Mar do ċlóca molaim maiseaċt an tsaoġail seo,
Geal, ioldáṫaċ, id’ ṫimpeall, a Ríoġan.
Mar do ṡeóda molaim maraon na réilteann’
Ag lonnraḋ tríd do ḃláṫḟolt ṁín.

Gan tú ag siuḃal ann, ḃéaḋ an saoġal seo
Mar éadaċ caiṫte gan ṁaise gan ḃríġ
Ḃéaḋ mar seóda scaipṫe na réalta,—
A’s ḃéaḋ mé féin gan dúil san mbiṫ.