Ár mbeannaċt ċugoiḃ, a Ṁeig Coċláin.
Do ġlacamar ḃar leitir acus is é ṫuigmíd uirre naċ ḃfuil agoiḃ gá ḋéanuṁ aċt millseaċt ḃriaṫar acus sínteóraċt aimsire. Ár gcuidne don áḋḃar cé bé duine naċ biaiḋ leinn, acus naċ gcaiṫfe ar son na córa, tuigmíd gur duine in ár n-aġaiḋ an duine sin. Dá ḃríġ sin, gaċ áit a ndéana siḃsi ḃar maiṫ féin, déanaiḋ ár n-olcne in méide go roiċfiḋ leiḃ do ḋéanuṁ de, acus doḋénaimne ḃar n-olcsa fá ár ndíṫioll maille toil Dé. Ag Cnoc Dupmainne, 6 Februarii, 1600.
Ó NÉILL