan suḃaċ
do ḃá sa mbaile ġeal aosta ċlúil,
flaiṫ nárḃ ḟann roiṁ ḋeoraí.
’S é Dia do ċruṫaiġ an saoġal slán
’s tug fial in ionad an ḟéil fuair bás,
ag riar ar ṁuirear, ar ċléir, ar ḋáiṁ,
curaḋ naċ falsa mórċroí.